Príomhfheidhmeannach nua á lorg ag Foras na Gaeilge agus Mac an Fhailigh ag éirí as

Deir Ferdie Mac an Fhailigh gur éirigh le Foras na Gaeilge cur leis an éileamh i measc an phobail ar dheiseanna chun an Ghaeilge a labhairt agus a chur chun cinn ach nach raibh ar chumas na heagraíochta anois freastal ar an éileamh sin ceal acmhainní

Ferdie Mac an Fhailigh, Foras na Gaeilge
Ferdie Mac an Fhailigh, Foras na Gaeilge

Beidh Príomhfheidhmeannach nua á lorg ag Foras na Gaeilge sna seachtainí amach romhainn agus an té a bhfuil an cúram sin air le deich mbliana anuas, Ferdie Mac an Fhailigh, ag éirí as.

Dheimhnigh Mac an Fhailigh do Tuairisc.ie tráthnóna inné go raibh sé curtha in iúl aige d’fhoireann an Fhorais go raibh sé ag éirí as.

Fanfaidh an Príomhfheidhmeannach sa phost nó go rachaidh an té a thiocfaidh i gcomharbacht air i mbun oibre.

Tuigtear go bhfógrófar an folúntas don phost sna seachtainí amach romhainn.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ferdie Mac an Fhailigh go raibh sé sásta gur éirigh go maith leis an eagraíocht trasteorann agus í faoina stiúir le deich mbliana anuas.

“Tá mé sásta go bhfuil go leor curtha i gcrích againn cé go bhfuil rudaí ann nár éirigh linn a chur i gcrích ceal airgid,” a dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge”.

Dúirt sé gur údar bróid ar leith dó go bhfuil bailchríoch curtha ar an bhfoclóir nua Béarla-Gaeilge agus gur cuireadh go leor scéimeanna ar bun le linn a thréimhse mar Phríomhfheidhmeannach “a chuidigh leis an bpobal agus le daoine óga go háirithe”.

Thug an Príomhfheidhmeannach le fios chomh maith go raibh sé sásta go raibh ag ‘éirí iontach maith’ leis an gcinneadh conspóideach gur sé eagraíocht dheonacha seachas naoi n-eagraíocht déag a gheobhadh maoiniú buan feasta ó Fhoras na Gaeilge.

Dúirt Mac an Fhailigh gur údar díomá dó gur fhág na ciorruithe atá déanta ar bhuiséad an Fhorais le tamall de bhlianta anuas nach raibh ar chumas na heagraíochta freastal ar an éileamh i measc an phobail ar dheiseanna chun an Ghaeilge a labhairt agus a chur chun cinn.

“D’éirigh linn cur go mór leis an éileamh ach is údar mór díomá dom nach bhfuil na hacmhainní againn freastal anois ar an éileamh a chothaigh muid de dheasca na gciorruithe móra atá curtha i bhfeidhm orainn.

“Is údar díomá dom go háirithe go bhfuil daoine óga ag cailleadh amach ar dheiseanna an teanga a úsáid mar nach bhfuil na hacmhainní againn na deiseanna sin a chur ar fáil dóibh faoi láthair. Creidim go láidir nach bhfuil aon duine chun an teanga a fhoghlaim idir a naoi a chlog ar maidin agus a cúig a chlog tráthnóna. Caithfear deiseanna eile a chur ar fáil dóibh.”

Tá Ferdie Mac an Fhailigh ina Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge ó mhí Dheireadh Fómhair 2006. Bhí sé ina leas-phríomhfheidhmeannach agus ina stiúrthóir seirbhísí oideachais leis an eagraíocht roimhe sin.

Fág freagra ar 'Príomhfheidhmeannach nua á lorg ag Foras na Gaeilge agus Mac an Fhailigh ag éirí as'

  • Gerry sona

    Níl rud ar bith cearr le Tuairisc ach níl moran seans ag teanga sa saol seo gan núachtan clóscríofa sa teanga sin. Agus brú curtha ar comhlachtaí Éireannach fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge sa phaipéar sin. Agus cad chuige nach bhfuil fógraíocht i nGaeilge ó na comhlachtaí móra in Éirinn ar TG4 sa chéad teanga oifigiúil? Nach mbeadh siad ag cuidiú le daoine óga na tíre seo le cupla frasa i nGaeilge a chloisteáil go ríalta ar na meain cumarsáide?