Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag súil le ceann den bheagán corn nach bhfuil acu a bhuachan amárach

Imreoidh Pobalscoil Chorca Dhuibhne i gcluiche ceannais Chorn Paul McGirr amárach agus aghaidh á tabhairt acu ar Choláiste Naomh Pádraig, Machaire Rátha

Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag súil le ceann den bheagán corn nach bhfuil acu a bhuachan amárach

Cheapfá ag an tráth seo nach raibh mórán fágtha nach raibh buaite ag foirne peile Phobalscoil Chorca Dhuibhne.

Tá Corn Uí Ógáin, Corn Uí Mhuirí, Corn Uí Shuilleabháin, Corn an Fhriúnnaigh, Corn Dunloe, agus Corn Uí Mhóráin uile buaite ag scoil an Daingin le blianta beaga anuas, ach tá deis ag foireann óg eile ón scoil cur leis an liosta gaiscí stairiúla sin tráthnóna amárach. I gcluiche ceannais Chorn Paul McGirr, Craobh Shóisir A na hÉireann atá buachaillí na Pobalscoile an turas seo.

Bhuaigh formhór na n-imreoirí a bhuaigh Corn Uí Ógáin leis an bPobalscoil Corn an Fhriúnnaigh, Craobh Shóisir na Mumhan, chomh maith in 2012 agus 2013, ach ní raibh an deis acu dul níos faide ná sin óir níor tháinig ann don chomórtas uile-Éireann sa ghrád sin go dtí 2014.

Má éiríonn leo amárach, mar sin, beidh na himreoirí óga seo in ann a bheith ag maíomh sa bhaile go bhfuil gaisce déanta acu nach ndearna a ndeartháireacha in ainneoin ar bhuaigh siad féin. Ní beag an spreagadh an méid sin ann féin, dar le bainisteoir na foirne, Éamonn Fitzmaurice.

“Daoine ar nós Ruairí Uí Bheaglaoich. Tá bailiúcháin de bhoinn ag Brian agus Caoimhghín [deartháireacha Ruairí] ach ba bhreá leis an corn seo a bhuachan, ceann nach bhfuil ag ceachtar den bheirt eile,” arsa Fitzmaurice agus é faoi agallamh an tseachtain seo ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Rompu i gcluiche ceannais an lae amárach tá Coláiste Naomh Pádraig, Machaire Rátha, scoil a bhfuil suas le 1,300 dalta ag freastal uirthi. Tá taithí mhaith ag an bPobalscoil ar bheith ag imirt in aghaidh bhuachaillí Dhoire, agus bhuaigh siad ar an scoil chéanna nuair a thug siad leo Corn Uí Ógáin den chéad uair in 2014.

Nuair a bhuadar arís an corn céanna an bhliain dár gcionn, imreoirí ó chumainn an Daingin agus na Gaeltachta amháin a bhí ar an bhfoireann a thosaigh sa chluiche ceannais, ach tá ionadaíocht ag cumainn eile iarthar Chiarraí ar an bhfoireann seo. Bhí ceathrar ó Abhainn an Scáil ar an bhfoireann a bhuaigh cluiche ceannais na Mumhan, Killian Ó Failbhe, a d’aimsigh cúl na cinniúna sa chluiche sin, ina measc.

Deir Fitzmaurice go raibh tionchar ag rath na scoile le blianta beag anuas ar an ngné seo de scéal na caide sa Phobalscoil.

“Ar shlí amháin, bhí tionchar ag an ré órga sin ar leaids ó Abhainn an Scáil a tháinig anseo. Bhíodar sa bhunscoil agus bhíodar ag féachaint orainn ag déanamh an-mhaith agus nuair a bhí an cinneadh le déanamh, tháinig siad anseo. Agus gan dabht, bhí ceangal ag a gcuid tuismitheoirí leis an nGaeltacht agus leis an nDaingean, b’fhéidir gur chabhraigh sé sin chomh maith.

“Murach na leaids sin ó Abhainn an Scáil, ní bheadh muid sa chluiche ceannais, tá sé chomh simplí leis sin. Tá tionchar an-mhór acu. Tá geaing acu ar an bpainéal agus ceathrar nó cúigear ar an gcéad fhoireann,” a dúirt bainisteoir Chiarraí ar An Saol Ó Dheas.

Tá fréamhacha ag an bhfoireann seo níos faide ó bhaile ná Abhainn an Scáil freisin. Fear Gaeltachta, Franz Sauerland, atá ina chaptaen ar an bhfoireann. Is as an nGearmáin agus Gána tuismitheoirí Sauerland agus tá gaol aige leis an imreoir aitheanta sacair Jerome Boateng. I measc phríomhimreoirí eile na foirne tá Deividas Uosis ar tháinig a muintir chun cónaí sa Daingean ón Liotuáin.

Ní foláir do Sauerland, Uosis agus a gcomhghleacaithe a bheith i mbarr a maitheasa más fúthu an ceann is fearr a fháil ar Choláiste Naomh Pádraig sa Droichead Nua amárach agus an mianach atá iontu léirithe go maith ag an dá fhoireann go dtí seo sa chomórtas.

Ó chuaigh Fitzmaurice i bhfeighil ar an ngrúpa imreoirí seo agus iad sa chéad bhliain, tá cúpla cluiche ceannais caillte acu, ceann in aghaidh Choláiste Bhréanainn Chill Airnea agus ceann in aghaidh Scoil na mBráithre Críostaí, Trá Lí. Bhí díocas iontach ina gcuid imeartha le cúpla cluiche anuas, áfach.

Bhuaigh siad ar scoileanna Thrá Lí agus Cill Airne i gcluiche leathcheannais agus cluiche ceannais na Mumhan faoi seach agus bhíodar sé phointe chun deiridh ag leath ama i gcluiche leathcheannais na hÉireann in aghaidh churaidh Chonnacht, St Attracta’s Shligigh. D’imríodar ar fheabhas sa dara leath an lá sin chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannais an tSathairn.

Dúirt Fitzmaurice nár bhuail aon scaoll na himreoirí agus iad chun deiridh sa chluiche leathcheannais sin.

“Uaireanta, nuair atá cluichí agat seachtain i ndiaidh seachtaine, bíonn tú mall ag tosnú ach de réir mar a bhíonn an cluiche ag dul ar aghaidh, bíonn tú ag fáil níos láidre agus níos láidre. Dúirt mé é sin leis na leaids roimis an chluiche agus arís ag leath ama, de réir mar a bheadh an cluiche ag dul ar aghaidh go mbeimis ag fáil níos láidre agus níos láidre.”

Beidh bainisteoir na Ríochta ag súil aige go gcoinneoidh siad orthu ag dul ó neart go neart amárach.

Fág freagra ar 'Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag súil le ceann den bheagán corn nach bhfuil acu a bhuachan amárach'