Poist ‘i mbaol’ i gCultúrlann Uí Chanáin  agus i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich

Tá lucht an dá chultúrlann ó thuaidh buartha faoin scéal go ndéanfar ciorrú ar a mbuiséid an bhliain seo chugainn

Poist ‘i mbaol’ i gCultúrlann Uí Chanáin  agus i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich

Tá an baol ann go gcaillfear poist i gCultúrlann Uí Chanáin i nDoire agus i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste.

Agus é faoi agallamh inniu ar Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Déaglán Ó Mocháin, Cathaoirleach Bhord Chultúrlann Uí Chanáin i nDoire, gur chuir Foras na Gaeilge in iúl ag cruinniú Dé hAoine seo caite go bhféadfadh ciorrú idir £60,000 agus £120,000 a bheith i ndán don chultúrlann an bhliain seo chugainn.

Mhaígh Ó Mocháin go bhfágfadh a leithéid de chiorrú go gcaillfí ceithre phost sa Chultúrlann – post an Príomhfheidhmeannaigh, post an Bhainisteora, agus dhá phost eile a bhaineann le cúrsaí teanga agus seirbhísí óige.

Thug Ó Mocháin le fios nach bhféadfadh an Chultúrlann feidhmiú d’uireasa na bpost sin toisc go raibh cuid mhaith post eile “ag brath” orthu.

Tá 35 duine ag obair sa Chultúrlann i nDoire, agus bíonn 400 duine ag freastal ar ranganna Gaeilge ann.

Idir an dá linn, dúirt Aisling Ní Labhraí, Stiúrthóir Chultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste, ar an gclár céanna go bhféadfadh trí phost a bheith i mbaol sa chultúrlann sin dá gcuirfí na ciorruithe i bhfeidhm.

“Bhí cruinniú iontach cosúil leis sin againne chomh maith.  Tá muid go fóill ag fanacht ar scéal oifigiúil, níl rud ar bith againn i scríbhinn.  D’iarr muid cruinniú ar an Fhoras leis seo uilig a shoiléiriú.  Go bunúsach, tá an rud ceannann céanna ráite linn…”

Dúirt Stiúrthóir Chultúrlann McAdam Ó Fiaich gur “tubaiste” a bheadh ann do phobal na Gaeilge i mBéal Feirste dá gcuirfí na ciorruithe i bhfeidhm mar go bhfuil an chultúrlann “i gcroílár phobal na Gaeilge”. 

“Cuireann muid réimse leathan seirbhísí ar fáil le go dtig le daoine saol trí Ghaeilge a bheith acu,” a dúirt Aisling Ní Labhraí.

Sa chás go gcuirfí na ciorruithe i bhfeidhm ní bheadh sé d’acmhainn ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich an Bainisteoir Imeachtaí, an Bainisteoir Forbartha agus an Timire Tí a fhostú a thuilleadh, a dúirt Ní Labhraí.

Fág freagra ar 'Poist ‘i mbaol’ i gCultúrlann Uí Chanáin  agus i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich'

  • Concubhar

    An ndéanann Tuairisc aon tuairisicu seachas ath-thuairisciú ar scéalta ar Raidió na Gaeltachta? An mbacann siad an fón a phiocadh suas ar chorr ar bith seachas bheith ag éisteacht de shíor le Barr Scéalta nó Cormac ag a Cúig? An bhfuil iriseoireachta na Gaeilge marbh anseo?

  • Fachtna

    Níor mhiste a rá go bpiocann Cormac ag a Cúig suas ar scéalta i Tuairisc.ie go minic.