Raic faoi chinneadh an Scottish FA Gáidhlig a chur ar leathanach Twitter

Lá na Gáidhlig atá ann ar Twitter inniu agus lá breithe Bhanríon Shasana atá ann chomh maith…

INPHO/Cathal Noonan
INPHO/Cathal Noonan

Tá sé ina raic ar na meáin shóisialta faoi chinneadh an Scottish FA sonraí a leathanaigh Twitter a aistriú do Lá na Gáidhlig.

Lá na Gáidhlig atá ann ar Twitter inniu agus mar cheiliúradh ar an méid sin, bheartaigh an Scottish FA sonraí a leathanaigh Twitter féin a aistriú go Gáidhlig don lá.

Faraor, mar a tharlaíonn go minic ar na meáin shóisialta, tá ciall chontráilte bainte ag daoine as an scéal agus cáineadh déanta ar an SFA as ucht an tvuít a sheoladh. Is é inniu lá breithe Bhanríon Shasana chomh maith agus tá daoine ann a gceapann go raibh uisce faoi thalamh i gceist le cinneadh an SFA an teachtaireacht Gháidhlig a chur amach.

Is é costas an tsaothair atá ag cur as do roinnt daoine eile agus iad ag tabhairt amach faoin méid airgid atá ‘curtha amú’ ar an dá abairt i nGáidhlig.

Ar an dea-uair, tá daoine ann leis an taobh eile den scéal a thabhairt. Dúirt roinnt daoine gur maith ann an t-aitheantas don Gháidhlig agus moladh acu don SFA.

Fág freagra ar 'Raic faoi chinneadh an Scottish FA Gáidhlig a chur ar leathanach Twitter'