Tá sé deimhnithe ag An Post go bhfuil deireadh curtha ag an eagraíocht leis an gconradh a bhí ag máistreás an phoist i gCarna i nGaeltacht na Gaillimhe.
D’fhógair An Post inniu go mbeifear ag cuardach duine nua leis an bhfolúntas in Oifig an Phoist Charna, atá dúnta ó thús na Bealtaine, a líonadh.
Tá seirbhísí á gcur ar fáil do chustaiméirí i láthair na huaire i gCill Chiaráin agus beidh na seirbhísí sin fós ar fáil fad is a bheidh an próiseas earcaíochta ar bun don fholúntas i gCarna.
Dúirt muintir na háite níos luaithe i mbliana gur chuir dúnadh na hoifige isteach go mór orthu mar nach bhfuil na seirbhísí atá ag teastáil uathu — pinsin, íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus gnóthaí eile — ar fáil ina mbaile féin.
D’fhógair An Post i mí na Bealtaine go ndúnfaí an oifig i gCarna “go sealadach” mar gheall ar chúinsí nach raibh aon smacht aige orthu. Bhí próiseas iniúchóireachta ar bun maidir le Teach an Phoist i gCarna roimhe sin.
Tá “fáilte” curtha ag an Seanadóir Gaeltachta Trevor Ó Clochartaigh roimh an scéala go mbeidh seirbhísí ar fáil in oifig an phoist i gCarna arís, ach dúirt go bhfuil “ceisteanna fós le freagairt” ag An Post.
“Fáiltím roimh an gcinneadh go mbeidh seirbhísí An Post ar fáil i gCarna in athuair. Ní mór an próiseas seo a thabhairt chun críche a luaithe agus is féidir agus seirbhís níos cuimsithí a chur ar fáil i gCarna. Tá ceisteanna fós le freagairt maidir leis an gcaoi ar tugadh faoin gcinneadh an tseirbhís a dhúnadh an chéad lá riamh agus beidh mé ag cur na gceisteanna sin ar bhainistíocht An Post,” a dúirt Ó Clochartaigh.
Fág freagra ar 'Post le fógairt in Oifig an Phoist Charna agus seirbhísí ar ais ansin go luath'