Póilíní fós ag ceilt eolais faoi mharú Arlene Arkinson tar éis 22 bliain

Marú Arlene Arkinson - tar éis 22 bliain, cén fáth a bhfuil na póilíní ag iarraidh eolas a cheilt faoin bhfiosrú?

01_15140551_c9f89a_2691359aBhí Arlene Arkinson cúig bliana déag d’aois nuair a chuaigh sí ag dioscó i mBun Dóráin le cairde ar an tríú lá déag de Lúnasa 1994. Nuair a tháinig siad abhaile go Caisleán na Deirge i gContae Thír Eoghain scaoileadh na daoine eile as an gcarr i dtosach agus thiomáin Robert Howard, 51, ar aghaidh le Arlene. Níor facthas í ariamh ó shin.

Thóg sé achar fada sular glacadh leis go hoifigiúil go raibh sí marbh. Is iomaí áit a cuardaíodh ach níor fritheadh a corp. Tá cróinéir i mBéal Feirste i mbun ionchoisne faoina bás le coicís, ag druidim le dhá bhliain is fiche ó maraíodh í. Údar buartha dá muintir ab ea an mhoill a cuireadh ar an gcoiste cróinéara le blianta ach cothaíodh imní i measc an phobail ar fad nuair a cheadaigh aire in Oifig Thuaisceart Éireann thar ceann rialtas na Breataine teastas don PSNI chun faisnéis sa chás a cheilt ar an gcoiste cróinéara.

Céim as an gcoitiantacht amach is amach is ea é seo. Ní raibh paraimíleataigh ná sceimhlitheoirí d’aon tsórt ná slándáil an stáit i gceist. Cén sórt faisnéise atá níos tábhachtaí ná beatha páiste cúig bliana déag? Céard atá le ceilt?

D’éist an cróinéir Brian Sherrard, faoi rún, leis na hargóintí faoi eolas a bheith á cheilt ar mhuintir Arkinson agus ar an bpobal ach ní dhearna sé rialú go fóill faoin teastas a cheadaigh an rialtas. Ar bhonn slándála agus mar sciath chosanta don stát ó sceimhlitheoirí a cheadaítear na teastais seo, dar leis na húdaráis. Ba é rún na Breataine a leithéid a dhéanamh i gcásanna stairiúla agus ba é an chúis leis an easaontas idir an Státrúnaí Villiers agus Sinn Féin a tháinig salach ar shocrú faoi oidhreacht na dtrioblóidí sna cainteanna roimh Nollaig.

Is iondúil gur gníomhairí, modhanna cúléisteachta agus ainmneacha na ndaoine a bhí freagrach as cinntí agus as ionramháil ghníomhairí a bhítear ag ceilt. Slándáil náisiúnta nó leas an phobail a bhíonn i gceist, dar leis na húdaráis. Tá an-chuid ceisteanna ag daoine faoin bhfiosrú ar chás Arlene. Tuige, mar shampla, ar cuardaíodh gairdín a deirféar, Kathleen, mar chuid den chuardach? Níor fritheadh tada. Masla i gceann na héagóra do Kathleen. Ar ghníomhaire nó amhrastach faoi ndear é?

Sa bhliain 2005 fritheadh Robert Howard neamhchiontach as dúnmharú Arlene. Níor insíodh don ghiúiré go raibh Howard i bpríosún, agus é ciontaithe as dúnmharú cailín 14 bliana d’aois, Hannah Williams, i Londain i 2001. Fuair Howard bás sa phríosún anuraidh in aois 71 bliain. Tá an PSNI cinnte gurb é a mharaigh Arlene.

Tá fianaise tugtha don choiste cróinéara gur iarr Howard ar fhinnéithe bréag a insint faoin oíche a ndeachaigh siad go Bun Dóráin. D’iarr sé orthu gan a rá gur tháinig Arlene abhaile leo – leisean, go sonrach – mar go raibh sé amuigh ar bannaí. Bhí sé ar bannaí ar chúiseamh go ndearna sé ionsaí gnéis ar dhéagóir eile i gCaisleán na Deirge.

Anuas ar sin tá fianaise tugtha gur ghníomhaire de chuid an RUC ab ea Howard agus go raibh a fhios ag gach duine é. Dúirt finné gur iarr na póilíní uirthise lóistín a thabhairt do Howard ach nár inis siad di cén sórt é (‘sé sin gur choirpeach gnéis é). Bhí an bhean, Patricia Quinn, agus a hiníon cairdiúil le Arlene agus is mar sin a chuir Howard aithne uirthi. Dúirt Quinn gur admhaigh póilín nuair a cheistigh sí é i bhfad i ndiaidh an dúnmharaithe gur ghníomhaire é Howard.

Tá ábhar drámatúil, truamhéalach cloiste sa chúirt. Ní hiontas sin. Bhí trioblóidí ag Arlene. Fuair a máthair bas trí bliana roimhe sin, bhí fadhb ólacháin ag a hathair agus ciontaíodh a deartháir céile as caidreamh gnéasach léi. Bhí sí goilliúnach. Fearacht mhuintir na ‘disappeared’ ba mhaith leis an gclann a taisí a fháil agus í a chur in uaigh lena máthair. ‘Sé an rud is lú a bhí dlite di agus dá muintir nach ndéanfaí iarracht an fhianaise faoina bás a cheilt. Más gá chuige sin go nochtfaí easnaimh ar an bhfiosrú agus go bhfaighfí lochtanna sa chaoi a láimhseáladh gníomhaire, nach cuma?

Déantar é. Is lú an dochar do riar na córa a dhéanfaidh trédhearcacht ná mar atá á dhéanamh ag an amhras atá cothaithe ag an bhfolú agus ag an rúndacht.