Port eile! – Colún ar na halbaim cheol traidisiúnta is déanaí

Albam a thugann éachtaint dúínn ar thraidisiún saibhir cheol na hÉireann i Londain agus albam a dhéanann ceiliúradh ar an Éirí Amach atá faoi chaibidil againn an turas seo

Trad port eile

Is minic a deireann ceoltóirí liom go bhfuil an chuid is fearr den cheol traidisiúnta á chasadh i Londain Shasana agus i Meiriceá.  Is cinnte go bhfuil na ceoltóirí sna háiteanna sin níos dílse don cheol dúchais agus tá sin le cloisteáil go láidir ar roinnt dlúthdhioscaí a foilsíodh le gairid.

Tá bailiúchán curtha le chéile ag an Dr. Reg Hall, ar bronnadh Gradam Comaoine Ceoil TG4 air sa mbliain 2009  mar aitheantas ar an obair mhór atá déanta aige le blianta fada ag bailiú ceoil i Londain.  Tá an pacáiste seo ina dhá chuid le trí CD i chaon cheann acu agus 196 rian ceoil ar fad ann agus cur síos breá déanta freisin ar stair an cheoil i Londain agus ar na ceoltóirí sa dá leabhar bhreátha atá leis na taifid.   ‘It Was Mighty!’ – The Early Days of Irish Music in London atá ar an gcéad chuid den bhailiúchán agus ‘It was Great Altogether!’ – The Continuing Tradition of Irish Music in London an teideal atá ar an dara cuid. Den chuid is mó rinneadh na taifid istigh i dtithe ósta ar nós The Favourite agus The Auld Triangle, áiteanna ina mbíodh Éireannaigh chuile oíche don cheol. 

Tá an t-albam seo sa múnla céanna leis an bhfadcheirnín Paddy in the Smoke a foilsíodh i 1969 agus Irish Music in London Pubs a foilsíodh i 1965.  Tá leithéidí Máirtín Byrnes, an fidléir iomráiteach as Oirthear na Gaillimhe ann mar atá na boscadóirí Martin McMahon, Raymond Roland agus Seáinín Phat Mhaidhle Mac Donnchadha, agus na fliúiteadóirí Roger Sherlock, Marcus Hernon agus Michael Hynes. Tá neart eile chomh maith ann a bhaineann le glúin óg ceoltóirí a d’fhás suas i Londain, leithéidí John Carty ina measc. Cuirfidh daoine a chaith tréimhse i Londain suim sa mbailiúchán seo atá foilsithe ag Topic Records agus é ar fáil ar a suíomh idirlín.

CL
Charlie Lennon

Tá ceiliúradh ceoil á dhéanamh ar Éirí Amach 1916 ar an albam ó  Gael Linn Áille na hÁille / A Terrible Beauty – A Suite in Honour of the Heroes of 1916.  Sraith ceol nuachumtha atá anseo ó Charlie Lennon agus tá meascán cineálacha ceoil ann. Tá cúig rian déag ar fad ann, roinnt acu sa múnla traidisiúnta ach tá roinnt ceol clasaiceach ann chomh maith.  Tá Charlie féin le cloisteáil ar an bhfidil agus ar an bpianó i gcuideachta na clainne, Éilís agus Seán ar na veidhlíní chomh maith le Finghin Collins agus is í Elizabeth Cooney a chasann na píosaí clasaiceacha a cumadh go speisialta don phianó agus an veidhlín.

Tá Ronan Browne, Caitlín Nic Gabhann, Jim Higgins i dteannta Charlie agus casann Muireann Nic Amhlaoibh dhá amhrán, ceann i mBéarla ‘I See His Blood’ a chum Seosamh Máire Pluincéid, duine den seachtar laoch agus ‘Fornocht do Chonaic Thú’, dán le Pádraig Mac Piarais. Tá píosaí tiomnaithe do na laochra ar fad, fonn álainn dár teideal ‘Ros Muc’ ó Éilís ar an veidhlín agus ansin píosaí meidhreacha ar nós ‘Port Thomáis Uí Chléirigh’ ó Charlie féin.  Tá cur síos breá déanta ar na píosaí seo a cheanglaíonn iad le saol na ndaoine a bhfuil siad tiomnaithe dóibh.  Tá an dlúthdhiosca le fáil ag siopa Ghael Linn.

– Is í Neansaí Ní Choisdealbha Eagraí Ceoil RTÉ Raidió na Gaeltachta

Fág freagra ar 'Port eile! – Colún ar na halbaim cheol traidisiúnta is déanaí'