Príomhroinn Shasana: Séasúr nua, an scéal céanna?

Agus tús á chur inniu le cluichí na Príomhroinne i Sasana caitheann Cillian Ó Conchuir, Pádraic Ó Ciardha agus Daragh Ó Conchúir suíl ar a bhfuil amach romhainn

Jose Mourinho manager of Chelsea appeals 2/1/2006
Bainisteoir Chelsea, Jose Mourinho. Pictiúr: INPHO/Getty Images

Cé a bheidh ar bharr na sraithe ag deireadh an tséasúir?

Cillian: Manchester City. Braitheann séasúr City ar cé chomh aclaí is a bheidh leithéidí Sergio Aguero agus David Silva chun tosaigh. Ar an dtaobh eile den pháirc, beidh siad ag súil go mbeidh Eliaquim Mangala agus Vincent Kompany níos fearr ná mar a bhí anuraidh nuair a bhí an chosaint is measa acu i measc na foirne ar bharr an tábla. Ach beidh an bua ag foireann Manuel Pellegrini sa deireadh, agus cosúil le Vicente del Bosque ag Real Madrid tráth dá raibh, fagfár slán leis agus corn na sraithe buaite.

Daragh: Manchester United. Nílim cinnte faoin méid atá déanta ag Chelsea i rith an tsamhraidh. Bhí an chuma orthu ag deireadh an tséasúir seo caite go raibh siad tuirseach agus cé go bhfuil painéal mór acu, níl a fhios agam an bhfuil muinín ag Mourinho as cuid de na himreoirí sin. Igás United, tá imreoirí maithe ceannaithe acu ach braitheann sé, is dóigh, ar cé chomh tapaidh is a bheidh siad ag socrú síos. Tá an chosaint cineál lag acu, ach le Carrick, Schweinsteiger agus Schneiderlin, beidh cabhair acu ó lár na páirce.

Pádraic: Chelsea. Cé nach bhfuil mórán déanta acu an samhradh seo ó thaobh imreoirí nua a thabhairt isteach, ceapaim go bhfuil an painéal imreoirí is láidre acu fós. D’imir siad sacar den chéad scoth sa chéad leath den séasúr anuraidh agus más féidir leo an rud céanna a dhéanamh don séasúr uile i mbliana, ní shárófar iad.

Cé eile a chríochnóidh sa ‘Top 4’?

Cillian: Manchester City, Arsenal, Chelsea, Tottenham Hotspur. Conspóideach! Ach tá amhras ann faoi mar conas mar a thiocfaidh foireann Louis Van Gaal le chéile. Is cinnte gur deis é seo ag Tottenham an ceann is fearr a fháil orthu, agus deis do Liverpool atá ann freisin. Agus Liverpool tar éis Christian Benteke a cheannach, beidh siad ag súil go n-éireoidh leo an beart a dhéanamh. I mo thuairimse, áfach, níl sé maith go leor do Liverpool.

Daragh: Chelsea, Arsenal, Manchester City. Nuair a bhreathnaíonn tú ar na foirne eile, níl mórán déanta ag Tottenham. Tá imreoirí óga acu agus b’fhéidir go bhfuil Pochettino ag súil go mbalthóidh siad ach obair a dhéanamh leo. Ach níor cheannaigh siad mórán. Maidir le Liverpool, b’fhearr fanacht chun breithiúnas a thabhairt orthu agus ar na himreoirí nua atá acu. Níl Firmino feicthe ag go leor daoine agus cé go bhfuil tosaithe maithe acu, beidh sé deacair acu áit a fháil dóibh uile in aon fhoireann amháin.

Pádraic: Manchester City, Arsenal, Manchester United. An dream céanna agus a bhí ann anuraidh. Tá gach aon fhoireann acu níos láidre arís i mbliana. Seans go mbeidh United i mbaol sa cheathrú háit má fheabhsaíonn Liverpool ach braitheann sé ar na himreoirí nua atá tugtha isteach ag an dá fhoireann agus cé acu an féidir nó nach féidir leo dul i dtaithí sciobtha go maith ar an bPríomhroinn.

Beidh Man City ag brath go mór ar Sergio Aguero. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne
Beidh Man City ag brath go mór ar Sergio Aguero. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Cé a bhfuil ísliú céime i ndán dóibh?

Cillian: Bournemouth, Sunderland, Norwich. Foirne iad seo nach bhfuil dóthain ceannaithe acu chun fanacht sa sraith. Dar leat go mbeadh an iomarca ag Aston Villa, ach toisc go bhfuil roinnt imreoirí Éireannacha ag Norwich, seans go rachaidh siad síos! I gcás Watford, agus a mbainisteoir nua Enrique Sanchez Flores, tá imreoirí réasúnta ceannaithe acu, dóthain acu le fanacht sa tsraith.

Daragh: Bournemouth, Watford agus Sunderland. Bíonn sé deacair do na foirne a thagann suas ach, go hiondúil, bíonn ceann acu a n-éiríonn leo ísliú céime a sheachaint. Ceapaim go n-éireoidh le Norwich é sin a dhéanamh ó tharla go bhfuil taithí acu ar an bPríomhroinn le cúpla bliain. Tá Sunderland i mbaol mar, nuair a bhreathnaíonn tú ar an mbliain seo caite, bhí siad i dtrioblóid cheart ó thús deireadh na bliana agus beidh an scéal amhlaidh dóibh i mbliana.

Pádraic: Bournemouth, Watford agus Norwich. Beidh na trí fhoireann seo ar ais sa Championship arís an chéad bhliain eile. Tá dul chun cinn iontach déanta ag Bournemouth le cúpla bliain anuas ach scéal eile ar fad atá anois acu sa Phríomhroinn. Ní fheicim tada ag teacht ó Norwich ach an oiread. Idir Watford, Sunderland agus Leicester a bheidh sé don tríú háit.


Cé hé an chéad bhainisteoir eile a dtabharfar an bóthar dó?

Cillian: Dick Advocaat (Sunderland) – Chríochnaigh Sunderland sa séú háit déag anuraidh, ach beidh sé níos deacra orthu i mbliana. B’fhéidir go dtabharfaí roinnt ama d’Advocaat ach…

Daragh: Manuel Pellegrini (Manchester City). Ní cheapaim gur drochbhainisteoir é Pellegrini ach beidh sé faoi bhrú ollmhór ag City. Nuair a bhreathnaíonn tú ar na foirne eile ar nós Leicester agus Bournemouth, ceapaim go mbeidh níos mó foighde acusan lena bhainisteoirí ach ní dóigh liom go mbeidh Pellegrini fós sa phost faoi dheireadh an tséasúir.

Pádraic: Tóg do rogha! Claudio Ranieri? Dick Advocaat? Slaven Bilic? Roghnóidh mé Quique Flores (Watford). Is é an cúigiú duine sa phost le 18 mhí é agus ná cuireadh sé iontas ort má bhíonn an séú duine ann roimh Nollaig. Seans maith go mbeidh Brendan Rodgers faoi bhrú chomh maith; tá tús thar a bheith deacair ag Liverpool – agus tá Jurgen Klopp fós ar fáil.

An bhfuil Brendan Rodgers i mbaol? Pictiúr: INPHO/James Crombie
An bhfuil Brendan Rodgers i mbaol? Pictiúr: INPHO/James Crombie

Céard é an margadh is fearr atá faighte?

Cillian: Patrick Bamford (Crystal Palace). Tá an t-ógánach seo ar iasacht ó Chelsea. Scóráil sé 17 cúl anuraidh sa Championship. Fuair sé cúl i gcoinne Manchester City sa Corn FA, agus mar sin tá ar a chumas scóráil i gcoinne na foirne is fhearr. Ba chóir d’fhoirne eile faitíos a bheith orthu roimhe.

Daragh: Petr Cech (Arsenal). Measaim go mbeidh Cech an-tábhachtach ó thaobh chosaint Arsenal. Tá cuma níos fearr orthu sa chuid sin den pháirc anois. Deirtear go raibh Cech ar cheann de phríomhcheannasaithe Chelsea agus réitíonn sé fadhb a bhí ag Arsene Wenger le roinnt blianta anuas.

Pádraic: Petr Cech (Arsenal). Bhí fadhb ag Arsene Wenger lena chúl báire le cúpla bliain anuas agus beidh Cech i measc na gcúl báirí is fearr ar domhan go ceann cúpla bliain, ar a laghad. Dá n-éireodh leo tosach den chéad scoth a aimsiú, bheadh seans maith acu an tsraith a bhuachan.

Agus an ceann is measa?

Cillian: Don mhéid airgid a caitheadh ar fhear seo na Brasáile ba dhóigh leat go mbeadh i bhfad níos mó cúil aimsithe aige. Is é a theastaigh ó Bhrendan Rodgers ná fear a scórálfadh 30 cúl dó. Ina ionad sin, fuair sé fear go bhfuil comhartha ceiste mhór faoi. D’fheadfadh sé bheith ina ‘flop’ millteanach. Nó d’fheádfadh sé bheith mar imreoir na bliana. Ceann amháin, nó an ceann eile.

Daragh: Glen Johnson (Stoke City). Is cosantóir é nach bhfuil in ann cosaint – céard eile is féidir a rá? Bhí iontas orm nuair a shínigh Mark Hughes é. Tá Johnson sean go maith, gheobhaidh sé airgead mór ach níl sé sách maith.

Pádraic: Fabian Delph (Man City). Níl ort ach súil a chaitheamh ar Jack Rodwell agus Scott Sinclair go bhfeicdih tú céard a tharlaíonn d’imreoirí Sasanacha nach bhfuil ach caighdeán réasúnta bainte amach acu faoin am a théann siad chuig City. Is é an t-aon fáth gur cheannaigh Pellegrini ó Villa ná go bhfuil níos mó imreoirí Sasanacha ag teastáil uaidh le rialacha na Príomhroinne agus rialacha UEFA a shásamh. Bheadh iontas orm má thosaíonn Delph níos mó ná 10 gcluiche.

Cén t-imreoir nó cén fhoireann a dhéanfaidh gaisce gan choinne i mbliana?

Cillian: Tottenham. Cé nach bhfuil siad sa ‘Top Four’ agam, beidh seans ag foireann Mauricio Pochettino ar áit sa Champions League má thugtar breis tacaíochta do Harry Kane chun tosaigh.

Daragh: Kieran Trippier (Tottenham) nó Georginio Wijnaldum (Newcastle). Bhí Trippier iontach le Burnley anuraidh agus cé go mbíonn sé deacair ar imreoirí óga ag clubanna móra, beidh sé ag imirt le himreoirí níos fearr agus taobh istigh de chóras a fheilfidh dó. Le Wijnaldum, cé go mb’fhéidir nach mbeidh aithne ag go leor daoine air, is imreoir mór le rá é, é ag imirt don Ísiltír cheana féin agus bhí sé ar fheabhas do PSV. Tá sé in an cúil a aimsiú, tá sé go maith i mbun taicleála agus tá sé láidir.

Pádraic: Newcastle. Ba rogha stuama é Steve McLaren a phiocadh mar bhainisteoir agus dealraíonn sé go raibh siad cliste leis na himreoirí atá tugtha isteach acu. Tá Aleksandar Mitrovic, Chancel Mbemba agus Georginio Wijnaldum ceannaithe acu, imreoirí óga a bhféadfadh tionchar mór a bheith acu ar an tsraith i mbliana. Beidh súil ghéar á coinneáil ag imreoirí Football Managerorthu triúr freisin!

Fág freagra ar 'Príomhroinn Shasana: Séasúr nua, an scéal céanna?'