POBALBHREITH TUAIRISC.IE: ‘Déanfar botúin ré an Tíogair Cheiltigh arís’ a deir os cionn leath den phobal

I bhfianaise pobalbhreith náisiúnta a rinne an comhlacht Kantar Millward Brown ar son Tuairisc.ie, is beag muinín atá ag muintir na hÉireann go fóill nach ar bhealach ár n-aimhleasa atáimid arís ó thaobh na heacnamaíochta

POBALBHREITH TUAIRISC.IE: ‘Déanfar botúin ré an Tíogair Cheiltigh arís’ a deir os cionn leath den phobal

Creideann os cionn leath den phobal i gcónaí go bhfuil sé i ndán dúinn na botúin eacnamaíochta chéanna a rinneamar le linn ré an Tíogair Cheiltigh a dhéanamh arís.

I bhfianaise pobalbhreith náisiúnta a rinne an comhlacht Kantar Millward Brown ar son Tuairisc.ie, is beag muinín atá ag muintir na hÉireann go fóill nach ar bhealach ár n-aimhleasa atáimid arís ó thaobh na heacnamaíochta de.

Dúirt 51% díobh siúd a ceistíodh mar chuid de phobalbhreith Tuairisc.ie/Kantar Millward Brown go bhfuil sé sa chinniúint dúinn go ndéanfaimis na botúin chéanna ba chúis leis an ngéarchéim eacnamaíochta arís.

Léiríonn torthaí na pobalbhreithe seo go bhfuil daoine éirithe ábhairín níos dóchasaí faoin ábhar seo ó cuireadh an cheist chéanna i bpobalbhreith a dhein Millward Brown do Tuairisc.ie cothrom an ama seo dhá bhliain ó shin.

An uair sin in 2014, chreid 59% díobh siúd a ceistíodh go ndéanfaimis na botúin chéanna a deineadh le linn ré an Tíogair Cheiltigh.

Sa phobalbhreith is déanaí seo, ní chreideann ach 19% de na rannpháirtithe nach ndéanfaimis na botúin sin, i gcomparáid le 18% in 2014. 

Celtic-Tiger-Graph-Pobalbhreith-2016

Bhí 30% de na daoine a ceistíodh nár nocht tuairim nó a bhí idir dhá chomhairle faoin scéal, i gcomparáid le 23% in 2014. 

Screen Shot 2016-10-30 at 16.09.04Deineadh an obair thaighde do phobalbhreith Tuairisc.ie/Kantar Millward Brown idir an 8 agus an 20 Deireadh Fómhair agus cuireadh 1,024 agallamh pearsanta ar na rannpháirtithe in 64 áit samplála ar fud Phoblacht na hÉireann. 

Cuireadh agallamh pearsanta ar na rannpháirtithe sa bhaile agus deineadh an phobalbhreith le sampla ionadaíoch i measc daoine 15+ bliain d’aois.

+/-3.1% an lamháil earráide don phobalbhreith seo.

Foilseofar tuilleadh torthaí ó phobalbhreith Tuairisc.ie/KANTAR-Millward Brown sna laethanta amach romhainn.

Fág freagra ar 'POBALBHREITH TUAIRISC.IE: ‘Déanfar botúin ré an Tíogair Cheiltigh arís’ a deir os cionn leath den phobal'

  • Éadóchasach

    ‘Déanfar’? Táid á ndéanamh cheana féin agus táim cinnte go mbeidh an chuid is mó dínn níos measa astu ná mar a bhíomar an chéad uair…