Port Omna agus Naomh Uinsionn ar thóir craobhacha arís

Tá curaidh clubanna na hÉireann, san iomáint agus sa pheil, ag dul chun páirce an deireadh seachtaine seo

 

Beidh Joe Canning ag súil go mbeidh sé ag ceiliúradh arís trathnóna Dé Domhnaigh. INPHO/Cathal Noonan

Cluiche Ceannais Iomána na Gaillimhe

Port Omna v Gort Inse-Guaire, Páirc Uí Chionáith (Beal Átha an Rí), 1.30i.n.

Tar éis briseadh sé seachtaine, tá an dara cuid de chluichí chraobh na Gaillimhe á n-imirt le coicís anuas agus tá muid anois tagtha chuig an gcluiche ceannais. Cháiligh Gort don chluiche seo ag deireadh mhí na Samhna tar éis bua in aghaidh An Bheitheach ach tá Port Omna gan cluiche a imirt le beagnach dhá mhí anuas.

Is ar éigean a tháinig curaidh na bliana seo slán sa chluiche ceathrú ceannais i gcoinne Creachmhaoil agus farasbarr de chúl amháin acu, 1-15 in aghaidh 0-15. Gan amhras, ní raibh siad ag tnúth leis an mbriseadh seo. Cé go bhfuil cluichí dúshlaine imeartha acu sa tréimhse idir seo agus an cluiche leathcheannais, ní hionann a leithéid agus cluiche ceart, crua cealgánta, craoibhe.

Ba é anuraidh an chéad uair ó 2009 a bhí iomanaí Phort Omna ar ais i gcluiche ceannais na Gaillimhe agus bhí an bua acu in aghaidh a sean-namhaid Baile Locha Riach. Fuair siad an ceann is fearr ar Raonaithe Stua Laighean i bPáirc an Chrócaigh ar Lá Fhéile Pádraig agus tá siad ag tóraíocht a gcúigiú chraobh Uile-Éireann in imeacht deich mbliana an séasúr seo.

Is é 2011 an uair dheireanach a bhuaigh Gort Inse-Guair Craobh Iomána na Gaillimhe. Bhí orthu an ceann is fearr a fháil ar churaidh na hÉireann, Droichead an Chláirín, agus beidh siad ag súil leis an mbeart céanna a dhéanamh an t-am seo. Is iad Michael Mullins agus Richie Cummins na tosaithe is dainsearaí atá acu agus beidh an t-imreoir contae, Aidan Harte, tábhachtach dóibh chomh maith. Bhí bua maith ag foireann Gerry Spelman sa chluiche leathcheannais i gcoinne An Bheitheach, 1-15 in aghaidh 0-10, ag beidh siad ag iarraidh an cumas sin a thabhairt isteach go dtí an cluiche ceannais.

Tuairim na nGeallghlacadóirí: Port Omna – 4/9, Gort Inse-Guaire – 11/5, Comscór – 8/1.

Tuairim Tuairisc.ie: Cé go gcuirfidh Inse-Guaire scrúdú maith ar fhir Phort Omna, tabharfaidh scil agus taithí mhuintir Canning agus Hayes slán iad ar deireadh.

Diarmuid Connolly 17/3/2014
Tá súil ghéar ag Diarmuid Connolly ar dhul chun cinn Naomh Uinsionn. INPHO/Cathal Noonan

 

Cluiche Ceanais Peile Sinsear Laighean

Naomh Uinsionn (Baile Átha Cliath) v Ród (Uíbh Fhailí), Páirc Tailteann (An Uaimh), 2i.n.

Tá súil ag curaidh na hÉireann na bliana seo, Naomh Uinsionn, Craobh eile Laighean a chrochadh leo i mbliana, gan ach seaimpíní Uíbh Fhailí ag seasamh sa mbealach orthu. É sin ráite, seo é an ceathrú cluiche ceannais cúige atá bainte amach ag Ród le hocht mbliana anuas, cé go bhfuil na trí cinn go dtí seo cailte acu.

I 2006, is iad Achadh Mhordha ó Chill Dara a fuair an ceann is fearr ar Ród agus i 2008, agus arís i 2010, tháinig Crócaigh Chill Mochuda slán sa chluiche ceannais in aghaidh mhuintir Uíbh Fhailí.

Chaill foireann eile as an gcontae, Cill Chormaic-Cill Achaidh, cluiche ceannais Iomána Laighean an tseachtain seo caite agus ní bheidh Ród ag iarraidh go mbeadh an toradh céanna ann Dé Domhnaigh.

Chun cabhrú leo an méid sin a sheachaint, tá buíon mhór d’imreoirí idirchontae acu, captaen Uíbh Fhailí, Niall McNamee ina measc. D’imir McNamee d’fhoireann na hÉireann in aghaidh na hAstráile ceithre bliana ó shin agus tar éis dó 0-7 a aimsiú sa bhua in aghaidh Achadh Mhordha, beidh Naomh Uinsionn ar an eolas gurb eisean príomhionsaí Róid.

Níl seaimpíní Bhaile Átha Cliath gann ar thosaithe cumasacha ach an oiread. Tá Diarmuid Connolly ar dhuine de na himreoirí is sciliúla agus is ealaíonta atá againn sa tír. Tá rath agus rathúnas ar Naomh Uinsionn ó dheireadh na bliana 2012 ar aghaidh, agus ón aimsir sin amach, tá físeáin de chuid de na cúil agus na cúilíní is fearr ag Connolly foilsithe ar Youtube agus is fiú breathnú orthu.

I gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh, thug sé ceann de na taispeántais is fearr atá feicthe riamh i bPáirc an Chrócaigh, é ag aimsiú 2-5 agus lámh aige i mbeagnach gach scór eile a fuair Naomh Uinsionn i gcoinne Mistéalaigh Chaisleán an Bharraigh.

Beidh Naomh Uinsionn ag súil le taispeántas maith eile ó Connolly Dé Domhnaigh, ach fiú amháin má bhíonn sé ciúin, tá tallann acu ar fud na páirce le himreoirí mar Thomás ‘Mossy’ Quinn, Ger Brennan agus Ciarán Dorney.

Tuairim na nGeallghlacadóirí: Naomh Uinsionn – 1/5, Ród – 4/1, Comhscór 12/1

Tuairim Tuairisc.ie: Tá sé deacair aon toradh eile seachas bua Naomh Uinsionn a shamhlú anseo.

 

*Beidh an cluiche idir Naomh Uinsionn agus Ród beo ar TG4 ag 2i.n. agus déanfar cluiche ceannais iomána na Gaillimhe idir Phort Omna agus Gort Inse-Guaire a chraoladh iarbheo ar an stáisiún céanna tar éis chríoch hcluiche ceannais Chúige Laighean.