Port Láirge agus an Clár ag ullmhú do dhianchoimhlint sa Chraobh agus a raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chluiche ceannais na sraithe iomána i nDurlas inné, chomh maith leis an gcluiche ceannais i sraith peile na mban inar bhuaigh Ephie Fitzgerald a chéad chorn mar bhainisteoir Chorcaí

Pictiúr: ©INPHO/Cathal Noonan
Pictiúr: ©INPHO/Cathal Noonan

Ní ghéilleann na Cláirínigh

Ní fhéadfadh an Clár tús níos measa a chur leis an gcluiche tar éis do Patrick Curran cúl a aimsiú do Phort Láirge agus gan ach 20 soicind imeartha. D’éirigh rudaí níos measa. D’éirigh le Curran seilbh a fháil ó dhrochphas le Patrick O’Connor agus fuair Jake Dillon an dara cúl do na Déisigh.

Níor ghéill an Clár riamh áfach, fiú agus iad sé phointe chun deiridh cúpla uair sa dara leath. Níor tháinig aon mheath ar a gcuid díocais agus fuair siad luach a gcuid saothair in am gortuithe.

Ní hé seo an chéad uair a bhfuil an tréith seo taispeánta ag na Cláirínigh agus is cinnte go bhfuil bua ar leith iontu. Bhí an t-am caite an tseachtain seo caite nuair a sheol Conor McGrath poc saor thar an trasnán chun am breise a chinntiú agus fiú nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann trí bliana ó shin, ba é pointe dochreidte Dhomhnall O’Donovan, ón mbuille deireanach nach mór, a chinntigh go mbeadh athimirt acu in aghaidh Chorcaí.

Agus tosaithe chomh cumasach sin ag an gClár freisin, beidh sé deacair i gcónaí iad a chur de dhroim seoil.

Pictiúr: ©INPHO/Cathal Noonan
Pictiúr: ©INPHO/Cathal Noonan

Níl aon réiteach ar bhotúin na réiteoirí

Bhí Hawk-Eye á thástáil i Staid Semple an tseachtain seo caite, áis a dhéanfaidh rudaí níos éasca do na maoir chúil, ach ní dócha go mbeidh aon réiteach againn ar bhotúin na réiteoirí go ceann tamall fada.

Agus an cluiche idir dhá cheann na meá, dhiúltaigh réiteoir an lae inné, Diarmuid Kirwan, poc saor a thabhairt do Jake Dillon, cé go raibh sé soiléir gur tarraingíodh siar é. Ina áit sin, bhronn Kirwan poc saor bog go maith ar Tony Kelly, deis a shlánaigh fear Bhaile Uí Aodha chun na foirne a thabhairt ar ais ar comhscór.

Is cinneadh ollmhór a bhí ann mar, dá mbeadh an poc saor sin faighte agus scóráilte ag Port Láirge, táim ionann is cinnte go mbeadh Roinn 1 den tsraith buaite acu don dara huair as a chéile, rud nach bhfuil déanta cheana acu.

Faraor, caithfidh Port Láirge glacadh leis ach tá moladh ar leith tuillte ag Derek McGrath as an dínit a léirigh sé i ndiaidh an chluiche agus as gan Kirwan a cháineadh.

Tá a fhios ag McGrath go dtarlaíonn na rudaí seo agus nach bhfuil leigheas éasca ar an scéal. Ní haon réiteach iomlán ar an scéal go mbeadh deis athfhéachana físe ann nó réiteoirí breise againn, agus beidh orainn glacadh leis go ndéanfar botúin mar seo ó am go chéile.

Pictiúr: ©INPHO/Ken Sutton
Pictiúr: ©INPHO/Ken Sutton

Gach duine ag súil leis an tríú caibidil faoi cheann míosa

I ndiaidh shárchoimhlint an lae inné, is cinnte gur maitheadh peacaí chluiche na seachtaine seo caite i nDurlas don dá fhoireann. Bhí an athimirt chomh maith le haon chluiche a chonaic muid sa tsraith i mbliana agus beidh gach duine anois ag súil leis an gcéad chluiche eile idir na foirne seo sa Chraobh ar an 5 Meitheamh.

Is cinnte gur spreagadh do na foirne an dá chluiche le seachtain anuas chomh maith. I gcás Phort Láirge, go háirithe, beidh nimh san fheoil ann mar gheall ar an gcaoi ar chaill siad cluiche an lae inné agus mórán den tuairim go ndearnadh éagóir orthu ag an deireadh. Ar an gcaoi chéanna, beidh an Clár ag iarraidh a thaispeáint go raibh an bua tuillte acu agus nach ag brath ar chinntí na réiteora atá siad chun na Déisigh a bhualadh.

Ní raibh an bior céanna i gcluiche an lae inné agus a bhí seachtain ó shin ach seans maith go dtiocfaidh athrú air sin le teacht na craoibhe faoi cheann ceithre seachtain.

Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer
Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer

Níl aon stad le gaiscí mhná Chorcaí

Ba mhór an dúshlán a bhí ann d’Ephie Fitzgerald i mbliana agus é ag teacht i gcomharbacht ar Éamonn Ryan mar bhainisteoir ar fhoireann peile na mban. Ar ndóigh, bhuaigh Corcaigh Craobh na hÉireann deich n-uaire agus Ryan i gceannas ar an gcontae.

Drochthús a chuir Fitzgerald agus Corcaigh leis an tsraith agus trí cinn dá gcéad cheithre chluiche caillte acu, i gcoinne Mhaigh Eo, Chiarraí agus Bhaile Átha Cliath. Chuir siad rudaí ina gceart ina dhiaidh sin áfach agus bhain siad áit amach sa chluiche leathcheannais sa bhabhta deireanach den tsraith.

Bhain siad díoltas amach ar Bhaile Átha Cliath sa chluiche sin agus tugadh an deis dóibh an rud céanna a dhéanamh i gcoinne Mhaigh Eo sa chluiche ceannais, deis a thapaigh siad i bPáirc Parnell inné, iad ag buachan le cúl, 1-10 in aghaidh 0-10.

Ba é sin an deichiú huair le 12 bliain anuas gur éirigh leo an tsraith a thabhairt leo agus tabharfaidh sé misneach do Fitzgerald agus é ag iarraidh greim daingean an chontae a choinneáil ar an gCraobh chomh maith.

Fág freagra ar 'Port Láirge agus an Clár ag ullmhú do dhianchoimhlint sa Chraobh agus a raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine'