Ranganna sa scríbhneoireacht chruthaitheach – an fiú an tairbhe an trioblóid?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: An féidir scríbhneoireacht chruthaitheach a mhúineadh?

Ranganna sa scríbhneoireacht chruthaitheach – an fiú an tairbhe an trioblóid?

Tá cara agam a bhfuil spéis aici sa scríbhneoireacht chruthaitheach le fada an lá agus a thosaigh ag scríobh gearrscéalta tuairim is dhá bhliain ó shin. Tá cuid acu léite agam agus tá siad go maith; fuair sí aiseolas dearfach ó dhaoine eile freisin. Ach chonaic mé láithreach go raibh lochtanna teicniúla ina cuid scríbhneoireachta: fadhbanna le modh inste na scéalta, friotal nach raibh oiriúnach do roinnt de na carachtair, athrá gan chúis.

Mhol mé di freastal ar chúrsa scríbhneoireachta.

An féidir scríbhneoireacht chruthaitheach a mhúineadh? Ceist í sin atá á cur ó cuireadh an chéad chúrsa scríbhneoireachta riamh ar bun, is dócha. Táthar ann a déarfadh nach féidir, agus gur cur amú ama agus airgid iad ranganna dá leithéid: tá tallann ag duine nó níl tallann aige, agus d’fhoghlaimeodh ábhar scríbhneora pé scileanna teicniúla a theastódh uaidh ach saothair na máistrí móra a chuaigh roimhe a léamh.

Dar liom féin, áfach, gur bua í an scéalaíocht atá ag gach duine ó dhúchas, cosúil leis an siúl, agus gur féidir scileanna teicniúla na scríbhneoireachta a mhúineadh agus a fhoghlaim, cosúil le ceird ar bith. Go deimhin, is dóigh liom gur fiú go mór do scríbhneoir ar bith atá ag tosú amach freastal ar chúrsa scríbhneoireachta.

Tháinig pus ar mo chara nuair a dúirt mé an méid sin léi. Dúirt sí nach raibh sí réidh chun an chéim sin a thógáil.

Thuig mé céard a bhí i gceist aici. Bhí sí ag scríobh léi, bhí a cuid scéalta á dtaispeáint do chairde aici, fuair sí aiseolas dearfach uathu, agus ba leor di an méid sin. Bhí sí ar a sáimhín só. Ach dá dtabharfadh sí faoi chúrsa scríbhneoireachta, bheadh sé oifigiúil: duine a bheadh inti ar theastaigh uaithi a bheith ina scríbhneoir ach nár scríbhneoir í, i súile an tsaoil mhóir, toisc nár foilsíodh dán, scéal nó eile léi go fóill.

Ach bheadh na daoine eile sa rang sa bhád céanna.

Ní hiad na scileanna teicniúla a d’fhoghlaimeodh duine ar chúrsa scríbhneoireachta is tábhachtaí, dar liom, ach an teagmháil lena mhacasamhla féin: daoine atá díreach ag tosú amach i mbun pinn. Daoine a léireodh do dhuine nach é an t-aon duine amháin atá ag streachailt le haisling na scríbhneoireachta.

An lá cheana, fuair mé teachtaireacht ríomhphoist ó mo chara a chuir gliondar ar mo chroí.

Tá saoire scríbhneoireachta curtha in áirithe aici: seachtain ar an gcúlráid, í féin agus scata strainséirí ag tabhairt aghaidh ar an leathanach bán.

Fág freagra ar 'Ranganna sa scríbhneoireacht chruthaitheach – an fiú an tairbhe an trioblóid?'

  • Mise Áine

    @ ach an teagmháil lena mhacasamhla féin

    Aontaim leis sin, agus leis an méid atá ráite agat san alt seo, a chara. Maith thú!