Post Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta fógartha

Is é Stiúrthóir na Gaeilge an státseirbhíseach is sinsearaí a bhíonn ag plé go buan le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta

Post Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta fógartha

Tá post Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta fógartha go poiblí ar maidin.

Ba í mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite a chéadtuairiscíodh go raibh Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, Máire Killoran, ag éirí as a cúram chun tabhairt faoi phost i Lucsamburg mar Stiúrthóir ar an Ionad Aistriúcháin do Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh.

Is é Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta sna Forbacha an státseirbhíseach is sinsearaí a bhíonn ag plé go buan le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

I mí na Bealtaine, dúirt an t-iarAire Gaeltachta Éamon Ó Cuív gur comhartha ‘drochmheasa’ ar an nGaeilge é go raibh post nua mar cheannasaí ar ghnóthaí tuaithe fógartha cheana féin ag an Roinn chéanna ina raibh folúntas do Stiúrthóir na Gaeilge inti le nach mór sé mhí.

D’fhógair Aire na Gaeltachta Seán Kyne i mí Iúil go raibh cead faighte ar deireadh ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an post a líonadh.

De réir fhógra an lae inniu, beidh an té a cheapfar ina Stiúrthóir na Gaeilge freagrach as “tacú” leis an teanga “a neartú mar “phríomhtheanga an phobail sa Ghaeltacht”.

Idir an dá linn, tá folúntas eile le líonadh i Roinn na Gaeltachta sna Forbacha agus gan ann faoi láthair ach príomhoifigeach amháin atá ag plé go buan le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, Bertie Ó hAinmhire.

Tá Séamus Mac Ghiolla Chomhaill an príomhoifigeach eile i Roinn na Gaeltachta sna Forbacha, ag éirí as a phost. Tuigtear do Tuairisc.ie gur fógraíodh an post sin go hinmheánach le déanaí agus go bhfuil súil é a líonadh go luath.

Fág freagra ar 'Post Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta fógartha'