‘Pointí breise’ don Ghaeilge san Ardteist molta ag Seanadóir

Dúirt an Seanadóir Robbie Gallagher go bhfuil sé i gceist aige an cheist seo a tharraingt anuas le hurlabhraí oideachais Fhianna Fáil, Thomas Byrne, an tseachtain seo chugainn

‘Pointí breise’ don Ghaeilge san Ardteist molta ag Seanadóir

Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Tá molta ag Seanadóir de chuid Fhianna Fáil go dtabharfaí pointí breise do dhaltaí Ardteiste a thabharfadh faoin scrúdú ardleibhéil sa Ghaeilge faoi mar a thugtar do dhaltaí a thugann faoin Mata ag an Ardleibhéal.

Robbie Gallagher

Ag labhairt do le Tuairisc.ie, dúirt an Seanadóir Robbie Gallagher gur spreagadh a bheadh ann do dhaltaí meánscoile an Ghaeilge a fhoghlaim i gceart dá dtabharfaí córas isteach cosúil leis an gceann atá ann don Mhatamaitic faoi láthair.

Dúirt sé go bhfuil an córas sin “ag obair go han-mhaith” don Mhata agus nach bhfuil fáth ar bith nach n-oibreodh sé chomh maith céanna don Ghaeilge.

Ní polasaí páirtí de chuid Fhianna Fáil atá i gceist le moladh an tSeanadóra, ach dúirt sé le Tuairisc.ie go bhfuil sé i gceist aige an cheist a tharraingt anuas leis an Teachta Dála Thomas Byrne, urlabhraí oideachais an pháirtí, an tseachtain seo chugainn.

“Níl anseo ach tuairim phearsanta, bhí mé ag labhairt le dalta scoile atá ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge, agus bhí muid ag caint faoi na bealaí a bhféadfaí níos mó daltaí a chur i dtreo na Gaeilge ar scoil.

“Is iomaí bealach atá ann a d’fhéadfaí an Ghaeilge a dhéanamh níos tarraingtí do dhaltaí meánscoile agus ba cheart dúinn na bealaí sin uilig a fhiosrú,” a dúirt Gallagher.

Faoin scéim atá i bhfeidhm do chúrsa na Matamaitice, bronntar 25 pointe breise Ardteiste ar an dalta a n-éiríonn leis grád D3 nó níos airde a bhaint amach sa Mhata sa scrúdú ardleibhéil.

Fág freagra ar '‘Pointí breise’ don Ghaeilge san Ardteist molta ag Seanadóir'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Cinnte, poinntí breise san Ardteist don Ghaeilge, ach é a dhéanamh níos dubhshláine ná mar atá. Ach ba cheart na poinntí bónais breise a thabhairt don Bhéarla chomh maith, ar chúiseanna cothromaíochta.

  • Manus

    Ní leor an moladh seo ar cor ar bith. Is léir nach dtuigeann an Fianna Fáilí seo an drochstaid ina bhfuil teagasc na Gaeilge ag an dara leibhéal. Is cúrsa don bhfoglaimeoir ar bheagán Ghaeilge an cúrsa Ardleibhéil Ardteiste. Níl litríocht i gceist dáiríre ach cúpla dán agus cúpla caibidil as úrscéil. TÁ cúrsa eile ag teastáil dos na scoláirí sna Gaelcholáistí agus an dornán scoil sa Ghaeltacht Oifigiúil atá ag teagasc tré mheán na Gaeilge.

  • Aonghus Ó hAlmhain

    Ba cheart fáil réidh ina iomláine le córas na bpointí. Córas ciondála atá ann, le dul i ngleic le ró éileamh ar sholáthar áiteanna ollscoile.

    Ach córas mí chothrom atá ann a fhágann tóir ar ‘onóracha éasca’ seachas oideachas agus spéis ag daltaí.

    Má tá pointí de dhíth is ar bhonn percentíl ba cheart iad a dháileadh, i. Na pointí is airde ag an dream is fearr a chruthaigh i scrúdú ar leith.