Pól Ó Gallchóir ceaptha ina chathaoirleach ar Bhord an Fhorais in éineacht le hochtar ball nua

Glacadh le hainmniúchán Uí Ghallchóir mar chathaoirleach ar bhord na heagraíochta teanga trasteorann ag cruinniú de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas

Pól Ó Gallchóir ceaptha ina chathaoirleach ar Bhord an Fhorais in éineacht le hochtar ball nua

Tá Pól Ó Gallchóir, a d’éirigh as a phost mar Ard-Stiúrthóir ar TG4 i mí Mheán Fómhair, ceaptha ina Chathaoirleach ar Bhord Fhoras na Gaeilge.

Bhí an Conallach 16 bliain ina cheannasaí ar an stáisiún Gaeilge. Glacadh le hainmniúchán Uí Ghallchóir mar chathaoirleach ar bhord na heagraíochta teanga trasteorann ag cruinniú de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas an tseachtain seo caite.

Tagann Ó Gallchóir i gcomharbacht ar Sheosamh Mac Donncha, a bhásaigh i mí na Bealtaine. Bhí Marcus Mac Ruairí ag feidhmiú mar chathaoirleach ar an mbord le tamall anuas.

Is iad na baill nua eile ar Bhord an Fhorais ná Barra Ó Muirí, Máire Ní Neachtain, Rosie Ní Laoghaire, Conor McGuinness, Mairéad Farrell, Maighréad Ní Chonghaile, Sorcha Ní Chéidigh agus Niall Ó Gallchobhair.

Is athcheapacháin iad Rosie Ní Laoghaire, Barra Ó Muirí agus Conor McGuinness.

Tá dhá fholúntas fós le líonadh ar an mbord.

Fág freagra ar 'Pól Ó Gallchóir ceaptha ina chathaoirleach ar Bhord an Fhorais in éineacht le hochtar ball nua'