Rabhadh tugtha ag an Aire Stáit Talmhaíochta d’úinéirí talún Chonamara maidir le tinte sléibhe

Tá an Roinn Talmhaíochta ag úsáid íomhánna satailíte le talamh a dódh go mídhleathach le cúpla seachtain anuas a aithint

Rabhadh tugtha ag an Aire Stáit Talmhaíochta d’úinéirí talún Chonamara maidir le tinte sléibhe

Tá scrúdú á dhéanamh ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar íomhánna satailíte den Chlochbhaile i gConamara agus súil acu tinte a lasadh go mídhleathach a aithint.

Tógadh cuid de na híomhánna satailíte seo sular thosaigh tine mhór Chonamara, tógadh tuilleadh acu agus an tine ar siúl agus tuilleadh eile fós nuair a múchadh an tine.

Dúirt an tAire Stáit Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle, inniu nach mbeidh úinéirí aon talamh a aithnítear sna híomhánna mar thalamh a dódh d’aon turas i dteideal íocaíochtaí faoi Scéim na mBuníocaíochtaí ná faoi scéimeanna eile.

“Tá mo roinn-se ag fiosrú gach dóiteán mídhleathach a tharla le deireanas agus íomhánna satailíte agus teicneolaíocht nua-aimseartha eile in úsáid. Ní ghlacfaidh mo Roinn leis an dó mídhleathach seo agus déanfar gach beart is gá a dhéanamh lena chinntiú go mbeifear ag cloí le coinníollacha na scéimeanna éagsúla atá maoinithe ag an AE. Beidh laghdú ar íocaíochtaí agus pionós eile i gceist nuair is gá,” a dúirt Doyle.

Ní ceadmhach fásra a lasadh idir an 1 Márta agus an 31 Lúnasa. Thug Doyle rabhadh d’úinéirí talún go bhféadfadh go mbeadh oifigigh a Roinne ag déanamh cigireachta ar thalamh a meastar a lasadh tine mhídhleathach air agus go bhféadfadh go ngearrfaí pionós ar úinéirí a rinne a leithéid.

Dúirt an tAire Stáit gur cheart d’úinéirí talún a chuir isteach ar Scéim na mBuníocaíochtaí cheana féin ach ar dódh a gcuid talún ó shin foirm iarratais leasaithe a chur faoi bhráid na Roinne agus an chéad iarratas a tharraingt siar le pionós a sheachaint.

Rinne an tine sléibhe ba mheasa le céad bliain scrios ar an gcoill ar an gClochbhaile i gConamara an tseachtain seo caite. Scriosadh os cionn 3,500ha coillte  agus talamh portaigh i gcaitheamh na gcúig lá a raibh an ceantar sin i gConamara ina thine dhearg.

Bhí idir 20 agus 30 tine shléibhe ar lasadh ar fud na tíre le linn dea-aimsir na seachtaine seo caite.

Le deich mbliana anuas, 11 cás ionchúisimh faoin Acht um Fhiadhúlra atá tugtha ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta i dtaobh tintreacha mídhleathacha.

Fág freagra ar 'Rabhadh tugtha ag an Aire Stáit Talmhaíochta d’úinéirí talún Chonamara maidir le tinte sléibhe'