Rabhadh ‘oráiste’ i bhfeidhm do chúig chontae Gaeltachta agus ‘Brian’ ag teacht ag fuadach i ndiaidh ‘Ophelia’

Tá Múscraí agus Oileán Chléire fós ag teacht chucu féin i ndiaidh stoirm Ophelia agus rabhadh ‘stádas oráiste’ eisithe ag Met Éireann don deireadh seachtaine do sheacht gcontae

Rabhadh ‘oráiste’ i bhfeidhm do chúig chontae Gaeltachta agus ‘Brian’ ag teacht ag fuadach i ndiaidh ‘Ophelia’

Tá rabhadh ‘stádas oráiste’ eisithe ag Met Éireann do sheacht gcontae, cúig chontae Gaeltachta in measc, an deireadh seachtaine seo agus Stoirm Brian ag teacht sna sála ar Ophelia.

Tá an rabhadh eisithe do chontaetha na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Chorcaí, Ciarraí, Phort Láirge, an Chláir agus Loch Garman agus beidh sé i bhfeidhm ar feadh an lae Dé Sathairn.

Táthar ag tuar séideáin ghaoithe chomh láidir le 130km/h ach is é 65-80km/h an meánluas a bheidh ag an ngaoth le linn na stoirme. Tá an baol ann freisin go mbeidh tuilte i gceantair cois cósta agus an Stoirm Brian ag dul soir trasna na tíre.

Beidh ‘stádas buí’ i bhfeidhm don chuid eile den tír ar feadh an lae Dé Sathairn freisin agus go leor báistí tuartha mar gheall ar an stoirm.

Tá 74,000 teaghlach agus gnólacht gan chumhacht fós mar gheall ar an damáiste a rinne Ophelia Dé Luain agus meastar go gcuirfidh an stoirm eile seo isteach ar iarrachtaí an BSL an chumhacht a thabhairt ar ais. Ba cheantair in oirdheisceart na tíre is measa atá buailte ag Ophelia ó thaobh cúrsaí leictreachais de.

Tá obair fós ar bun ag an Ionad Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí le seirbhísí uisce agus leictreachais a thabhairt ar ais agus le crainn a leagadh a ghlanadh de bhóithre i ndeisceart na tíre.

Bhí rabhadh ‘dearg’ i bhfeidhm ar feadh an lae Dé Luain nuair a tháinig Ophelia aniar ón Atlantach agus rinneadh go leor damáiste i ndeisceart na tíre.

Tá Gaeltacht Mhúscraí agus Oileán Chléire i gContae Chorcaí ar na ceantair is measa atá buailte ag Ophelia agus tá iarrachtaí ar bun sa dá cheantar bóithre a dheisiú agus an chumhacht thabhairt ar ais.

Bhí suas le 700 foirgneamh gan chumhacht i Múscraí i gcaitheamh na seachtaine agus dúnadh roinnt monarchan agus siopaí dá bharr. Cuireadh isteach ar sholáthar uisce sa cheantar Gaeltachta freisin.

Fág freagra ar 'Rabhadh ‘oráiste’ i bhfeidhm do chúig chontae Gaeltachta agus ‘Brian’ ag teacht ag fuadach i ndiaidh ‘Ophelia’'