Poist do chraoltóirí páirtaimseartha ar fud na tíre fógartha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta

Daoine a bhfuil “Gaeilge den scoth acu, idir scríobh agus labhairt” atá á lorg ag an stáisiún Gaeltachta chun obair thaighde, léirithe agus láithrithe a dhéanamh ar chláir agus míreanna nuachta i réimsí éagsúla

Poist do chraoltóirí páirtaimseartha ar fud na tíre fógartha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tá painéal clár-reachtairí á chur le chéile ag RTÉ Raidió na Gaeltachta do stiúideonna an stáisiúin i mBaile Átha Cliath, i nDún na nGall, i nGaillimh agus i gCiarraí.

Tá daoine a bhfuil “Gaeilge den scoth acu, idir scríobh agus labhairt” á lorg ag an stáisiún Gaeltachta le dul i mbun oibre taighde, léirithe agus láithrithe ar chláir agus míreanna nuachta i réimsí éagsúla- cúrsaí reatha, spórt, ceol, siamsaíocht agus cláir irise.

Is conarthaí “ócáideacha” atá á dtairiscint ag RTÉ agus beidh na clár-reachtairí a gheobhaidh iad ag obair leis an eagraíocht stáit go ceann dhá bhliain.

Ní tuarastal bliantúil atá á thairiscint, ó tharla gur conradh ócáideach a bheidh ann, ach íocfar idir €20.67 agus €27.26 in aghaidh na huaire. Uaireanta oibre “solúbtha agus neamhrialta” a bheidh i gceist sa phost agus beifear ag súil go mbeidh an fostaí ag obair ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire poiblí chomh maith le gnáthlaethanta oibre.

Cuirfear agallamh ar iarrthóirí ar an bpost chomh maith le tástálacha micreafóin agus méasúnú cumais.

Tuigtear do Tuairisc.ie go mbeidh ar na clár-reachtairí atá ar phainéal ag RTÉ Raidió na Gaeltachta cheana féin cur isteach arís ar na conarthaí seo chomh maith.

Fág freagra ar 'Poist do chraoltóirí páirtaimseartha ar fud na tíre fógartha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta'

  • Ailbe o raghallaigh

    Ailbe

  • Mairéad de Paor

    Poist do chraoltóirí páirtaimseartha ar fud na tíre fógartha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta’

    Tá mé ag fiosrú faoi na poist do chraoltóirí páirtaimseartha.

  • Aine Holt

    Tà mé ag fiosrú faoin bpost nua fògraithe.

  • Mícheál Ó Mainín

    Aon scéal faoi na postanna páirtaimseartha san fós nú cad atá le déanamh agam chun cur isteach ortho?