POBALBHREITH VÓTA 2016/ GAILLIMH THIAR: Ó Clochartaigh, Connolly agus Grealish san iomaíocht do dhá shuíochán

Agus 11% den vóta aige, tá Trevor Ó Clochartaigh chun tosaigh ar na neamhspleáigh Catherine Connolly (8%) agus agus Noel Grealish (7%)

Galway Candidates

Beidh Éamon Ó Cuív (FF), Seán Kyne (FG) agus John O’Mahony (FG) ag filleadh ar an Dáil agus beidh sé ina chogadh dearg don dá shuíochán dheireanacha i nGaillimh Thiar, de réir na pobalbhreithe is déanaí ó TG4.

De réir na pobalbhreithe a dhein IPSOS/MRBI don chlár Vóta 2016, chaillfeadh an Teachta Dála ó Pháirtí an Lucht Oibre Derek Nolan a shuíochán agus gan aige ach 6% den vóta.

Idir Trevor Ó Clochartaigh (SF) agus na neamhspleáigh – an Teachta Dála Noel Grealish agus Catherine Connolly – a bheadh sé don dá shuíochán dheireanacha.

Agus 11% den vóta aige, tá Ó Clochartaigh chun tosaigh ar Connolly (8%) agus Grealish (7%) agus d’fhéadfadh sé an ceathrú suíochán a bhuachan ach dóthain aistrithe a fháil ó Derek Nolan agus na hiarrthóirí eile a dhíbreofar ón rás go luath sa chomhaireamh.

Mar a bhíonn de ghnáth, bhí cath crua géar sa dáilcheantar cúig shuíochán seo in Olltoghchán 2011 agus gan ach bearna 3,000 vóta idir an seachtar ab airde ar an liosta ag an gcéad chomhaireamh.

I bhfianaise phobalbhreith TG4 beidh iomaíocht ghéar arís ann i mbliana agus cuid de dheisceart Mhaigh Eo aistrithe isteach sa dáilcheantar nua ina bhfuil 20 iarrthóir ag seasamh.

An Teachta Dála Éamon Ó Cuív agus an Teachta Dála Seán Kyne atá ag barr an liosta de réir na pobalbhreithe agus 13% an duine den vóta acu. Sa dara háit, tá an sciar céanna den vóta – 11% – ag Ó Clochartaigh agus John O’Mahony ó Fhine Gael, an t-iarbhainisteoir peile atá ina Theachta Dála do Mhaigh Eo ó 2007.

Ina ndiaidh sin tá Catherine Connolly (Nspl), a bhfuil 8% den vóta aici agus Noel Grealish (Nspl) a bhfuil 7% den vóta aige. Cúis iontais is ea é Noel Grealish a bheith chomh híseal sin agus mórán daoine ag déanamh talamh slán de go bhfaigheadh sé suíochán. Tá Grealish ina Theachta Dála ó 2002 agus d’éirigh leis an ceathrú suíochán a bhuachan i 2011 agus 10.3% den vóta aige.

Tá 6% den vóta ag Hildegarde Naughton ó Fhine Gael agus 4% an duine atá ag an mbeirt iarrthóirí eile ag Fianna Fáil, John Connolly agus Mary Hoade.

Cé nach mbeadh aon seans aige ar shuíochán bunaithe ar na figiúirí seo, tá Niall Ó Tuathail, an t-iarrthóir óg ó na Daonlathaigh Shóisialacha, ag cruthú go maith agus 6% den vóta aige.

De réir phobalbhreith Vóta 2016, níl mórán d’athrú tagtha ar vóta Fhianna Fáil ná ar vóta Fhine Gael i nGaillimh Thiar ó Olltoghchán 2011.

21% a thugtar d’Fhianna Fáil sa phobalbhreith is déanaí seo ó TG4, an céatadán céanna a fuair an páirtí i 2011 agus 30% atá ag Fine Gael, an céatadán céanna a bhí acu siúd in 2011.

Bunaithe ar na figiúirí seo, tá an chuma ar an scéal go mbuafaidh Fine Gael an athuair an dá shuíochán atá acu sa dáilcheantar.

Dealraíonn sé go bhfuil méadú mór tagtha ar vóta Shinn Féin agus Trevor Uí Chlochartaigh. 6.28% den vóta céad rogha a bhí ag Sinn Féin in 2011 agus 11% atá anois acu, rud a thabharfadh seans mór ar shuíochán don Seanadóir as an gCeathrú Rua. A mhalairt de scéal atá ann do Pháirtí an Lucht Oibre agus Derek Nolan. Ba ag Nolan a bhí an líon ab airde de vótaí céad rogha i 2011 nuair a bhuaigh sé an dara suíochán. Os cionn 12% den vóta a bhí ag Páirtí an Lucht Oibre i 2011 agus gan ach 6% acu i bpobalbhreith TG4.

Torthaí Phobalbhreith TG4

Tacaíocht do Pháirtithe (vótaí céad rogha)

Graph galway

Tacaíocht d’iarrthóirí (vótaí céad rogha)

Éamon Ó Cuív (Fianna Fáil)  13%

Seán Kyne (Fine Gael)  13%

John O’Mahony (Fine Gael)  11%

Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Féin)  11%

Catherine Connolly  (Neamhspleách)  8%

Noel Grealish (Neamhspleách)  7%

Hildegarde Naughton (Fine Gael)  6%

Derek Nolan (Lucht Oibre)  6%

Niall Ó Tuathail (Social Democrats)  6%

Mary Hoade (Fianna Fáil)  4%

John Connolly  (Fianna Fáil)  4%

Fidelma Healy Eames (Neamhspleách)  3%

Nicola Daveron  (Renua)  2%

Mike Cubbard (Neamhspleách)  2%

Seamus Sheridan  (Comhaontas Glas)  2%

Tommy Holohan  (AAA-PBP)  2%

(1% eatarthu a bhí ag an gceathrar iarrthóirí eile atá ar an bpáipéar ballóide sa dáilcheantar seo)

Fág freagra ar 'POBALBHREITH VÓTA 2016/ GAILLIMH THIAR: Ó Clochartaigh, Connolly agus Grealish san iomaíocht do dhá shuíochán'