FÍSEÁN: Caint Arlene Foster i leith na Gaeilge ‘maslach’ — an tAire Gnóthaí Eachtracha

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha go ‘leanfadh sé ar aghaidh’ ag tarraingt airde ar cheist an Achta Gaeilge agus é ag casadh le gach duine a mbaineann cur i bhfeidhm Chomhaontú Aoine an Chéasta leo

FÍSEÁN: Caint Arlene Foster i leith na Gaeilge ‘maslach’ — an tAire Gnóthaí Eachtracha

Bhí an chaint chonspóideach a rinne Arlene Foster i leith na Gaeilge ag seoladh fheachtais an DUP “maslach”, dar leis an Aire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan. 

Dúirt an tAire Flanagan sa Dáil inniu nach raibh aon ghlacadh aige leis na rudaí a dúirt ceannaire an DUP faoin nGaeilge agus faoi chainteoirí Gaeilge, agus dúirt sí go raibh an chaint sin “maslach” don Ghaeilge agus nach raibh sí ag teacht le prionsabail Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Chuir sé fáilte, áfach, roimh ráiteas eile a rinne Foster inar thug sí le fios gur chreid sí go raibh sé ‘de cheart’ ag daoine ‘an Ghaeilge a labhairt’.

Dúirt Flanagan go leanfadh sé féin agus an Rialtas orthu ag tarraingt airde ar cheist an Achta Gaeilge, chomh maith leis na gealltanais eile a tugadh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta agus Comhaontú Chill Rímhinn ach nár comhlíonadh fós iad. 

Mhaígh sé go gcaithfí meas a léiriú ar an éagsúlacht teanga agus ar an éagsúlacht chultúir agus iarrachtaí ar bun na gealltanais agus na spriocanna sin a bhaint amach.

Agus feachtas toghchánaíochta an DUP á sheoladh ar An Lorgain aici, dúirt Arelene Foster nach dtacódh sí go deo le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach mar choinníoll le hathbhunú fheidhmeannas Stormont i ndiaidh an toghcháin.

I ráiteas uaithi a chuir leis an aighneas ba chúis le titim Stormont, dúirt Arlene Foster nach ionann a cur chuige féin agus géilleadh do Shinn Féin ar mhaithe leis an bpáirtí sin a chur ar a suaimhneas.

Ag tagairt di do cheist an Achta Teanga, dúirt an t-iarChéad-Aire, “Má thugann tú bia do chrogaill, fillfidh siad arís agus arís eile ag iarraidh a thuilleadh”.

Dúirt sí le teann magaidh go mb’fhéidir gur chóir Acht Polainnise a thabhairt isteach chomh maith le hAcht Gaeilge “óir tá níos mó cainteoirí Polainnise i dTuaisceart Éireann ná mar atá cainteoirí Gaeilge”.

Deir ceannaire an DUP Arlene Foster ó sin nach bhfuil aon “naimhdeas” i gceist lena dearcadh i leith na Gaeilge agus go bhfuil sí i gcoinne Acht Teanga don Tuaisceart mar gheall ar an gcostas a bhainfeadh leis. Dúirt an t-iarChéad-Aire go raibh sé de cheart acu siúd atá “i ndáiríre” faoi lábhairt na Gaeilge an teanga a labhairt, ach mhaígh sí go raibh ceist pholaitiúil á déanamh de cheist na Gaeilge. Chuir an tAire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan, fáilte roimh an ráiteas sin.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Caint Arlene Foster i leith na Gaeilge ‘maslach’ — an tAire Gnóthaí Eachtracha'