Port eile! Cóiriú cuí déanta ar amhráin an Phiarsaigh ar Caithréim

An uair seo is é ‘Apples in Winter’ leis an bpíobaire as Port Láirge David Power agus an fidléir Meiriceánach Willie Kelly agus ‘Caithréim’ le Síle Denvir atá faoi chaibidil ag ár léirmheastóir

Port eile! Cóiriú cuí déanta ar amhráin an Phiarsaigh ar Caithréim
Tús leis an gcoirmcheoil
Tús leis an gcoirmcheoil

Cló Iar-Chonnacht a d’fhoilsigh an dlúthdhiosca Caithréim ar a bhfuil ceol agus amhráin ó dhrámaí an Phiarsaigh le cloisteáil agus iad casta go binn ag an amhránaí agus an cláirseoir as na hAille, Indreabhán, Síle Denvir.  Tá cuma na maitheasa ar a cuid oibre agus tá an t-uafás taighde déanta ag Síle agus a thrácht sin le feiceáil sa leabhrán téagartha atá ag dul leis an dlúthdhiosca seo. 

Chuaigh sí i mbun na hoibre seo ar dtús tar éis Siompóisiam ar an bPiarsach a bhí ar siúl i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach, nuair a d’iarr Róisín Ní Ghairbhí agus Eugene McNulty uirthi cur i láthair a dhéanamh ar an ábhar seo i mí na Samhna 2013. (Bhunaigh Síle an taighde ar an eolas atá curtha ar fáil sa leabhar Drámaí an Phiarsaigh le Ní Ghairbhí agus McNulty).

Tá seacht gcinn d’amhráin ar fad roghnaithe aici agus aithne mhaith againn ar chuid acu Óró mo Bháidín, ’S Ambó Aera, An Draighneán Donn, Ding Dong Dideró agus Caoineadh Mhuire ach tá cúpla amhrán ann nach bhfuil chomh haitheanta sin An Chaithréim ón dráma Mac-ghníomhartha Chúchulainn agus Gráinne Mhaol ón dráma Eoghan Gabha

Tá an phíb uilleann, an fhidil agus an chláirseach lárnach sa gcóiriú atá déanta ag Síle ar na hamhráin seo mar gurbh iad sin na huirlisí a bhí á gcur chun cinn agus á gcasadh ag tús na haoise seo caite nuair a bhí an Piarsach i mbun pinn. 

David and Willie
Willie Kelly agus David Power

Tá Síle féin ag casadh ar an gcláirseach agus tá Aoife Ní Argáin ar an gconsairtín. Tá Síomha Mulligan, Éadaoin Ní Mhaicín agus Claire Dolan ar fhidil, viola agus cello agus is é Thomas Johnson atá ag casadh ar an bpíb uilleann. Tá cóiriú fíor-álainn go deo déanta ag Johnson agus ag Síle ar an amhrán An Draighneán Donn. Tá an dlúthdhiosca seo le fáil ar shuíomh idirlín Chló Iar-Chonnacht.

Apples in Winter an teideal atá ar an dlúthdhiosca atá eisithe le gairid ag an bpíobaire as Port Láirge David Power agus an fidléir Meiriceánach Willie Kelly.  Tá cáil ar an mbeirt seo le fada an lá agus ghlac siad páirt in go leor tograí éagsúla ceoil agus thaifead siad roinnt mhaith le ceoltóirí eile.

Ar an dlúthdhiosca seo tá díséad breá píbe agus fidle curtha le chéile acu.  Tá trí rian déag ar fad ar an taifead, seacht gcinn acu ina ndíséid, trí rian aonair casta ar an bhfidil ag Willie agus trí cinn ar an bhfeadóg agus ar an bpíb uilleann ag David. 

Tá leagan álainn den fhonn mall Stór Mo Chroí casta ag Willie chomh maith le roinnt ríleanna agus poirt a bhfuil blas oirthear na Gaillimhe orthu Ambrose Moloney’s Reel, Joe Madden’s agus Barrel Rafferty’s.  Ní haon iontas é sin mar chaith Willie blianta fada ag casadh ceoil le ceoltóirí oirthear na Gaillimhe i Meiriceá, na fliúiteadóirí Mike Rafferty agus Jack Coen ina measc. 

Tá leagan breá casta ag David den fhonn mall Úrchnoc Chéin Mhic Cháinte agus den rince leithleach a bhfuil an-tóir ag píobairí uirthi Ace and Deuce of Piping chomh maith le dhá ríl atá an-chroíúil go deo ar an bhfeadóg, The Chicago Reel agus The Ash Plant. 

Fág freagra ar 'Port eile! Cóiriú cuí déanta ar amhráin an Phiarsaigh ar Caithréim'