‘Poll tax’ na hÉireann?

An bhféadfadh sé go bhfaigheadh Fine Gael réidh le Enda Kenny mar gheall ar na táillí uisce ar an gcaoi chéanna a dtug na Tóraithe i Sasana an bhuatais do Mhaggie Thatcher mar thoradh ar an gCáin de Réir an Chloiginn, an poll tax?

01/11/2014. Water Protests. Pictured people gather
Lucht agóíde an deireadh seachtaine seo caite. Pictiúr: Photocall Ireland.

Ceist a chuir Tom McGurk Dé Domhnaigh seo caite: an bhféadfadh sé go bhfaigheadh Fine Gael réidh le Enda Kenny mar gheall ar na táillí uisce ar an gcaoi chéanna a dtug na Tóraithe i Sasana an bhuatais do Mhaggie Thatcher mar thoradh ar an gCáin de Réir an Chloiginn, an poll tax?

An lá deireanach de Mhárta 1990, bhí sé ina chíréib ceart críochnaithe i Londain mar gheall ar an gcáin úd.

Bhí 200,000 duine ar na sráideanna agus níobh ionann iad chor ar bith agus an lucht agóide síochánta a bhí ar shráideanna na hÉireann Dé Sathairn seo caite.

Bhí sé ina chath na bpunann idir iad féin agus na póilíni ó Trafalgar Square go Downing Street.

Creachadh siopaí as éadan sa West End agus bhí sé i ndiaidh an mheáin oíche go maith sula raibh na póilíní in ann smacht de chineál eicínt a fháil ar chúrsaí.

Taobh istigh d’ocht mí, bhí an P45 faighte ag Maggie Thatcher agus John Major curtha ina háit.

Chuir seisean deireadh le Cáin na gCloigne, cé gur chuir sé cáin de chineál eile ina háit.

Cuireadh deireadh le táillí uisce sa tír seo cheana freisin de bharr agóidí agus imní faoi olltoghchán.

Ocht mbliana déag ó shin a tharla sé.

Scanraigh an rialtas roimh an bhfeachtas a bhí ar bun ag Joe Higgins agus ag a chairde in aghaidh na dtáillí uisce i mBleá Cliath.

Ba bheag nár bhuaigh Joe fothoghchán i mBleá Cliath Thiar tamall roimhe sin agus bhí imní ar an rialtas anois go ndéanfadh na táillí uisce dochar dóibh san olltoghchán a bhí ar ghort an bhaile.

Ar an 19 Nollaig 1996 tháinig an rialtas le chéile agus i ndiaidh an chruinnithe d’fhógair an té a bhí ina Aire Comhshaoil ag an am, Brendan Howlin, go raibh deireadh glan le cur leis na táillí uisce.

Is fiú cuid de na daoine a bhí ag bord an rialtais an lá sin a ainmniú anseo: Éanna Ó Cionnaith, Richard Bruton, Michael Noonan. Bhí Joan of Arc Burton ina hAire Sóisearach.

Agus cá bhfuair siad an t-airgead leis an mbearna a líonadh, arsa tusa? As an gcáin bhóthair a bhí muid a íoc.

Shocraigh siad go gceadófaí do na comhairlí áitiúla an cháin bhóthair a choinneáil agus a chaitheamh ar an gcóras uisce.

Inniu tá siad ag rá linn gur triomach síoraí atá i ndán dúinn mura n-íocfaidh muid na táillí nua seo. Ní féidir an t-airgead a fháil ar bhealach ar bith eile, a deir siad!

Is iomaí slí a bhfuil olc curtha ar an bpobal ag rialtas an lae inniú ó thosaigh an chonspóid is deireanaí faoi Uisce Éireann.

Is dócha nach raibh ceann ar bith acu ina údar feirge chomh mór leis an mbagairt a rinne siad go gcaithfidh muid na huimhreacha PPS a chur ar fáil dóibh. Comhartha cinnte é sin go raibh sé de rún acu ón tús an comhlacht a phríobháidiú amach anseo.

Cén bhrí ach sí Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Joan of Arc Burton, a shleamhnaigh isteach an mhír nua i ngan fhios do chách beagnach.

Is mar leasú ar Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2014 a rinne sí an chleasaíocht láimhe agus d’aimsigh sí bealach an-ghlic agus an-aisteach lena dhéanamh.

Ar an 7ú lá de Iúil bhí cruinniú de choiste Dála ann. Deich nóiméad roimh an gcruinniú mhol Burton leasú cheithre líne ar an Acht ag cur Uisce Éireann ar liosta na n-eagraíochtaí a d’fhéadfadh uimhreacha PPS a éileamh de réir dlí.

Ní raibh ach beagán Teachtaí Dála i láthair agus níor mhair an díospóireacht ach dhá nóiméad.

Rinne sí chomh scioptha agus chomh héifeachtach sin é gur fhiafraigh Teachta Dála as Fine Gael, Martin Heydon, sa Dáil ina dhiaidh sin “cé as a dtáinig an rud seo faoi na huimhreacha PPS?”

Seo fear a bhí ag an gcruinniú coiste é féin agus a vótáil ar son an rúin!

Is maith ina chéile Joan of Arc Burton agus Uachtarán Siptu, Jack O’Connor.

Dúirt O’Connor an lá cheana dá maithfí na táillí uisce do na daoine go gcaithfí an ghnáthcháin a ardú lena chúiteamh.

Agus cén locht a bheadh air sin, a Shóisialaigh Mhóir, an fhad is go ngearrfaí ar na daoine gustalacha é, ort féin, mar shampla, ar Phil Hogan agus ar bhur leithéidí eile?

Agóid faoi leith a bhí ar fud na tíre Dé Sathairn seo caite.

Ní hé amháin go raibh na sluaite ag máirseáil ach bhí sé le tabhairt faoi deara go soiléir gur ‘gnáthdhaoine’ is mó a bhí ag teacht chun cinn. Níorbh iad seo na ‘usual suspects’ ar chor ar bith.

Bíonn a leithéidí siúd ann freisin, ar ndóigh. Féach céard a scríobh Máirtín Ó Cadhain fúthu sa bpaimpfléad Gluaiseacht na Gaeilge: Gluaiseacht ar Strae:

“An té a fheictear ar chuile phicéad níl maith ann ar aon phicéad. Is fíor a rá nach bhfuil ann ach duine atá ag dul ar phicéid ar mhaithe le bheith ar phicéid.”

Ní mar sin a bhí sé Dé Sathairn.

Is iad gnáthphobal na hÉireann a bhí amuigh. Bhí mná na hÉireann go láidir ina measc agus mura dtuigeann an rialtas gurb iad na mná an chontúirt nuair a bhuaileann cuthach feirge iad ní thuigeann siad tada.

Gabh mo leithscéal anois, tá mo scornach tirim agus caithfidh mé braon uisce a ól…nó deoch eicínt níos saoire má tá sé le fáil.

 

 

Fág freagra ar '‘Poll tax’ na hÉireann?'

  • Mise Áine

    Beidh le feiceáil…níl an rás seo rite fós.

  • Ruth Andrews

    Aontaím go hiomlán leis na daoine a bhí ar na sráideanna. Is iad na daoine seo na daoine a bhfuil ag streachailt agus nuair a smaoinigh tú ar, ní dhéanann sé ciall íoc as rud atá ag titim as an spéir gach lá in Éirinn.