‘Queen of Ulster’ déanta de Bhanríon Uladh ag an Aire McIlveen

Dúirt an tAire McIlveen gur athainmníodh bád de chuid a Roinne toisc go bhfuil ‘féiniúlacht nua’ ag an Roinn Talmhaíochta agus go bhfuil ‘polasaí aonteanga’ á chur i bhfeidhm aici

‘Queen of Ulster’ déanta de Bhanríon Uladh ag an Aire McIlveen

Tá ‘Queen of Ulster’ déanta de ‘Bhanríon Uladh’ agus cinneadh déanta ag an Aire Talmhaíochta Michelle McIlveen (DUP) “polasaí aon teanga” a Roinne a chur i bhfeidhm ar bháid.

Dúirt an tAire McIlveen gur athainmníodh an bád, ‘Banríon Uladh’, ar lena Roinn é,  toisc go bhfuil “féiniúlacht nua” ag an Roinn Talmhaíochta.

Tá ainmneacha Gaeilge fós ar roinnt báid bheaga de chuid na Roinne a bhíonn ag plé le huiscebhealaí intíre.

Is Roinn nua í an Roinn Talmhaíochta, a tháinig ar an bhfód tar éis thoghchán Stormont na bliana seo, agus mhaígh an tAire go raibh “gá le hathruithe a dhéanamh” ar shócmhainní a bhí á n-aistriú go dtí an Roinn nua.

“Is Roinn nua í an Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe, agus is Roinn í a bhfuil féiniúlacht nua, lógó nua agus polasaí aonteanga aici,” a dúirt sí.

Ceannaíodh Banríon Uladh in 2010, nuair a bhí Aire de chuid Shinn Féin i bhfeighil na Roinne, an tAire Michelle Gildernew. Ba í Gildernew a bhaist Banríon Uladh uirthi an uair sin.

Nuair a cheistigh Catherine Seely, comhalta eile de chuid Shinn Féin, an tAire McIlveen faoin bhfáth ar athraíodh ainm an bháid agus an costas a bhain leis an athrú, thug an tAire le fios gur athraíodh an t-ainm le linn athfheistiú a rinneadh ar an mbád cúpla seachtain ó shin. Dúirt sí go raibh “deisiú agus athphéinteáil” ‘bhliantúil’ á dhéanamh ar an mbád nuair a cuireadh an t-ainm Béarla uirthi.

Bhain conspóid le hainm an bháid ón gcéad lá riamh. Nuair a tugadh ainm Gaeilge uirthi in 2010, mhaígh comhalta de chuid an DUP, Stephen Moutray, go mbeadh sé deacair an bád a aithint i gcásanna éigeandála agus go gcuirfeadh sé isteach ar an gceart atá ag an gcriú a bheith ag obair in “ionad neodrach oibre”.

Dúirt Aire na linne, Michelle Gildernew, nach raibh san ainm ach maisiúchán agus go n-úsáidtear glao-chód an bháid i gcásanna éigeandála. Thagair sí freisin do threoracha Choimisiún an Chomhionannais ina ndeirtear nach gcuireann teangacha nach Béarla iad isteach ar “thimpeallacht mhaith, chairdiúil oibre”.

Níor tugadh ainm Gaelach ar an long nua de chuid Chabhlach na hÉireann, LÉ William Butler Yeats, a seoladh níos túisce i mbliana. Ba í an tríú long de chuid an Chabhlaigh a ainmníodh as scríbhneoirí Éireannach, i ndiaidh an LÉ Samuel Beckett agus an LÉ James Joyce.

Agus scéal na loinge LÉ William Butler Yeats á fhógairt aige dúirt an tAire Cosanta ag an am, Simon Coveney, go bhfágfadh na hainmneacha Béarla go dtabharfaí “aitheantas níos mó do longa ár gCabhlaigh i gcalafoirt thar sáile”.

Bunaíodh an tSeirbhís Chabhlaigh sa bhliain 1946 agus bhíodh an nós ann na longa a ainmniú i ndiaidh mhná na miotaseolaíochta Ceiltí. Ba iad an LÉ Cliona, LÉ Maev agus LÉ Macha na chéad trí long a bhí ag an tSeirbhís. Tugadh ainmneacha Gaelacha ar gach long ina dhiaidh sin go dtí an bhliain 2014 nuair a baisteadh an LÉ Samuel Beckett ar long nua.

Fág freagra ar '‘Queen of Ulster’ déanta de Bhanríon Uladh ag an Aire McIlveen'

  • pleidhce

    I gcuntais dílis Dé! Cén sort alfraitsíochta é seo? Tabhair ‘Bits Uladh’ uirthi agus fág mar sin é! Cumhdóidh an ainm sin an bád agus an tAire!

  • Fearn

    Banríon Shasana agus na cúpla focal aici, agus Banríon Uladh agus na cúpla focal bainte di.

    “Wow” mar a dúirt banríon (roimhe seo ) Phblacht na hÉireann !

  • padraig

    slighbhin/slibhin lch 1055 Focloir Ui Dhuinnin=a sly-mannered person (McIlveen?)
    Ni i bhfad on gcrann a thit an t-ull airithe sin!

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Go sábhlaí muid! An DUP beagintinne leis an ‘aonteanga’. An dtuigeann an bhean seo an ciall atá lena hainm féin?? Na taoisigh beaga seo ag dul thart i gcoircail agus ag cuir amú airgid.

    ‘…go mbeadh sé deacair an bád a aithint i gcásanna éigeandála’ Eh? Is bád atá ann!!

    Agus maidir le Cabhlach na hÉireann, cad chuighe nár tugadh ainmneacha laochra Éirí Amach 1916 orthu??? Níos fearr na Yeats, Beckett agus Joyce (raibh Gaeilg ar bith acu seo??). Is gairid go mbeidh an LÉ Bono againn!!!