POÍLÍN NÍ CHIARÁIN: Íobartaigh na dTrioblóidí – an bhfágfar na leathanaigh bán?

Bhí teachtaireacht lom ar leathanaigh na bhfógraí ar an Irish News an tseachtain seo, teachtaireacht a tharraing aird athuair ar chás íobartaigh na dTrioblóidí

POÍLÍN NÍ CHIARÁIN: Íobartaigh na dTrioblóidí – an bhfágfar na leathanaigh bán?

Bhainfeadh sé geit as éinne. B’in é a chuspóir. Dhá leathanach bhána mar bhreithiúnas ar an Tús Nua a bhí bliain d’aois le gairid. Ionsaí ar rialtas na Breataine go háirithe a bhí ann, i ngeall ar an bhfaillí ar íobartaigh na dTrioblóidí ach ba dhaoradh ar an bhFeidhmeannas i Stormont é chomh maith.

Ar leathanaigh fógraíochta an nuachtáin, The Irish News a bhí an teachtaireacht. Bhí ceithre líne scríbhinne ag barr an chéad leathanaigh agus gan faic eile orthu ach ainm eagraíocht d’íobartaigh ag bun an dara ceann.

Seo mar bhí: ‘Since the Fresh Start Agreement of November 2015 the British Government has delivered the following for the thousands of victims and survivors of the conflict…

Agus ansin tada….

Ní fada go mbeidh leathbhliain caite ag James Brokenshire mar Státrúnaí Thuaisceart Éireann. Nuair a cheap Príomh-Aire nua na Breataine Theresa May sa phost é tar éis an reifrinn ar Bhreatimeacht gheall sé go ngabhfadh sé i ngleic le hoidhreacht na dTrioblóidí mar thosaíocht.

Thug sé sin uchtach d’íobartaigh a bhí gonta go dona nuair a theip ar an bhFeidhmeannas agus an dá rialtas déileáil lena gcás mar chuid den Tús Nua. Cuireadh oidhreacht na dTrioblóidí ar an mhéar fhada sna cainteanna anuraidh nuair a d’éirigh idir an Bhreatain agus Sinn Féin faoi cheilt eolais oifigiúil ar mhaithe le slándáil an stáit. D’aontaigh an DUP leis an rialtas. Maíodh cúpla babhta ó shin go raibh foirmle molta ag Sinn Féin chun an deacracht a shárú ach níor bhrostaigh sé sin an Státrúnaí.

Dhreoigh muinín na n-íobartach i Brokenshire de bharr na géarchéime faoi ionchúisimh. Mar atá ráite anseo againn go mion minic, thairg an Príomh-Bhreitheamh Sir Declan Morgan plean chun an riaráiste suntasach d’ionchúisimh stairiúla a ghlanadh, ach chuir Arlene Foster, an Chéad-Aire bac ar iarratas ar mhaoiniú. Buille sa bhreis ab ea é nuair a dhiúltaigh an Státrúnaí Brokenshire déileáil leis an gceist.

Ní féidir a chur as an áireamh go bhfuil súil ag Brokenshire ar Westminster, áit a bhfuil móramh beag bídeach na dTóraithe laghdaithe de bheirt le déanaí. Níl Brokenshire dall ar an scéal go bhfuil ocht suíochán ag an DUP. Dá bhrí sin, má tá doicheall ar Arlene agus an DUP roimh bheart, is beag seans go ndéanfaidh Brokenshire aon ní a chuirfeadh as dóibh. Teastaíonn ó cheannaire an DUP go ndíreofaí ar choireanna an IRA agus maíonn sí go bhfuiltear ag díriú an iomarca ar fhórsaí an stáit.

Dá mbuíochas, bhí coireanna stáit i mbéal an phobail an tseachtain seo. Dí-adhlacadh corp an déagóra Daniel Rooney i mBéal Feirste, mar ar lámhach aonad rúnda d’Arm na Breataine é i 1972 agus chuir an PSNI tús le fiosrú dúnmharaithe. I nDoire fuair muintir an pháiste Manus Deery faoiseamh éigin nuair a d’admhaigh Roinn Cosanta na Breataine gur mharaigh saighdiúir é san éagóir i 1972. Bhí Manus, 15 bliana agus é ag ithe sceallóg lena chairde ar an tsráid nuair a maraíodh é. Bhí moill 44 bliain ar an bhfírinne.

Eisceachtaí iad na cásanna ina bhfaigheann daoine freagraí, áfach. Mharaigh an IRA, INLA, an UDA/UFF, an UVF agus miondreamanna eile, chomh maith le hArm na Breataine agus an RUC, daoine. Tá céatadán an-ard de ghaolta na ndaoine sin sa tóir ar eolas. Tá cúisimh á n-éileamh ag roinnt agus admháil faoinar tharla á iarraidh ag na sluaite.

Ag tús na míosa seo caite, thug an Státrúnaí Brokenshire le fios nach mbrostódh sé. Bhí sé níos tábhachtaí go mbeadh an cur chuige ceart, éifeachtach ná rudaí a dhéanamh faoi dheifir, a dúirt sé, agus é a thabhairt le fios go gcuirfí dlús le comhairliúchán poiblí de shórt éigin. Níor tharla tada go fóill. B’in é ba chionsiocair leis an bhfógra sa nuachtán.

Ach an é nach bhfuil ról ar bith ag an bhFeidhmeannas, an DUP agus Sinn Féin. sa scéal? Is ar rialtas na Breataine amháin a chuireann Sinn Féin an milleán. Deir an DUP gur faoi Shinn Féin agus an rialtas atá sé an t-easaontas eatarthu a réiteach. Díol suntais é nach ndearna Arlene Foster agus Martin McGuinness oiread agus tagairt amháin d’oidhreacht na dTrioblóidí ná faoiseamh d’íobartaigh i gcomh-alt nuachtáin a foilsíodh Dé Luain inar mhol siad an obair a rinneadar le bliain maille lena bplean don tréimhse 10 mbliana seo romhainn.

An raibh sé sin níos ionraice ná geallúintí James Brokenshire? Más í an fhírinne nach bhfuil faoiseamh i ndán d’íobartaigh – má táthar chun na leathanaigh a fhágáil bán – nárbh fhearr é sin a admháil anois? Más é a mhalairt de scéal é, tá sé thar am gnímh.

Fág freagra ar 'POÍLÍN NÍ CHIARÁIN: Íobartaigh na dTrioblóidí – an bhfágfar na leathanaigh bán?'