Pól Ó Gallchóir ag éirí as a phost mar Ard-Stiúrthóir ar TG4

Tá sé i gceist ag Ó Gallchóir éirí as ar an 30 Meán Fómhair agus os cionn 16 bliain caite aige i bhfeighil ar TG4

Pól Ó Gallchóir ag éirí as a phost mar Ard-Stiúrthóir ar TG4

1/2/2012 New TG4 Irish Language TV Shows

Tá Pól Ó Gallchóir ag éirí as a phost mar Ard-Stiúrthóir ar TG4 tar éis dó 16 bliain a thabhairt ina cheannasaí ar an stáisiún Gaeilge.

Ba in Aibreán na bliana 2000 a ghlac Pól Ó Gallchóir stiúir ar TG4 nuair a tháinig sé i gcomharbacht ar Chathal Goan, ceannasaí bunaithe na seirbhíse teilifíse a bheidh ag ceiliúradh fiche bliain ar an bhfód Oíche Shamhna.

Ba faoi chúram Uí Ghallchóir a bhain TG4 neamhspleáchas amach ó RTÉ in 2007.

Agus é ag gabháil buíochais le foireann TG4 ar maidin, dúirt Ó Gallchóir “gur mhaith leis tabhairt faoi dhúshlán éigin eile anois”.

Tá sé i gceist ag Ó Gallchóir éirí as ar an 30 Meán Fómhair.

Bhí tuairimíocht láidir ann go mbeadh an Conallach ag éirí as in Aibreán na bliana seo agus 16 bliain caite aige i gceannas ar an stáisiún Gaeilge.

Thug an Roinn Cumarsáide le fios do Tuairisc.ie i mí Feabhra, áfach, go raibh conradh nua á a thairiscint do Ó Gallchóir.