Póilíní Merseyside cáinte ag Sinn Féin as cosc ar Chumann na mBan

Cuireadh cosc ar shuaitheantais, bratacha, éadaí, nó rud ar bith eile a raibh na focail ‘Cumann na mBan’ scríofa orthu ag paráid i Learpholl Dé Sathairn

Jennifer McCann, MLA, le  druma mór Chumann na mBan taobh amuigh den Chlub Éireannach, Learpholl. Agus an banna cheoil ag seinm taobh istigh.
Jennifer McCann, MLA, le druma mór Chumann na mBan taobh amuigh den Chlub Éireannach, Learpholl. Agus an banna cheoil ag seinm taobh istigh.

Cháin Jennifer McCann, Aire Sóisearach de chuid Shinn Féin, Merseyside Police as na srianta a chuir siad ar chomóradh Chumann na mBan i Learpholl ag an deireadh seachtaine.

D’eagraigh Cumann na mBan paráid trí lár na cathrach, le sé bhanna ceoil, ach dúirt na póilíní go raibh cosc ar shuaitheantais, bratacha, éadaí, nó rud ar bith eile a raibh na focail ‘Cumann na mBan’ scríofa orthu.

Thug an tArd-Chonstábla Darren Martland, le fios go bhfuair sé comhairle dhlíthiúil ón Crown Prosecution Service, á chur in iúl dó go bhfuil cosc ar Chumann na mBan faoin Acht Sceimhlitheoireachta 2000.

Tháinig mná ó bhannaí fífeanna éagsúla le chéile i mbliana chun seinm le chéile thar ceann Chumann na mBan.

Tá ‘Cumann na mBan’ greanta ar an druma mór atá acu, agus cé gur bhain siad úsáid as an druma céanna ag paráidí in Alban agus i dTuaisceart na hÉireann, fógraíodh cosc air i Learpholl.

Dúirt Jennifer McCann go raibh sé “scannalach” nach raibh na hÉireannaigh i Learpholl ábalta comóradh cuí a dhéanamh ar thréimhse thábhachtach sa stair, tréimhse a raibh Éireannaigh as Learpholl páirteach in imeachtaí éagsúla lena linn.

Mhol sí na daoine a bhí i láthair ag an bparáid, go mór mór Banna Ceoil Chumann na mBan. “Ní saoirse go saoirse na mban,” a dúirt sí leis an slua ag an Pier Head, Learpholl ag deireadh na paráide Dé Sathairn seo caite,

Ba é an grúpa Cairde na hÉireann a d’eagraigh an ócáid agus thug urlabhraí dá gcuid suntas do na srianta a chuir Merseyside Police air. Ní raibh na srianta céanna ar pharáid le dílseoirí i Learpholl i 2012 nuair a rinne siad comóradh ar an UVF, a dúradh. Chaith siadsan éidí agus suitheantas de chuid an UVF agus d’iompair bratacha UVF agus seanraidhfilí trí lár na cathrach. Tá cosc ar an UVF faoin Acht Sceimlitheoireachta 2000.

Bhí grúpa de chuid Chumann na mBan, Learpholl, páirteach in Éirí Amach na Cásca, 1916.