Preab san ól

BRISEANN AN DÚCHAS: SCOTH NA SCRÍBHNEOIRÍ GAELTACHTA

23/4/2008. Alcohol For Sale

Ba é Máirtín Ó Cadhain a chaith an chaint a ghoill orm ag an am. Idir shúgradh is dáiríre a bhí sé, ach dhearg mise go dtí bun na gcluas le teann náire. Cuimhne an tseanghasúir atá dá mheabhrú dom, cé go raibh mé go hard sna déaga an tráth sin.

Ó Cadhain ina Dhia beag agam, anois is an uair sin. Oiread bróid aige as Cumann Drámaíochta an Spidéil a bheith ag glacadh páirt i gcomórtas drámaíochta an Oireachtais i mBaile Átha Cliath, is go dtug sé cuireadh dhúinn le deoch a ól ina chuideachta ard tráthnóna.

Gloine oráiste a d’iarr mé. Breathnú go míchéadfach orm a rinne sé. “Ól deoch gnaíúil cosúil le ‘chuile fhear,” ar seisean, “nó déan dá oireasa,” caint a bhain scairt bheag gháirí as an gcomhluadar. Ceann faoi a bhí ormsa de bharr gur mheas mé gur mhó den dáiríreacht ná den tsúgradh a bhí ina ghlór. Mé ag mothú caite sa ngearradh dhíobh nuair nár cheannaigh sé aon deoch dom. Níorbh é an t-aon uair i gcaitheamh an tsaoil é ar cuireadh tútaíl i leith mo leithéidse.

Ní raibh sé d’fhearúlacht ariamh ionam cúpla pionta breá beorach a ól cois an chuntair. Gan an dúil a bheith agam ann nó gan é ‘bheith de ghnaíúlacht ionam.

D’ólfainn pionta amháin corruair, de ghrá an chomhluadair, ach ó tharla go mbíodh an darna pionta do mo dhéanamh chomh tinn le gadhar, dhiúltaigh mo phutóig ar fad é.

Ní shéanaim nach mbínn in éad, de bheagán, leis an gcomhluadar geanúil a d’fheicfinn bogaithe amach in aoibhneas ag na cúpla deoch. I dteach an óil a tharla cuid de na hócáidí ba mhó dar bhain mé sult ariamh astu.

Tuigim go rímhaith cén fáth go dteastaíonn deoch an mhisnigh ó mhórchuid ealaíontóirí. Ní shamhlaím go mbeadh an oiread céanna téagair ná teilgean i nglórtha roinnt ealaíontóirí mór le rá murach go mbíodh an braon sa gcírín dá ngríosadh.

Laochras chomh mór ag baint le hiompar nó le mí-iompar cuid acu is go mbeadh a gcumas ealaíona ligthe i ndearmad murach an fad is an friotal a bhain deoch mheisciúil as a dteanga.

Tá cáil an óil is an cheoil ar Éireannaigh ar fud na cruinne. Ach is olc an ghaoth nach ndéanann leas do dhuine eicínt. Cultúr é a tharraingíonn turasóirí go hÉirinn. Iad faoi dhraíocht ag an gcraic is an gceol is ag an spleodar a dhéanann pobal faoi leith de mhuintir na tíre seo. Nach beag an dochar don aos óg a bheith ag cur dúil ann. Faisean acu súil a chur thar a gcuid de bharr nach dtagann ciall roimh aois. Shíl mé go brách nach gcuirfeadh óige na huaire seo imní orm nó go bhfaca mé ag ceiliúradh na Féile Pádraig ar fud an bhaile mhóir iad. Iad as a meabhair go hiomlán ag cannaí is ag buidéil. Iad fhéin ag aithris ar a chéile ar fhaitíos go mbeidís caite sa ngearradh dhíobh.

Bíonn mo shúile is mo chluasa ag bréagnú a chéile nuair a chloisim an béal bocht ar an gcuid is glóraí de na mic léinn. Sílim go bhfuil marach mór éicint ar aoibhneas an tsaoil nua seo más gá do mhórchuid ógánach a dhul i muinín an bhuidéil le sásamh a thabhairt dá n-intinn.

Chreid an seandream go raibh bia agus beatha i bpionta pórtair agus leigheas slaghdáin i ngloine puins. Níor mhiste leo duine a bheith ag déanamh caora dó fhéin corruair an fhad is nach ndéanfadh sé muic dhó fhéin.

“Níl locht ar bith ar dheoch, a Joe,” a deireadh mo sheanchomrádaí Peaitín fadó. “Deoch an rud deiridh a d’iarr Íosa Críost ar an gcrois.” Ach nuair a bhí sé ólta aige níor chaith sé de a chasóig ag iarraidh daoine amach ar fair play.

Fear a raibh fhios aige lena dheoch a iompar.

– An tseachtain seo chugainn Máirtín Jamsie Ó Flaithbheartaigh