Postanna á gcailliúnt agus deireadh ar fad á chur ag SIOEN Ireland lena obair tháirgíochta i nGaoth Dobhair

Údar ‘díomá’ d’Údarás na Gaeltachta é cinneadh an chomhlachta a bhfuil 23 duine fostaithe acu i nGaoth Dobhair agus a bhfuil leath de na postanna sin ag imeacht

udaras_051-1024x681

Caillfidh os cionn leath de na daoine atá fostaithe i SIOEN Ireland ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair a gcuid postanna agus é fógartha ag an gcomhlacht go bhfuil deireadh ar fad á chur acu lena n-obair tháirgíochta i nDún na nGall.

Údar ‘díomá’ d’Údarás na Gaeltachta é cinneadh an chomhlachta, a bhfuil 23 duine fostaithe acu i nGaoth Dobhair.

Ba iad SIOEN Industries Belgium, máthairchomhlacht Ghairméidí Chaomhnaithe Dhún na nGall Teo (SIOEN Ireland), a chinn obair déantúsaíochta an chomhlachta a aistriú chuig comhlacht dá gcuid sa Rómáin. Leanfar leis an obair díolacháin, dáileacháin, seirbhísithe agus taighde atá ar bun ag an gcomhlacht i nGaoth Dobhair.

Deir lucht bainistíochta Ghairméidí go mbeidh siad “ag dul i mbun próiseas comhairliúcháin” sna seachtainí amach romhainn leo siúd atá fostaithe i réimse na táirgíochta dá ngnó i nGaeltacht Dhún na nGall.

Cé go raibh díomá ar Údarás na Gaeltachta, thuig siad, a dúradh, go bhfuil Gairméidí “ag feidhmiú i margadh atá fíoriomaíoch agus go bhfuil siad in iomaíocht le monarcha eile de chuid SIOEN atá lonnaithe i dtíortha ina bhfuil táirgeacht á dhéanamh ar ísealchostas”.

Dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

“Tá an-díomá orainn, tar éis na n-iarrachtaí ar fad atá déanta ag bainistíocht Ghairméidí agus an Údaráis, go bhfuil cinneadh tógtha ag SIOEN Industries Belgium obair déantúsaíochta an chomhlachta a aistriú go dtí an Rómáin.

“Ach caithfidh muid aitheantas a thabhairt chomh maith don ionchur suntasach atá déanta ag Gairméidí san eacnamaíocht áitiúil le 30 bliain anuas agus leanfaidh muid ar aghaidh ag obair leis an chomhlacht agus ag tacú leis na gníomhaíochtaí atá fós ar bun i nGaoth Dobhair aige.”

Tá tacaíocht á cur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta do Ghairméidí Caomhnaithe Dhún na nGall Teo ó bunaíodh é in 1981. Tairgeann an comhlacht réimse éadach teicniúil ar ardchaighdeán do mhargaí éagsúla, ina measc, éadaí báistí, seaicéid shofheicthe agus éadaí cosanta eile.

Deir Údarás na Gaeltachta go bhfuil roinnt comhlachtaí ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair “ag earcú faoi láthair” agus chomh maith leis sin go bhfuil an tÚdarás “ag láimhseáil fiosrúcháin gnó a d’fhéadfadh níos mó fostaíochta a chruthú ar an Pháirc Ghnó amach anseo”.

Fág freagra ar 'Postanna á gcailliúnt agus deireadh ar fad á chur ag SIOEN Ireland lena obair tháirgíochta i nGaoth Dobhair'