Bhí mé ocht mbliana d’aois nuair a chuala mé faoin sclábhaíocht den chéad uair…

Is gá pribhléid an duine ghil a aithint mar fheiniméan diúltach agus is gá iarracht fhónta a dhéanamh deireadh a chur leis, a scríobhann ár gcolúnaí

"The Slave Trade" le Auguste François Biard, 1840
‘The Slave Trade’  le Auguste François Biard, 1840

Bhí mé ocht mbliana d’aois nuair a chuala mé faoin sclábhaíocht den chéad uair. Rang staire a bhí ann, iontas na n-iontas, sa bhunscoil. 

San Ísiltír, ceann de na tíortha is mó a raibh baint aici leis an trádáil sclábhaithe ón Afraic go Meiriceá Thuaidh agus Theas, a bhí an bhunscoil sin lonnaithe. Níor sheachain an múinteoir, fear a bhí chomh geal agus chomh hOllannach céanna agus na daltaí ar fad sa rang, ról a shinsear – agus sinsir na ndaltaí – féin sa scéal. Níor bhain sé úsáid as léaráidí ar bith. Lena chuid focal a phéinteáil sé uafáis na sclábhaíochta inár n-aigne. Creach ar bhaile Afracach, báid an bháis, ceannacht agus ceant, scaradh gaolta, an fhuip.

Tráthnóna iomlán a mhair an rang. Trí bliana is tríocha níos déanaí, is cuimhin liom go beacht gur rith an smaoineamh seo liom leathbhealach tríd: ‘Níor bhain an duine gorm díoltas amach ar an duine geal riamh as an sclábhaíocht, ach nuair a bhainfidh sé, beidh gach uile unsa den cheart aige.’

Ar eagla go mbainfí an bhrí mhícheart as an gcolún seo, ní ag tabhairt tacaíochta do na fir ghorma a dhúnmharaigh póilíní geala in dhá eachtra éagsúla sna Stáit Aontaithe le coicís anuas atá mé. Ní réitíonn foréigean rud ar bith.

Níl ann ach gur mhaith liom aird a tharraingt ar fhíric bhunúsach. Ní bhfuair an duine gorm cúiteamh riamh as an éagóir a rinneadh air le linn na gcéadta bliain. Ní raibh aon Wiedergutmachung ann. Níor bhain an duine gorm díoltas amach ar an duine geal ach an oiread. Fiú san Afraic Theas, níor tharla a leithéid nuair a tháinig deireadh leis an gcóras apartheid. 

Cén fáth?

Toisc go bhfuil córais cosúil le córas an apartheid fós i bhfeidhm ar fud an Iarthair, ó na Stáit Aontaithe go dtí an Bhrasaíl, ón Ísiltír go hÉirinn féin. 

Smaoinigh ar an bpróifíliú de réir cine a bhíonn ar siúl ag fórsaí póilíneachta, agus ag fir shlándála ag clubanna oíche. Smaoinigh ar an bhfeiniméan ar a dtugtar ‘pribhléid an duine ghil’. ‘Daonlathais’ a thugann tíortha an Iarthair orthu féin ach is í an fhírinne shearbh ná go bhfuil sochaithe an Iarthair ar fad eagraithe sa chaoi is go mbeidh daoine nach den chine geal iad faoi mhíbhuntáiste – agus dá bharr sin, faoi chois – ar feadh a saoil.

Mura bhfeiceann duine geal an méid sin, is í a phribhléid féin is cúis leis sin. 

Shíl mise i gcónaí gur duine a bhí ionam nach raibh dall ar a phribhléid féin mar dhuine geal.

Fós féin, bhain na samplaí a thugann an t-údar Iamácach Garnette Cadogan de phribhléid an duine ghil ina aiste Walking While Black stangadh asam.

Bhris an abairt seo mo chroí:

I would see a white woman walking towards me at night and cross the street to reassure her that she was safe.

Is dóichí ná a mhalairt nach dtógfadh bean gheal uirísliú an fhir ghoirm, an tsráid á trasnú aige ar mhaithe léi-se, faoi deara ar chor ar bith.

Sin é ‘pribhléid an duine ghil’ duit i sampla beag amháin.

Nuair a aithníonn duine geal a phribhléid is ea a mhothaíonn sé ualach a chiontachta.

Is minic a chuir cairde Éireannacha ar mo shúile dom, idir mhagadh is dáiríre, go bhfuil cás den choimpléasc seo ag cur as dom de bharr na dlúthbhainte a bhí ag mo thír dhúchais, an Ísiltír, leis an sclábhaíocht.

Feictear domsa, áfach, go bhfuil cás speisialta de phribhléid an duine ghil – nó an daille uirthi, le bheith cruinn – ag cur as do mhuintir na hÉireann. 

Na tithe Seoirseacha breátha sin i mBaile Átha Cliath? Na Ceithre Cúirteanna? Teach an Chustaim? Tógadh iad ar fad nuair a bhí an sclábhaíocht ina dlúthchuid de gheilleagar impireacht na Breataine, agus ba chuid den impireacht sin í Éire ag an am. In aghaidh a tola, cinnte, ach ní athraíonn sé sin cúrsaí. 

Is iad muintir na hÉireann atá ag baint úsáide inniu as na tithe breátha sin a tógadh nuair ba dhlúthchuid den gheilleagar í an sclábhaíocht agus an trádáil sclábhaithe. Díreach mar atá úsáid á baint inniu ag muintir Shasana, na hÍsiltíre, na Fraince, na Spáinne, na Portaingéile agus nach mór gach uile thír i Meiriceá Thuaidh agus Theas as foirgnimh bhreátha a bhfuil fuil an duine ghoirm, go meafarach, sa mhoirtéal idir na brící.

Níl sna tithe Seoirseacha agus na foirgnimh eile thuas ach sampla. Is í an fhírinne shearbh ná gur tógadh cuid mhór de rachmas an Iarthair ar fad ar dhúshaothrú an duine ghoirm – cuid mhór den bhunchloch ar ar tógadh geilleagar na hÉireann san áireamh.

Nuair a aithníonn duine geal a phribhléid agus a ualach ciontachta, céard is féidir leis a dhéanamh faoi? 

Is féidir leis diúltú dá phribhléid, ach ceird ann féin atá ansin agus bíonn an baol ann i gcónaí go nglacfaí le comhartha dea-mhéine mar chomhartha trua nó, níos measa fós, mar ‘uasal le híseal’. 

Ní fearr rud a dhéanfadh an duine aonair ná caitheamh le gach uile dhuine ar an gcaoi cheannann chéanna, beag beann ar dhath craicinn. 

Sin é, go deimhin, an dlí.

Ach i bhfianaise éagóir na sclábhaíochta nár cúitíodh agus na heagla a bhíonn ar ghorm agus geal roimh a chéile dá bharr, is cosúil nach bhfuil sochaithe an Iarthair in ann feidhmiú de réir a ndlíthe féin.

An t-aon réiteach a fheicim féin ná an duine gorm a chúiteamh, chomh fada agus is féidir, as an éagóir a rinneadh ar a shinsir agus air féin. Dúshlán do dhlíodóirí a bheidh ansin. Cé atá freagrach, cé atá i dteideal? Dúshlán níos mó fós a bheadh ann pé cinneadh a dhéanfaí a chur i bhfeidhm go praiticiúil. 

Idir an dá linn, ní fearr rud a dhéanfadh sochaithe an Iarthair, Éire san áireamh, ná pribhléid an duine ghil a aithint mar fheiniméan diúltach agus iarracht chomhfhiosach a dhéanamh deireadh a chur leis. Contradictio in terminis é ‘idirdhealú dearfach’ ach feictear dom go bhfuil géarghá leis.

Fág freagra ar 'Bhí mé ocht mbliana d’aois nuair a chuala mé faoin sclábhaíocht den chéad uair…'

  • padraig

    bionn ciniochas i gceist idir daoine geala is gorma sa da threo, biodh gur treise agus gur coitianta go mor ciniochas an duine ghil i leith na ngormach.