Pornagrafaíocht a chuirfidh preab sa Ghaeilge

Is éard a theastaíonn a dhéanamh chun daoine a chur ag léamh i nGaeilge ná neart gráiscínteachta a chur ar fáil dóibh, nó pornagrafaíocht má tá tú ag iarraidh a bheith níos nua-aimseartha fós faoi.

 

46008-768x1024Is éard a theastaíonn a dhéanamh chun daoine a chur ag léamh i nGaeilge ná neart gráiscínteachta a chur ar fáil dóibh – gáirsiúlacht, graostacht, gnéasúlacht, mígheanas, pornagrafaíocht má tá tú ag iarraidh a bheith níos nua-aimseartha fós faoi.

Seosamh Ó Cuaig is ainm dom agus is iarbhall mé de Léigiún Mhuire agus fear mé a rinne iarracht a dhul isteach in Opus Dei nuair a bhí mé ag obair do RTÉ le súil is go gcuideodh sé sin liom le dul chun cinn a dhéanamh san eagraíocht. (Níor chuidigh).

Ach in ainneoin sin ar fad buaileann smaointe aisteacha fós mé ó am go chéile.

Smaoineamh a bhuail aréir mé agus mé ag brionglóidí sa leaba go bhful bealach éasca go leor ann le daoine a chur ag léamh tuilleadh Gaeilge.

Tá mé sasta an smaoineamh seo a bhronnadh ar Fhoras na Gaeilge gan pingin gan leithphingin (nó gan euro gan cent ba chirte a rá, is dóichí).

Is éard a theastaíonn a dhéanamh ná neart gráiscínteachta a chur ar fáil do na léitheoirí — gáirsiúlacht, graostacht, gnéasúlacht, mígheanas — pornagrafaíocht má tá tú ag iarraidh a bheith níos nua-aimseartha fós faoi.

D’fhéadfaí daoine a chur á chumadh as an nua ach níl aon chall leis, déarfainn; tá neart de i litríocht na Gaeilge cheana ach é a chuartú. Is é an rud atá le déanamh foireann acadúil a chur le chéile a bhaileos é .

B’fhéidir go gcaithfí beagán a íoc leo ach ní bheidh aon chall costais taistil a thabhairt dóibh mar go bhféadfaidh siad coinneáil i dteagmháil le chéile ar an idirlíon. Acadamh Gráiscínteachta na Gaeilge a thabharfar air seo agus gheobhaidh muid Easpag eicínt lena chur ar siúl go hoifigiúil.

Cén cineál ábhair a bheas ann, a deir tú? Seo sampla as “Cúirt an Mheán Oíche” (nó ar “Meon Oíche” atá ann?).

Seo bean atá thar a bheith “frustrated”. Cén Ghaeilge atá ar “frustrated” sa gcás seo? Níl a fhios agam. Ní leor “sáraithe” mar atá ag De Bhaldraithe. Tá an cás níos truaimhéalaí ná sin:

 

“An bhfuil stuaire beo ná feofadh liath

Ag cuail dá shórt bheith pósta riamh

Nár chuartaigh fós fá dhó le bliain

Cé buachaill óg í, feoil nó iasc,

‘S an feoiteach fuar seo suas léi sínte

Dreoite duairc, gan bhua gan bhíogadh?

Óch! Cár mhór di bualadh bríomhar

Ar nós an diabhail de uair gach oíche…

Ní labharfadh focal dá mb’obair an oíche

Is thabharfadh cothrom do stollaire bríomhar,

Go brách ar siúl níor dhiúltaigh riamh é

Ar chnáimh a cúil ‘s a súilibh iata.

Ní thabharfadh preab le stailc míchuíosach,

Fobha mar chat nó sraic nó scríob air,

Acht í go léir ‘na slaod comh sínte

Taobh ar thaobh ‘s a géag ‘na thimpeall,

Ó scéal go scéal ag bréagadh a smaointe

Béal ar bhéal ‘s ag méaracht síos air.

Is minic do chuir sí a cos dtaobh anonn de

Is chuimil a “brush” ó chrios go glún de,

Sciobadh an phluid ‘s an chuilt dá ghúnga

Ag spriongar ‘s ag sult le moirt gan subhachas.

Níor chabhair di cigilt ná cuimilt ná fáscadh,

Fobha dá hingin, dá huilinn ná a sála,

Is nár dom aithris mar chaitheadh sí an oíche

Ag fáscadh an chnaiste ‘s ag searradh ‘s ag síneadh,

Ag feacadh na ngéag ‘s an t-éadach fúithi,

A ballaibh go léir ‘s a déid ar lúthchrith,

Go loinnir an lae gan néall do dhubhadh uirthi

Ag imirt ó thaobh go taobh ‘s ag únfairt.

Nach furas don lobhar seo labhairt ar mhná

Is gan fuinneamh ‘na chom ná cabhair ‘na chnámha.”

 

Agus seo bean atá ag casaoid faoi gan fad ná téagar a bheith san uirlis atá ag a fear siúd. An file as Co. an Chláir, Seon Ó hUaithnín, a chum é:

 

“Mo mhallachtsa dom mhúdar a cheangail mé le stumpa

De scraiste mharbh brúite gan lúth gan aird,

Is go bhfuil mo mhama brúite ó thuargaint fhada an chliúitigh

Is gur troime a chorp ná long ar an linn gan snámh.

Níl aige ach orlach de spadalach chum spóirt dom

Is níobh annamh fear an tomhais sin a dheighilt óna mhnaoi;

Smaoin seal gur tú an spreas a bhrúigh marbh fút mé

Is bheirim duit mo chontracht is adharc tríd mhaoil.”

 

Mura sásaíonn an méid sin daoine, léidís an sciolladh a bhí Antaine Ó Raiftearaí agus na Callanáin a dhéanamh ar a chéile.

Cháin Raiftearaí na Callanáin go binbeach ach rinne duine acu siúd amhrán faoi Raiftearaí ag cur ina leith nár leis a mhac. Thug siad cuntas gléineach ar an gcaoi ar gineadh an mac. Ní bheadh sé mionléirithe leath chomh soiléir ag Jackie Collins ná ag Jilly Cooper an lá ab fhearr a bhí siad.

Bhí sé chomh soiléir go deimhin gur dhiúltaigh Dubhghlas de hÍde é a fhoilsiú ar chor ar bith.

Dúirt sé go raibh sé rógháirsiúil.

Meas tú an bhfoilseodh Tuairisc.ie é?

Fág freagra ar 'Pornagrafaíocht a chuirfidh preab sa Ghaeilge'

  • Eoin Ó Cróinín

    Dar leis an leaid seo gur cheart an rud céanna a dhéanamh i gcás na Laidine: https://www.youtube.com/watch?v=zlbhIqmM_oE&index=84&list=LLQFEeIWhT-IqtowPkDBmJbw.

    Ar ndóigh tá scríbhneoir comhaimseartha againn freisin a bhfuil scéalta earótacha scríofa aige: https://www.amazon.com/An-Leabhar-Craicinn-Scealta-Earotacha/dp/1782010270

  • Aonghus Ó hAlmhain

    Tá. Ach an mó cóip de leabhair Phanu a ceannaíodh agus a léadh?

    Tá amhras orm faoi téis seo faoi ghráiscínteacht!

    • Eoin Ó Cróinín

      Ní hé gur gá scéalta gráiscíneacha a bhrú ar dhaoine, ach a léiriú dóibh go bhfuil a leithéid de rud ann sa Ghaeilge agus nár cheart é a chur faoi cheilt faoi mar a rinneadh chun íomhá chráifeach na Gaeilge a chosaint. D’inis léachtóir dom ar an ollscoil go ndearna scoláire amaideach éigin, sagart is dócha, go ndearna sé scrios ar lámhsríbhinn Gaeilge toisc go raibh gáirsiúlacht ann. Is cosúil nach raibh ach cóip amháin den lámhscríbhinn seo ann agus go bhfuil sé do-léite anois mar gheall ar an scrios a rinne an scoláire seo.

      Ní léir dom anois go bhfuil a leithéid de thuairim ann a thuilleadh gur gá dea-chlú na Gaeilge a chosaint toisc nach sahmlaítear an teanga leis an naofacht níos mó. Ach ní haon dochar é daoin e achur ar an eolas faoi oidhreacht liteartha na teanga.

      An rud is tabhachtaí ná go mbíonn daoine ag léamh ábhair a shíleann siad a bheith suimiúil agus taitneamhach. Is dócha go dtaitneodh na scéalta gáirsiúla le déagóirí ar an meánscoil agus is fiú iad a chur ar an eolas faoin gcineál seo litríochta agus an deis a thabhairt dóibh é a léamh.

      Tá fianaise ann go bhfeabhsaíonn scileanna léitheoireachta daltaí nuair a ligtear dóibh a rogha rud a léamh i gcóir rang amháin ar a laghad in aghaidh na seachtaine: https://www.sdkrashen.com/content/articles/1995_immersion_try_fvr.pdf

  • Luke Callinan

    Muintir Challanáin ar thús cadhnaíochta ariamh