Post fógartha ag an Roinn Talmhaíochta i gceartlár na Gaeltachta — ‘English essential, Irish desirable’

Deir an t-iar-aire talmhaíochta Éamon Ó Cuív gur cheart go mbeadh cumas sa Ghaeilge riachtanach d’aon phost Gaeltachta a fhógraíonn an stát

Post fógartha ag an Roinn Talmhaíochta i gceartlár na Gaeltachta — ‘English essential, Irish desirable’

Tá sé ‘inmholta’ go mbeadh Gaeilge ag iarrthóirí ar phost Gaeltachta nua de chuid na Roinne Talmhaíochta, ach is den riachtanas go mbeadh Béarla líofa, idir scríobh agus labhairt, ag na hiarrthóirí.

Is i gcroílár Ghaeltacht Chonamara, ag Calafort Ros an Mhíl, a bheidh an té a cheapfar sa phost mar Oibrí Ginearálta.

Gealltar i scéim teanga na Roinne Talmhaíochta go mbeidh oifig na roinne ag Calafort Ros an Mhíl ag feidhmiú ‘go hiomlán’ trí Ghaeilge faoi 2020.

Is ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a chéadtuairiscíodh gurb é riachtanas an Bhéarla an t-aon riachtanas teanga atá leagtha ar iarrthóirí ar an bpost.

De réir na gcáipéisí eolais a bhaineann leis an bpost céanna, tá sé riachtanach go mbeadh iarrthóirí in ann cumarsáid a dhéanamh ‘go héifeachtach’ i mBéarla, ach níl an riachtanas céanna ann ó thaobh na Gaeilge de.

Faoi mhír eile seachas ‘Essential Requirements’ a thagraítear don Ghaeilge agus tugtar le fios sa bhileog eolais go bhfuil ‘an ability to communicate effectively in Irish’ i measc na ‘desirable requirements’ don phost ag Calafort Ros an Mhíl.

Dúirt an t-iar-aire Talmhaíochta agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, le Tuairisc.ie tráthnóna gur cheart go mbeadh sé riachtanach go mbeadh Gaeilge ag duine ar bith a cheapfaí in aon phost a fhógraíonn an stát sa Ghaeltacht.

“Is as Conamara agus as Árainn iad formhór na n-iascairí a bhíonn isteach is amach as Ros an Mhíl agus ba cheart go mbeadh Gaeilge ag duine ar bith a bhíonn ag obair sa chalafort.

“Ba cheart go mbeadh cumas sa Ghaeilge riachtanach d’aon phost Gaeltachta a fhógraíonn an stát. Ba cheart don Roinn Talmhaíochta an post seo atá fógartha a tharraingt siar, leasú a dhéanamh ar na riachtanais, agus é a fhógairt arís,” a dúirt Éamon Ó Cuív.

Fág freagra ar 'Post fógartha ag an Roinn Talmhaíochta i gceartlár na Gaeltachta — ‘English essential, Irish desirable’'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘an ability to communicate effectively in Irish’

    Bhí an ‘riachtanas’ céanna ag an Lároifig Staidrimh nuair a bhí siad ag earcú daoine sa Ghaeltacht leis an daonaireamh a dhéanamh!

    ‘Is as Conamara agus as Árainn iad formhór na n-iascairí a bhíonn isteach is amach as Ros an Mhíl..’

    An bhfuil coláiste iascaireachta ar bith san iarthar? Tá ceann i dTír Chonaill sa Chaisleán Nua in Inis Eoghain – ach is teagasc trí mheán an Bhéarla a bhíonn ann. Cibith atá iascairí na linne seo ag foghlaim is eolas go hiomlán i mBéarla a bhíonn i gceist – go díreach cosúil le múinteoirí scoile na tíre seo…