POBALBHREITH TUAIRISC.IE: Éire ‘aontaithe’ faoi Donald Trump de réir pobalbhreith Thuaidh/Theas

POBALBHREITH Tuairisc.ie/Kantar-Millward Brown: Tá níos lú tacaíochta ag Hilary Clinton ó thuaidh agus níos mó tacaíochta ag Donald Trump i measc phobal an Tuaiscirt, ach is beag cion atá ag daoine ar cheachtar taobh den teorainn ar an iarrthóir Poblachtánach

POBALBHREITH TUAIRISC.IE: Éire ‘aontaithe’ faoi Donald Trump de réir pobalbhreith Thuaidh/Theas

Tá muintir na hÉireann ar an dá thaobh den teorainn aontaithe faoi rud amháin ar a laghad – níor mhaith leo go mbeadh Donald Trump ina Uachtarán ar Mheiriceá.

De réir pobalbhreith Thuaidh/Theas a rinne Tuairisc.ie i gcomhar le Kantar/Millward Brown, b’fhearr le daoine ar an dá thaobh den teorainn go mbeadh an lá le Hilary Clinton i dtoghchán Uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá an mhí seo chugainn.

Cé go bhfuil níos lú tacaíochta ag Hilary Clinton ó thuaidh agus níos mó tacaíochta ag Donald Trump i measc phobal an Tuaiscirt, is beag cion atá ag daoine ar cheachtar taobh den teorainn ar an iarrthóir Poblachtánach.

Ní dúirt ach 6% de na daoine a ceistíodh ó dheas gurbh fhearr leo go mbeadh Donald Trump ina uachtarán, agus 11% de na daoine a ceistíodh ó thuaidh a dúirt amhlaidh.

Clinton-Trump-Graph

Dúirt 63% de na daoine ó dheas gurbh fhearr leo go seolfaí Hilary Clinton go dtí an Teach Bán ar an 8 Samhain. 47% de dhaoine a thacaigh le Clinton ó thuaidh, mar a raibh níos mó daoine a thug le fios nár mhaith leo Trump ná Clinton a fheiscint sa Teach Bán. 31% díobh siúd a ceistíodh ó thuaidh, a dúirt nár mhaith leo go mbeadh ceachtar den bheirt iarrthóirí ina Uachtarán, i gcomparáid le 23% ó dheas.


Éire Thuaidh/Theastrumpclinton

Hilary Clinton c58%

Donald Trump c8%

Ceachtar acu c25%

Gan tuairim  c9%

(ualaithe chun daonra níos airde an deiscirt a aithint)


Deineadh an obair thaighde do phobalbhreith Tuairisc.ie/Kantar Millward Brown idir an 8 agus an 20 Deireadh Fómhair ó dheas agus idir an 4 agus an 24 Deireadh Fómhair ó thuaidh.

Cuireadh 1,024 agallamh pearsanta ar na rannpháirtithe in 64 áit samplála ar fud Phoblacht na hÉireann agus 1,012 agallamh a bhí i gceist in 60 áit samplála i dTuaisceart Éireann.

Cuireadh agallamh pearsanta ar na rannpháirtithe sa bhaile agus deineadh an phobalbhreith le sampla ionadaíoch i measc daoine 15+ bliain d’aois ó dheas agus daoine 16+ bliain d’aois ó thuaidh.

+/-3.1% an lamháil earráide don phobalbhreith seo.

Foilseofar tuilleadh torthaí ó phobalbhreith Tuairisc.ie/KANTAR-Millward Brown an tseachtain seo chugainn.

Fág freagra ar 'POBALBHREITH TUAIRISC.IE: Éire ‘aontaithe’ faoi Donald Trump de réir pobalbhreith Thuaidh/Theas'