Proinsias Ó Mianáin, duine de mhórghníomhaithe teanga na hÉireann, ar shlí na fírinne

Bhí Proinsias Ó Mianáin ar dhuine de bhunaitheoirí an ghrúpa teanga Cearta Gael sna seachtóidí

Proinsias Ó Mianáin, duine de mhórghníomhaithe teanga na hÉireann, ar shlí na fírinne

Tá Proinsias Ó Mianáin, duine de mhórghníomhaithe teanga na hÉireann, tar éis bháis.

Ní raibh an tsláinte go maith ag Proinsias le cúpla bliain anuas.

Bhí Proinsias Ó Mianáin ar dhuine de bhunaitheoirí an ghrúpa teanga Cearta Gael a d’éiligh oideachas iomlán Gaeilge sa Ghaeltacht chomh maith le Gaeilge amháin ar chomharthaí bóthair sa Ghaeltacht.

Chuir sé in aghaidh úsáid an Bhéarla san Aifreann i gCnoc Fola i nGaoth Dobhair i 1984.

Clódóir as cathair Dhoire a bhí i bProinsias Ó Mianáin. Luath ina shaol a sheas sé den chéad uair ar son a chearta teanga nuair a cuireadh go príosún i mBéal Feirste é i 1957 as diúltú Béarla a labhairt leis na fórsaí slándála a stop é. I ndiaidh ceithre bliana déag i mBaile Átha Cliath, bhog sé go Gaoth Dobhair i 1973 lena chlann a thógáil sa Ghaeltacht

Bhunaigh sé féin agus daoine eile Cearta Gael – grúpa a d’úsáid picéid shíochánta mar mhodh agóide. D’éiligh siad cearta teanga san oideachas, sa dlí, sa chóras sláinte agus ón chléir Chaitliceach.

I 1978 i gcúirt dúiche ar An Bhun Bheag i nGaoth Dobhair d’éiligh Ó Mianáin go n-éistfí cás a bhain leis i nGaeilge gan ateangaire. Chaith an Breitheamh John Clifford an cás amach. In achomharc in éadan an chinnidh sin i gCúirt Chuarda Leitir Ceanainn, chaith an Breitheamh David Sheehy amach arís an cás agus chuir sé Ó Mianáin go príosún as díspeagadh cúirte. Níos déanaí dearbhaíodh in ordú Ardchúirte go raibh an phríosúntacht sin míbhailí.

Ó shin ar aghaidh chuir Proinsias Ó Mianáin agus Cearta Gael picéid ar dheich gcúirt de chuid an Bhreithimh Sheehy mar chuid d’fheachtas in éadan cúirteanna Gaeltachta a bheith i mBéarla amháin.

Sna hochtóidí fosta bhí sé páirteach i bhfeachtas comharthaí bóthair a bheith i nGaeilge amháin sa Ghaeltacht i gContae Dhún na nGall. Le linn an fheachtais, scriosadh suas le 300 comhartha bóthair a bhí i mBéarla amháin.

I mí iúil 1984 chuir Proinsias Ó Mianáin in éadan chinneadh an Athar Michael Sweeney Béarla a úsáid san Aifreann i dteach pobail Chnoc Fola i nGaoth Dobhair.

Chruthaigh an agóid san Aifreann seo cuid mhór teannais san áit idir daoine a thacaigh leis an mhodh agóide agus iadsan nár thacaigh. Le linn an fheachtais, chuir roinnt daoine cosc ar Phroinsias dul isteach san Aifreann.

Tharraing an scéal aird náisiúnta ar an cheantar. Rinne daoine áirithe ionsaithe ar áiteacha cónaithe Uí Mhianáin agus cairde leis. Ansin i mí Dheireadh Fómhair tugadh Ó Mianáin chuig an ospidéal i ndiaidh ionsaí a rinneadh air – ionsaí ar  admhaigh triúr fear níos déanaí i gcúirt Dúiche an Chlocháin Léith gurb iadsan a rinne é. I ndeireadh na míosa sin d’fhág sé féin agus a chlann Gaoth Dobhair le dhul a chónaí i nDoire.

In Eanáir 1985 ghearr an breitheamh John Neilan sa chúirt dúiche ar an Bhun Bheag mí i bpríosún air as cur as don aifreann i gCnoc Fola chomh maith le trioblóid agus fearg a chur ar an Athair Michael Sweeney.

Chuir Ó Mianáin tús le stailc ocrais nuair a tugadh go príosún é agus é ag éileamh go ndearnadh éagóir air agus go scaoilfí saor é.

Bunaíodh coiste náisiúnta tacaíochta dó agus d’éiligh eagraíochtaí éagsúla cearta daonna go scaoilfí saor é. Coicís a chaith sé sa phríosúin nó gur ordaigh an Ardchúirt é a ligean saor.

I nDoire a chaith Proinsias Ó Mianáin an chuid dheireanach dá shaol. Maireann a bhean, Róis, agus ceathrar clainne, Pádraig, Róisín, Nóirín agus Gearalt.

Fág freagra ar 'Proinsias Ó Mianáin, duine de mhórghníomhaithe teanga na hÉireann, ar shlí na fírinne'

  • Séamus mac seáin

    Fear dílis dá thír agus dá theanga. Go raibh suaimhneas síoraí ag an fhear uasal

  • Nóilín Nic Bhloscaidh

    Grásta ó Dhia ar a anam uasal Gaelach. A Mhuire na nGael guigh air.

  • Lillis Ó Laoire

    Go ndéana Dia a mhaith ar Phroinnsias

  • Maolcholaim Scott

    Ba é an gaiscíoch é. Na ceisteanna ba mhian le daoine eile a sheachaint, níor sheachain sé iad de thairbhe Gaeilge de agus de thairbhe polaitíochta agus seiceachais chomh maith. Ba mhian leis go mbeadh bealach chuig an Ghaeilge agus chuig tobar na Gaeilge ag an uile dhuine. Agus é ag dul anon in aois, is iomaí Domhnach a thug sé féin agus Róise turas fada orthu féin go Bhéal Feirste agus air ais chuig seirbhísí An Tor ar Lasadh, grúpa preispitéireach & éacúméinéach. Táimid faoi chomaoin mhór ag an lánúin dhílis seo. D’fhág Proinsias oidhreacht ina dhiaidh. Comhbhrón ó chroí lena mhuintir agus solas na bhFlaitheas dó féin Go maire sé go brách i ngrá Dé.

  • Réamonn Ó Ciaráin

    Fear uasal, cróga a sheas an fód don Ghaeilge i gcónaí – fear a thaisteal ar fud na tíre le cás na Gaeilge a chur chun cinn – bhí cnámh droma láidir i bProinsias maidir le ceist na Gaeilge gan dabht. Suaimhneas síoraí ar a anam uasal: Comhbhrón ó chroí lena mhuintir go léir.

  • Gaelán Ó Comáin

    Mianánach mise fosta, ach abé Prioinsias, cha bheadh a oiread is focal amháin Gaeilge agam. Tá sé ar shiúl na bhaile ar shlí na fírinne

  • Dónall Ó Cnáimhsí

    Rinne se a dhícheall tabhairt ar mhuintir Ghaoth Dobhair, seasamh ar son a dteanga agus a gcéarta. Cuis náire duinn nár lean an pobal é, cúis bróid duinn anois go raibh a leitheád againn ar feadh séal.

  • Liam Mac Lochlainn

    ‘Tá dea-throid curtha agam, tá mo chúrsa rite agam, níor fhaill mé ar an chreideamh.’Fear uasal cróga, Gael go smior. Suaimhneas síoraí dá anam.

  • Mícheál Mac Aonghusa

    Bhí an suaimhneas tuillte aige.

  • Fiachra O Donghaile

    Fathach na Gaeilge a sheas an fód go cróga calma agus é ag dul I ngleic de shíor leis an éagóir. Is iomaí duine a spreag sé agus a líon sé le tinfeadh, ar dheis an té is airde go raibh a anam

  • Fearn

    Ar dheis Dé go raibh sé