Post mar Bhainisteoir Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne á athfhógairt

Tá an té ar éirigh leis an post bainistíochta a fháil ceaptha ina Oifigeach Forbartha Gnó le hÚdarás na Gaeltachta

Post mar Bhainisteoir Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne á athfhógairt

Tá an post mar Bhainisteoir Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne le fógairt athuair agus an té ar éirigh leis an post a fháil ceaptha ina Oifigeach Forbartha Gnó le hÚdarás na Gaeltachta.

Ba i mí Iúil a ceapadh Dónal Mac an tSíthigh ina Bhainisteoir ar Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, ach tá post eile faighte ó shin aige le hÚdarás na Gaeltachta sa Daingean.

Bhí Mac an tSíthigh, ó Bhaile na hEaglaise, Paróiste an Fheirtéaraigh, ó dhúchas, le teacht i gcomharbacht ar Ghearóid Ó Brosnacháin, a thug 25 bliain leis an gcomharchumann, ach tá duine eile á lorg anois don phost is sinsearaí san eagraíocht Ghaeltachta.

Thug Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne le fios go mbeadh an folúntas á athfhógairt láithreach acu agus súil acu é a líonadh an mhí seo chugainn.

Fág freagra ar 'Post mar Bhainisteoir Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne á athfhógairt'