Príomhoide Scoil Náisiúnta Inis Meáin ‘an-sásta’ le cruinniú le polaiteoirí

Príomhoide Scoil Náisiúnta Inis Meáin, ‘an-sásta’ le cruinniú a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath faoi chás Scoil Náisiúnta Inis Meáin, atá cosúil le cás scoil Dhún Chaoin sna seachtóidí, dar le Seanadóir amháin

Scoil Náisiúnta Inis Meáin...Dublin meeting.
Scoil Náisiúnta Inis Meáin

Bhí Orlaith Breathnach, príomhoide Scoil Náisiúnta Inis Meáin, ‘an-sásta’ leis an gcruinniú a reáchtáladh in Óstán Buswells i mBaile Átha Cliath inné faoi chás Scoil Náisiúnta Inis Meáin

Bhí an cruinniú á reáchtáil ag tuismitheoirí ó Inis Meáin chun stocaireacht a dhéanamh ar bhaill an Oireachtais mar chuid den fheachtas chun an dara hoide a fháil don scoil náisiúnta san oileán Gaeltachta

Bhí idir chomhairleoirí contae, Theachtaí Dála agus Seanadóirí ó pháirtithe éagsúla polaitíochta i láthair ag an mbord cruinnithe agus bhí an seomra féin lán go béal agus slua eile bailithe taobh amuigh de ag éisteacht lena raibh á rá istigh.

“Bhí Joe McHugh i láthair agus bhí sé an-mhaith, thug sé an-tacaíocht dúinn. Dúirt sé gur cás práinneach é seo agus go gcaithfí cás eisceachtúil a dhéanamh den oileán.

“Bhí gach uile dhuine de na polaiteoirí a bhí ann ar aon fhocal amháin faoin scéal agus gurbh in nach raibh ach an t-aon réiteach amháin air – múinteoir eile a thabhairt don scoil,” a dúirt Orlaith Breathnach le Tuairisc.ie.

Thug an Teachta Dála Derek Nolan (LO) geallúint uaidh go labhródh sé leis an Aire Oideachais Jan O’Sullivan ag cruinniú anocht faoi Scoil Náisiúnta Inis Meáin. Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go mba cheart cruinniú eile a ghairm tar éis chruinniú an lae inniu agus go gcuirfí cuireadh roimh an Aire O’Sullivan freastal air mar gheall ar a phráinní is atá an cás.

Dúirt Breathnach le Tuairisc.ie go bhfuil dóchas anois aici go dtabharfar cluas éisteachta d’achainí a scoile agus go gceadófar an múinteoir breise.

Chaill Scoil Náisiúnta Inis Meáin an dara oide i 2012 nuair nach raibh cláraithe inti ach seisear. Ní raibh an múinteoir sin ábalta glacadh le post ar bith eile a thairg an Roinn Oideachais di mar go mbeadh uirthi an t-oileán agus a clann a fhágáil. Naonúr a bheidh ar rolla na scoile i mí Mheán Fómhair seo chugainn.

Dar le grúpa tuismitheoirí ón oileán, beidh ar mhuintir an oileáin an áit a thréigean más oideachas ceart atá uathu dá gclann agus gan an dara múinteoir sa scoil ann.

Dúirt an Seanadóir Fiach Mac Conghail ar Twitter tar éis an chruinnithe gur chuir an feachtas chun múinteoir breise a fháil don bhunscoil an méid a thit amach i gCorca Dhuibhne 45 bliain ó shin i gcuimhne dó.

Screen Shot 2015-07-15 at 19.53.59

Bhí scoil Dhún Chaoin faoi bhagairt a dúnta ag an Rialtas an t-am sin agus cuireadh feachtas fíochmhar ar bun chun an scoil a shábháil. Bhí leithéidí Mháire Mhic an tSaoi agus Mháirtín Uí Chadhain páirteach sna hagóidí. Dúradh ag an am gurbh é creill bháis an phobail in Iarthar Dhuibhne dúnadh na scoile. Bhí idir mhórshiúlta, shuíonna isteach agus ollchruinnithe mar chuid den fheachtas sin sna seachtóidí.

 

 

Fág freagra ar 'Príomhoide Scoil Náisiúnta Inis Meáin ‘an-sásta’ le cruinniú le polaiteoirí'