‘Random Acts’ agus gníomhartha dóláis ar RTÉ do Sheachtain na Gaeilge, ach cad faoin gcuid eile den bhliain?

Is cancrán, ciotrúnta, tuathalach ná déanfadh fuinneamh agus dearcadh dearfach RTÉ i leith na teanga a mholadh. Is mór an trua, áfach nach mbíonn an fuinneamh agus an dearfacht chéanna le sonrú an chuid eile den bhliain…

‘Random Acts’ agus gníomhartha dóláis ar RTÉ do Sheachtain na Gaeilge, ach cad faoin gcuid eile den bhliain?

I bhfianaise a theirce is a bhíonn ábhar Gaeilge ar RTÉ luíodar amach orthu féin do Sheachtain na Gaeilge. Go deimhin cruthaíodh rannóg faoi leith ar an suíomh idirlín agus ar an seinnteoir le cláir/míreanna Gaeilge a bhailiú le chéile (is mór an trua nach bhfuil cló-aghaidh ann le haghaidh searbhais). I measc na saothar sin tá: Gioddaíup (clár faisnéise faoi bheirt mharcach ó Chorca Dhuibhne), Gliondar (clár faoi mhadraí caorach) agus Ó Bhéal go Béal (clár faoi dhaoine a bhailigh scéalta do Choimisiún Béaloideasa Éireann agus iad óg). Gan amhras craoladh an-chuid de na cláracha seo cheana agus is deacair éalú ón tuiscint go bhfuiltear ag iarraidh síoda a chur ar ghabhair. Pé acu scéal é, is é Random Acts as Gaeilge (RTÉ1, Déardaoin) an táirge úrnua is mó a bhfuil bús fé. Taibhsíodh dom nach gníomhartha fánacha as Gaeilge a bhí anseo ach gníomhartha dóláis don Ghaeilge ó RTÉ.  Smaoineamh cliste go maith a bhí ann sa tslí is gur seoladh 10 mír dhifriúil (tuairim is 2-4 nóimint ar fhad) le linn na féile ar an seinnteoir agus gur deineadh an t-ábhar sin a chnuchairt don chlár teilifíse.

Is saothar é seo atá dírithe go neamhleithscéalach orthu siúd ar bheagán Gaeilge, nó gan Ghaeilge, fiú. Léiríonn an chéad mhír ar líne é sin go paiteanta. Buaileann

an ceardaí Snapchat, James Kavanagh, leis an gcraoltóir Doireann Ní Bhriain, bean a aithneoidh mórán de phaisinéirí an Luas mar an té a bhíonn ag guthú na logainmneacha agus na bhfógraí. Gan amhras b’éigean dúinn an ceacht Gaeilge a fhulaingt agus Doireann bhocht ag múineadh do Shéamas gur féinín an Ghaeilge ar ‘selfie’.

Ba dheas agus ba chuí an t-aitheantas agus an léargas a tugadh ar fheiniméan na Gaeil Óga. Meascán mearaí ceart a bhí againn san iomlán: amhrán á aistriú go Gaeilge ag Maria Schaler, Óga Yoga, comhlacht léinteacha, cumann sléibhteoireachta, meitheal traenála as Gaeilge i gCorcaigh, Pop up Gaeltacht i mBaile Átha Cliath, turas Snapchat timpeall Bhéal Feirste agus teacht le chéile ilteangach atá bunaithe ar an bhfocal labhartha. 

Lena cheart a thabhairt don chnuasach, léiríonn sé cé chomh hilghnéitheach is atá pobal na Gaeilge mar aon leis an dua a chuireann daoine orthu féin í a labhairt agus a chur chun cinn. Ceann de na rudaí a rith liom agus mé ag féachaint ar na míreanna seo, an ceann faoin Pop up Gaeltacht go háirithe, ná na féidearthachtaí a sholáthraíonn na meáin shóisialta le pobal beag scaipthe a tharraingt le chéile go réchúiseach, éifeachtach.

Ós ag caint ar na meáin shóisialta mé cleas eile de chuid an stáisiúin a tharraing aird ná na físeáin de dhaoine cáiliúla ag cur díobh faoin nGaeilge as Gaeilge. Ina measc siúd bhí: Paul Galvin, Vincent Browne, Nadia Forde,

Paul Conroy, Éamonn Fitzmaurice, Ronan O’Gara. Ina theannta sin beidh dreasanna cainte ag leithéidí  Ray Darcy agus Marty Morrissey inniu.

Is cancrán, ciotrúnta, tuathalach ná déanfadh an fuinneamh agus dearcadh dearfach seo i leith na teanga a mholadh. Is mór an trua, áfach nach mbíonn an fuinneamh agus an dearfacht chéanna le sonrú an chuid eile den bhliain.

Fág freagra ar '‘Random Acts’ agus gníomhartha dóláis ar RTÉ do Sheachtain na Gaeilge, ach cad faoin gcuid eile den bhliain?'

  • Breandán de Leigh

    shíl mé gur ‘ féingraf ‘ an Ghaeilge a bhí ar ‘ selfie ‘ !