Port Láirge níos aibí mar fhoireann ná Corcaigh

JOHN ALLEN: Tá cuid mhaith fianaise ann go bhfuil Port Láirge níos láidre ná Corcaigh mar fhoireann.

Port Láirge níos aibí mar fhoireann ná Corcaigh

Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Bhí coimhlint agus cluiche na bliana san iomáint idir Corcaigh agus Tiobraid Árann againn cúpla seachtain ó shin agus bua gan choinne ag na híochtaráin, Corcaigh.

Ansin Dé Sathairn seo caite thaispeáin Loch Garman go bhfuil siad i lár aonach na hiomána arís le taispeántas a bhí lán de spiorad agus díocas. Bhíodar níos fearr ná Cill Chainnigh ó thús deireadh agus bhí an bua tuillte go hiomlán acu . 

Rachaidh Corcaigh chun páirce arís amárach mar íochtaráin agus iad i gcoinne Phort Láirge, contae a chruthaigh anuraidh go bhfuil siad ( b’fhéidir ) ar tí gaisce mór a dhéanamh . Deirim ‘b’fhéidir’ mar, gan dabht, tá stair an spóirt breac le scéalta faoi dhaoine agus foirne a bhí ‘ar tí’ gaisce a dhéanamh ach nár éirigh leo.

Tá sampla amháin d’fhoireann dá leithéid ag muintir Phort Láirge féin: an fhoireann iontach a bhí acu ag tosach na mílaoise, dream nár éirigh leo an soitheach naofa a bhreith leo. Shanahan, Flynn, Brown, Mullane, Kelly, Prendergast. Sárimreoirí iad ar fad a chuir tine ar chraiceann lucht leanta na hiomána ar feadh i bhfad. Ach ainmneacha iad leis, faraor, atá ar liosta ‘na n-imreoirí is fearr nár éirigh leo bonn sinsir uile-Éireann a bhuachan’. Cuimhnigh arís go raibh na himreoirí sin thuas uile ar an aon fhoireann.

Ach is foireann nua í seo agus thaispeánadar anuraidh i gcluiche leathcheannais na hÉireann agus san athimirt nach bhfuil siad i bhfad ón mbarr.

Bhí sé soiléir go luath i mbliana nach raibh Derek McGrath, a chomhghleacaithe bainistíochta agus a fhoireann ag caitheamh ródháiríre lena bhfeachtas sraithe. Rinneadar a ndóthain chun fanacht sa chéad roinn agus ba ríshoiléir ón bhfoireann lag a chuireadar chun páirce sa chluiche ceathrú ceannais nach raibh suim acu dul níos faide sa chomórtas sin.

Tá a fhios againn go bhfuil mianach san fhoireann agus go bhfuil painéal láidir acu agus boinn uile-Éireann na mionúr agus faoi 21 ag mórán acu. Cé go bhfuil cuid mhaith acu óg go leor tá dóthain taithí ar fhoireann na sinsear acu chun go mbeadh seans acu ar chraobh na bliana seo.

Ní dóigh liom go bhfuil aon chead acu leithscéalta a thabhairt as seo amach, ach níl cluiche craoibhe imeartha acu fós agus is míbhuntáiste é sin dóibh, gan dabht. Maidir le buntáistí, ó thaobh na forbartha de, tá siad cúpla bliain chun tosaigh ar Chorcaigh mar fhoireann.

Níl Corcaigh ach ag tosú amach, ach thaispeáin na boic óga nua go bhfuil an díocas, an mianach, an scil agus an goile acu don leibhéal seo. Caithfidh siad an méid sin ar fad a thaispeáint arís amárach, áfach. 

Agus, dar ndóigh, is í an cheist mhór ná an féidir leo é an beart a dhéanamh? Bhíos féin, agus tromlach na meán, mícheart faoi Chorcaigh agus faoi Loch Garman. Bliain eisceachtúil iomána í go dtí seo. An mbeidh an scéal amhlaidh amárach? Mar Chorcaíoch tá súil agam é ach mar fhear anailíse ní mór dom an cluiche a thomhas go neamhchlaonta.

Tá cuid mhaith fianaise ann go bhfuil Port Láirge níos láidre ná Corcaigh mar fhoireann. Tá Corcaigh feicthe i mbun imeartha acu agus seans acu dá réir pleananna a cheapadh lena chinntiú nach mbeidh an méid céanna spáis agus ama acu is a bhí in aghaidh Thiobraid Árann. Tá Austin Gleeson acu. Tá ceachtanna bhabhta leathcheannais na hÉireann 2016 foghlamtha acu agus ba cheacht mór dóibh, ach go háirithe, an tslí nár éirigh leo an gnó a dhéanamh an chéad lá.

Agus an méid sin uile san áireamh agam, is dóigh liom nach gcuirfear den bhóthar amárach iad agus go bhfanfaidh siad ar an mbealach is giorra. 

Fág freagra ar 'Port Láirge níos aibí mar fhoireann ná Corcaigh'

  • Concubhar

    Gach uair a dhéantar tuar ar Tuairisc nach mbeidh an lá le Corcaigh i gcluiche craoibhe, cuireann sé áthas cléibhe orm – nó neartaíonn sé an dóchas ionam go mbeidh an bua againn! GRMA John!