Post an Ollaimh le Gaeilge in OÉ, Gaillimh tairgthe do Thadhg Ó hIfearnáin

Sochtheangeolaí aitheanta é Tadhg Ó hIfearnáin ar éirigh leis sa chomórtas earcaíochta don ollúnacht atá gan líonadh le trí bliana

Post an Ollaimh le Gaeilge in OÉ, Gaillimh tairgthe do Thadhg Ó hIfearnáin

Tadhg Ó hIfearnáin. Pictiúr Tuairisc.ie/Seán Ó Mainnín

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil an post mar Ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh tairgthe do Thadhg Ó hIfearnáin, léachtóir sinsearach le Gaeilge in Ollscoil Luimnigh.

Thiocfadh Ó hIfearnáin i gcomharbacht ar Ghearóid Denvir a d’éirigh as an ollúnacht Ghaeilge sa Ghaillimh i samhradh na bliana 2014.

Tuigtear go raibh géariomaíocht don phost. Cúigear ar fad a cuireadh faoi agallamh don fholúntas, Ó hIfearnáin, iarrthóir seachtrach amháin eile agus triúr ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh féin.

Athrú treo a bheadh i gceapachán Uí Ifearnáin do Roinn na Gaeilge sa Ghaillimh, toisc gurbh í seo an chéad uair a mbeadh duine ina cheann roinne nach iad réimsí traidisiúnta léann na Gaeilge a shainspéis.

Sochtheangeolaí aitheanta é Tadhg Ó hIfearnáin agus cé go bhfuil taighde déanta aige i réimse na litríochta chomh maith is le teoiric agus feidhm na sochtheangeolaíochta is mó a bhíonn sé ag plé.

Tá sé ina bhall de Choiste Comhairleach na Pleanála Teanga ag Údarás na Gaeltachta agus ar Bhord Iaith, Feidhmeannas Pleanála Teanga na Breataine Bige. Tá go leor taighde déanta aige agus ábhar foilsithe aige faoi chás na Gaeilge agus na dteangacha Ceilteacha eile, go háirithe Gaeilge Mhanann, Gaeilge na hAlban agus an Bhriotáinis.

Bhain sé BA agus PhD amach in Ollscoil Uladh i gCúil Raithin agus thug sé tréimhsí ag léachtóireacht san ollscoil sin agus in Rennes agus Utrecht. Bhí sé seal chomh maith ina cheann ar Scoil an Chultúir agus na Cumarsáide in Ollscoil Luimnigh chomh maith.

Dúirt urlabhraí thar ceann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh nach raibh aon ráiteas le déanamh aige faoin scéal gurb é Ó hIfearnáin a thug an lá leis sa chomórtas earcaíochta don ollúnacht.

Níor éirigh leis na hiarrachtaí a rinne Tuairisc.ie teacht ar an Dr Ó hIfearnáin féin.

Bhain conspóid mhór leis an bhfolúntas d’Ollamh le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, toisc é a bheith gan líonadh chomh fada sin.

Tá an post gan líonadh ó d’éirigh an tOllamh Gearóid Denvir as an gcúram trí bliana ó shin, rud a d’fhág go raibh Roinn na Gaeilge san ollscoil gan ceannaire buan ar feadh trí bliana acadúla.

Srianta buiséid agus laghdú ar líon na mac léinn a bhí ag tabhairt faoi chúrsaí Gaeilge an dá údar a luadh ag cruinnithe d’Údarás na hOllscoile leis an moill ar cheapadh an Ollaimh le Gaeilge, de réir eolas a fuair Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Fág freagra ar 'Post an Ollaimh le Gaeilge in OÉ, Gaillimh tairgthe do Thadhg Ó hIfearnáin'

  • Mánus

    Dá ndíreodh sé ar an gcaighdeán íseal Ghaeilge i measc go leor leor fochéimithe a ardú ar dtús bheadh tús maith déanta aige. Tá céimithe le B. A. sa Ghaeilge ag fágáil Ollscoil na Gaillimhe nach bhfuil cruinneas ná saibhreas teanga acu i ndiaudh trí bhliain a chaitheamh san “Ollscoil Ghaelach”.

  • Seosamh Mac Ionnrachtaigh

    Guíonn Seosamh Mac Ionnrachtaigh ar son Coiste Forbartha Gaeltachta Chontae an Chláir comhghairdeachas ó chroí leis an ollamh nua úd Tadhg Ó hIfearnáin. Is saineolaí den chéad scoth é Tadhg.