FÍSEÁN: Radharcanna ‘eisiacha’ ó Star Wars ‘sceite’ ó Chorca Dhuibhne!

Chuir Pádraig Ó Dálaigh a scileanna ceamara agus eagarthóireachta ag obair chun físeán ‘eisiach’ de Star Wars i gCorca Dhuibhne a chruthú

StarWars Play

Tá fear de bhunadh Chorca Dhuibhne tar éis a chuid scileanna ceamara agus eagarthóireachta a chur ag obair chun físeán ‘eisiach’ de Star Wars i gCorca Dhuibhne a chruthú.

Bhí Pádraig Ó Dálaigh, a bhíonn ag cur físeán margaíochta le chéile leis an gcomhlacht Pac Web TV i dTrá Lí, ar cuairt ag teach a athar chríonna i nDún Chaoin i gCorca Dhuibhne nuair a bhí an scannánaíocht do Star Wars ar siúl ann.

Is garmhac é Pádraig leis an mbailitheoir clúiteach béaloideasa Seosamh Ó Dálaigh, a bhailigh cuid mhór den seanchas atá againn ó leithéidí Pheig Sayers.

Tá suim mhór ag Pádraig féin sa bhéaloideas agus an ‘scéalaíocht dhigiteach’ a thugann sé ar an obair a bhíonn ar bun aige féin agus a chol ceathrar, Diarmuid Ó Murchú. Sa tóir ar ‘bhéaloideas’ na linne seo a bhí sé nuair a chrom sé ar scannán beag dá chuid féin a dhéanamh sa cheantar ina raibh lucht Star Wars i mbun oibre le roinnt seachtainí anuas.

“Bím féin agus mo chol ceathrar ag plé le físeáin margaíochta agus tá an bogearra agus an trealamh go léir againn. Bhíos thiar ag tigh m’athar chríonna, Joe Daly, agus thosnaíos ag taifead ar an nGráig agus ag pleidhcíocht leis an mbogearra cumaisc atá agam. Píosa craic a bhí ann!

“Ábhar iontais dom ab ea an scannán mór seo suas an bóthar ón ‘Tigh Bán’, tigh m’athair chríonna. Theastaigh uaim rud éigin a dhéanamh chun an ócáid a mharcáil, agus toisc go raibh an bogearra gairmiúil le 3D modelling agam, dúras: dhera why not!,” arsa Ó Dálaigh le Tuairisc.ie.

Ní hé seo an chéad uair a chruthaigh sé físeán a bhí lonnaithe i gCorca Dhuibhne. D’úsáid sé radharcanna a ghearr sé ó Star Wars agus ón scannán Ryan’s Daughter le gearrfhíseán Kerry Wars a dhéanamh, ach ní raibh sé in ann é a chur ar líne mar sháraigh sé rialacha cóipchirt an tsuímh YouTube.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Radharcanna ‘eisiacha’ ó Star Wars ‘sceite’ ó Chorca Dhuibhne!'