POLASAÍ OIDEACHAIS NA GAELTACHTA: Lá stairiúil? ‘Braitheann sin ar mhaoiniú agus struchtúr…’

Tá polasaí nua don oideachas Gaeltachta á sheoladh ag an Taoiseach Enda Kenny inniu. An cathair mar a tuairisc a bheidh inti?

POLASAÍ OIDEACHAIS NA GAELTACHTA: Lá stairiúil? ‘Braitheann sin ar mhaoiniú agus struchtúr…’

Pictiúr: RollingNews.ie/GIS

Is ar an gCeathrú Rua a bheidh triall lucht páirte an oideachais Ghaeltachta agus an ghaeloideachais ar maidin, agus polasaí nua don oideachas Gaeltachta á sheoladh ag an Taoiseach Enda Kenny i Scoil Náisiúnta Mhic Dara.

Léiriú beag ar an tsuim atá á cur sa seoladh ná go bhfuil ceann de sheomraí ranga na scoile glanta amach do na meáin. Beidh Nuacht a hAon ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i mbun craoladh beo ón ócáid agus tá tine ar chraiceann múinteoirí, tuismitheoirí agus lucht polasaí roimh theacht an Taoisigh agus an Aire Oideachais.

Ní haon iontas é. Lá stairiúil a bheidh ann sa mhéid is gurb í seo an chéad uair ó bunaíodh an Stát a aithneoidh an Roinn Oideachais go hoifigiúil go bhfuil riachtanais ar leith ag daltaí ar cainteoirí dúchais iad agus go bhfuil gá dá réir le polasaí oideachais ar leith don Ghaeltacht.

Níl daoine ag rith le brothall ar fad fós, áfach. ‘Chonac cheana thú fé mar a dúirt an cat leis an mbainne te’ an dearcadh atá go fóill ag roinnt saineolaithe faoin scéal.

Dar le Seosamh Mac Donncha údar Staid Reatha na Scoileanna Gaeltachta, a foilsíodh in 2004, go mbeidh rath an pholasaí ag brath ar dhá rud: “maoiniú” agus “struchtúr”.

“Braitheann sé sa gcéad áit ar céard iad na hacmhainní a chuirfear ar fáil don pholasaí. Mura bhfuil ann ach roinnt airgid do níos mó téacsleabhar Gaeilge, leanfaidh na scoileanna ar aghaidh ag déanamh an rud céanna is atá siad ag déanamh le tríocha bliain anuas. An dara ceist ná an gcuirfear an struchtúr ceart ar fáil. Más gá do scoileanna aitheantas a bhaint mar scoil Ghaeltachta céard iad na coinníollacha a bhainfidh leis an aitheantas sin?

“Agus ina dhiaidh sin, cé a dhéanfaidh breithniú ar na scoileanna agus cén chaoi a ndéanfar monatóireacht ar chur i bhfeidhm an pholasaí. Bhí na dréachtmholtaí go maith, ní fhéadfá mórán a chur leo, ach ní raibh aon sonraí ann faoi acmhainní ná faoi struchtúr.”

Dar leis an iarmhúinteoir Máire Ní Fhinneadha nárbh fhiú mórán an polasaí nua mura dtéitear i ngleic le heilifint an Bhéarla i seomraí ranga na Gaeltachta.

“Ní fiú tada aon pholasaí fad is atá scoileanna Gaeltachta ag múineadh trí Bhéarla. Baintear stádas scoileanna Gaeltachta d’aon scoil atá ag múineadh trí Bhéarla agus tugtar tús áite sna scoileanna Gaeltachta do na gasúir atá á dtógáil le Gaeilge.

“Polasaí eile den chur i gcéill a bheidh ann mura mbíonn tuismitheoirí, múinteoirí agus scoileanna macánta faoin méid sin,” a deir Ní Fhinneadha.

Tá dóchas ag Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas (Gaelscoileanna Teo.), go seolfar inniu polasaí “uaillmhianach, láidir” a bhfuil “bearta soiléir forfheidhmithe luaite leis, mar aon le buiséad cuí imfhálaithe”.

Tá súil ag Ní Ghréacháin leis go dtabharfaidh an polasaí nua “ábhar misnigh” do scoileanna agus do phobal na Gaeltachta agus dúshláin mhóra rompu.

“Molaimid an Roinn as an obair mhór atá curtha isteach i bhforbairt an pholasaí seo, agus tá súil againn gur cáipéis bheo oibre a bheidh inti a thabharfaidh treoir agus infreastruchtúr tacaíochta cuí do na scoileanna,” a dúirt Ardfheidmeannach Gaeloideachas.

Go dtí seo, níor forbraíodh ná níor feidhmíodh aon pholasaí sainiúil le dul i ngleic leis na dúshláin oideachais a bhíonn roimh pháistí, múinteoirí agus scoileanna na Gaeltachta.

Dá bharr sin, deir an eagraíocht, Tuismitheoirí na Gaeltachta, gur “lá stairiúil” a bheidh inniu ann.

“Faoi dheireadh thiar thall tabharfar aitheantas dár gcuid gasúr i gcóras oideachais na tíre seo mar chainteoirí dúchais agus déanfar freastal ar a gcuid riachtanais teanga. Ní beag an méid sin,” a dúirt Tuismitheoirí na Gaeltachta.

Chuir an eagraíocht fainic leis an scéal, áfach.

“Tá súil againn go dtiocfaidh sé [an polasaí] leis an méid a foilsíodh sna moltaí, go ndéanfar beart de réir briathar agus go gcuirfear an maoiniú cuí ar fáil leis an bpolasaí a chur i bhfeidhm go héifeachtach.”

Dhein an Roinn Oideachais costasú ar chur i bhfeidhm an pholasaí nua agus meastar go mbeadh idir €2 milliún agus €3 milliún in aghaidh na bliana ag teastáil dá gcuirfí i bhfeidhm na moltaí ar fad.

Gheall an Taoiseach sa Dáil le déanaí go léireodh na hacmhainní a chuirfear ar fáil don pholasaí oideachais nua go bhfuil an Stát “dáiríre faoi theagasc na Gaeilge”.

“Má táimid dáiríre faoi seo, ní foláir dúinn dul i ngleic leis ar bhealach dáiríre,” a dúirt Kenny. Mhaígh sé go gcuirfear “próiseas nua ar fad” i bhfeidhm sa Ghaeltacht.

Thug caint Enda Kenny ugach dóibh siúd atá ag éileamh le fada go dtabharfaí a cheart don chainteoir dúchais sa chóras oideachais.

Déanfar dianscrúdú ar an méid a bheidh le fógairt ag an Taoiseach i Scoil Mhic Dara inniu.

Fág freagra ar 'POLASAÍ OIDEACHAIS NA GAELTACHTA: Lá stairiúil? ‘Braitheann sin ar mhaoiniú agus struchtúr…’'

  • Manus

    Tá croí na ceiste luaite ag Máire Ní Fhéinneadha – dul i ngleic le heilifint an Bhéarla sa tseomra ranga. Comh fada siar le 2002 thaispeáin an Staidér Chuimsitheach go raibh na scoileanna Gaeltachta ag cothú labhairt an Bhéarla i measc aos óg na Gaeltachta.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tá géarghá le coinníoll daingean Gaeilge a chuir ar an Ghaeltacht, sé sin, más ag ceannacht, ag díol, ag tógáil ar cíos nó ag ligean ar cíos atá tú; caithfidh an Ghaeilg bheith lárnach sa mhargadh sin. Muna bhfuil Gaeilg ag an té a bhíonn ag iarraidh cuir fúthu sa Ghaeltacht, is cuma caidé na ‘fréamhacha’ a bhíonn acu nó fiú muna bhfuil Gaeilg ach ag tuismitheoir amháin, (an mbeidh an tuismitheoir sin ag déanamh teagmháil leis an scoil Gaeltachta nó an mbeidh siad gníomhach i saol na scoile?), cad chuige a’ mbeadh cead acu cónaí a dhéanamh sa Ghaeltacht? Caidé’n dóigh a dtig le duine bheith gníomhach i saol na Gaeltachta muna bhfuil Gaeilg acu?

    Tá go leor daoine anois ag teacht isteach sa Ghaeltacht ag cuartú ‘suaimhneas na tuaithe’ agus ‘radharcanna álainn’ ach gan tuigsint, suim ná meas ar bith acu ar an Ghaeilg ná ar an Ghaeltacht. Agus féach an oiread tithe agus suíomhanna atá ar díol….