Ráiteas iomlán faoina éirí as le déanamh ag an Taoiseach tar éis na Féile Pádraig

Ag cruinniú de chuid pháirtí parlaiminte Fhine Gael anocht, dúirt an Taoiseach go bhfuil sé i gceist aige fógra cuimsitheach a thabhairt maidir lena imeacht nuair a fhillfidh sé óna chuairt ar Stáit Aontaithe Mheiriceá

Ráiteas iomlán faoina éirí as le déanamh ag an Taoiseach tar éis na Féile Pádraig

Tabharfaidh an Taoiseach Enda Kenny ráiteas críochnúil iomlán uaidh an mhí seo chugainn faoina bhfuil i gceist aige a dhéanamh maidir le héirí as an gceannaireacht.

Ag cruinniú de chuid pháirtí parlaiminte Fhine Gael anocht, dúirt an Taoiseach go bhfuil sé i gceist aige fógra cuimsitheach a thabhairt maidir lena imeacht nuair a fhillfidh sé óna chuairt ar Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ar an Uachtarán Donald Trump an mhí seo chugainn.

Beidh an Taoiseach sa Teach Bán ar an 16 Márta agus tabharfaidh sé dhá lá i Nua-Eabhrac ina dhiaidh sin.

Dúirt Teachtaí Dála de chuid Fhine Gael a bhagair rún mímhuiníne sa Taoiseach a chur faoi bhráid na Dála go sásódh a leithéid de ráiteas ó Enda Kenny iad, agus tuairiscíodh gur tugadh bualadh bos don Taoiseach ag an gcruinniú tráthnóna.

Tuairiscíodh leis gur óráid ghairid a thug an Taoiseach ag an gcruinniú agus nár lean aon díospóireacht a chuid cainte.

Meastar anois go bhféadfadh go bhfuil sé ar intinn ag Kenny seasamh ar leataobh go luath i mí Aibreáin, tráth a mbeidh an chéad Tionól de chuid an Aontais Eorpaigh faoin mBreatimeacht ar siúl.

Timpeall 20 lá a thógfaidh sé toghchán ceannaireachta Fhine Gael a reáchtáil agus bheadh Kenny fós ina Thaoiseach le linn an toghcháin sin.

D’fhágfadh sé sin go bhféadfadh go mbeadh sé fós ina Thaoiseach agus ar an 24 Aibreán, cothrom a lae breithe 66 bliain ó shin.

Má bhíonn sé fós ina Thaoiseach ar an 20 Aibreán, bheadh tréimhse níos faide caite aige in oifig an Taoisigh ná mar a chaith John A Costello, an Taoiseach is faide de chuid Fhine Gael a bhí ag an tír.

Maidir leis an mbeirt is mó atá á lua mar iarrthóirí ar phost Kenny, d’fhéadfadh gurbh fhearr a d’oirfeadh aon mhoilleadóireacht bhreise maidir le héirí as an Taoisigh do Simon Coveney ná do Leo Varadkar.

Tá Varadkar mar rogha na coitiantachta láidir go fóill don phost, agus meastar dá fhaide a bhíonn an tréimhse ‘idir-ríochta’ is ea is mó an deis a bheidh ag Coveney breith air.

Fág freagra ar 'Ráiteas iomlán faoina éirí as le déanamh ag an Taoiseach tar éis na Féile Pádraig'