Port Eile! – Is maith a luíonn na tradisiúin le chéile…

Colún nua ar na halbaim cheol traidisiúnta is déanaí…

hi-res5

Is de bhunú na gCruacha Gorma, i gceartlár Ghaeltacht Thír Chonaill é Padaí Mac Meanmain agus bhí neart ceoil agus damhsa sa teach agus é ag fás aníos. Ní hiontas ar bith é mar sin go bhfuil an ceol go smior i bPadaí agus tá sé sin le cloisteáil go láidir ar an dlúthcheirnín atá seolta aige le gairid Paddy McMenamin & Friends. Is í an fhidil a chasann Padaí agus tá naoi rian déag ar an dlúthcheirnín seo de cheol breá croíúil a chuirfeadh fonn damhsa ort leis an rithim bhreá atá ann. 

I measc na gcairde atá leis ar an dlúthcheirnín seo tá fear cáiliúil an bhosca ceoil Dermot Byrne, Floriane Blancke ar an gcláirseach, Martin Tourish ar an gcairdín pianó, Mairéad Ní Mhaonaigh, Breid Gallagher agus Matt McGranaghan ar na fidil, John Bonner ar an mbainseó, Victoria Bradley ar an bhfliúit, Sharon McElhinney agus Denise Roper ar phianó, Terry McGinty ar an dord, Jim Byrne ar ghiotár agus Kathleen McMenamin ag déanamh damhsa steipe leis an bpíosa ceoil a bhfuil an-tóir air i dTír Chonaill ‘Maggie Pickie’. 

Tá comhrá le cloisteáil freisin idir Padaí agus a chairde agus iad ag cur síos ar na píosaí ceoil agus cuireann sé seo go mór leis an taifeadadh mar go gceapfá gur istigh ar leic an teaghlaigh ag Padaí atá tú agus tú ag éisteacht leis an dlúthcheirnín.

Is as Cloch na Rón i dTuaisceart Chonamara é Fiachra O’Regan agus tá dlúthcheirnín nua seolta aige féin agus a bhean céile Sophie Lavoie as Quebec Cheanada Un Canadien Errant. Tá fear an ghiotáir André Marchand, duine de laochra móra an cheoil i Quebec, ina dteannta.  Fásta a thugann Fiachra & Sophie orthu féin mar ghrúpa agus seo an dara taifeadadh ón mbeirt. Sheol siad a ndlúthcheirnín Rewind cúpla bliain ó shin. 

Tá meascán de cheol dúchais na hÉireann agus Cheanada le cloisteáil ar an dlúthcheirnín seo agus an dá stíl measctha go deas nádúrtha lena chéile. Casann Sophie an fhidil agus an pianó agus casann Fiachra an phíb uilleann, an bainseó agus an fheadóg agus tá amhráin le cloisteáil i nGaeilge agus i bhFraincis ón mbeirt acu chomh maith. Tá Daniel Roy ina aoicheoltóir agus casann sé an trumpa béil ar chuid de na rianta. Casadh Fiachra & Sophie ar a chéile den chéad uair in 2008 agus bhí siad an-tógtha leis na cosúlachtaí atá idir an ceol dúchais ón dá thraidisiún agus ar an gcaoi a luíonn siad chomh maith sin lena chéile.  Casann siad ag coirmeacha ceoil ar fud an domhain mhóir agus is féidir tuilleadh eolais a fháil fúthu féin agus a gcuid ceoil ag sophieandfiachra.com.

  – Is í Neansaí Ní Choisdealbha Eagraí Ceoil RTÉ Raidió na Gaeltachta. Agus cuireann sí na cláir ‘Béal Maidine’ agus ‘Ceol Binn ó na Beanna’ i láthair   

Fág freagra ar 'Port Eile! – Is maith a luíonn na tradisiúin le chéile…'