POBALBHREITH TG4: 75% de mhuintir Chiarraí den tuairim go bhfuil cúrsaí sábháilteachta imithe in olcas

De réir phobalbhreith nua TG4/MRBI, thug 64% de phobal Chiarraí le fios go raibh sé tugtha faoi deara acu le roinnt blianta anuas go raibh laghdú ann ar líon na nGardaí a bhíonn ar dualgas ina gceantair féin

Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland
Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

Dar le 75% de mhuintir Chiarraí go bhfuil cúrsaí sábháilteachta imithe in olcas sna ceantair a bhfuil cónaí orthu toisc níos lú Gardaí a bheith ar dualgas iontu.

De réir phobalbhreith nua TG4/MRBI, thug 64% de phobal Chiarraí le fios go raibh sé tugtha faoi deara acu le roinnt blianta anuas go raibh laghdú ann sna seirbhísí slándála a bhí ar fáil ina gceantar féin.

Idir an dá linn, tá beagnach 40% de thoghlach Chiarraí ‘míshásta’ le caighdeán na seirbhíse leathanbhanda sa dáilcheantar, de réir na pobalbhrithe nua. Thug 25% eile le fios go raibh siad ‘an-mhíshásta’ le caighdeán na seirbhíse sa dáilcheantar.

fibre Optic Boradban

Bhí an céatadán ní b’airde arís nuair a díríodh ar dhaoine a bhí idir 45 agus 54 bliain d’aois. Dúirt 50% den aoisghrúpa sin go raibh siad ‘míshásta’ le cúrsaí leathanbhanda i gCiarraí agus thug 33% le fios go raibh siad ‘an-mhíshásta’.

Thug 87% díobh siúd a ceistíodh le fios go raibh tábhacht mhór ag baint le cúrsaí sláinte san olltoghchán. Bhí an céatadán sin ní b’airde fós i measc na mban.

Mheas móramh an phobail chomh maith go raibh tábhacht san olltoghchán le cúrsaí fostaíochta (84%), cúrsaí coiriúlachta (64%) agus cúrsaí cánach (60%).

Bhí an t-aos óg beagáinín níos dóchasaí maidir le cúrsaí eisimirce agus cúrsaí eacnamaíochta. Dúirt 20% acu sin idir 18 agus 34 bliain d’aois go raibh dóthain bisigh tagtha ar chúrsaí eacnamaíochta i gCiarraí faoi láthair chun daoine a chuaigh ar imirce le linn an chúlú eacnamaíochta a mhealladh abhaile. Dúirt 92% de dhaoine idir 35 agus 54 bliain d’aois nach amhlaidh a bhí.

I measc lucht tacaíochta na bpáirtithe polaitíochta, ba iad lucht vótála Fhine Gael ba mhó a d’aontaigh leis an ráiteas go raibh cúrsaí eacnamaíochta ‘sách maith’ i gCiarraí go dtiocfadh daoine abhaile, ach, mar sin féin, ní raibh ach 21% de lucht vótála Fhine Gael den tuairim sin.

Ba iad lucht vótála Shinn Féin ba mhó (92%) a dúirt nach raibh an geilleagar slán a dhóthain fós chuige sin.

Fág freagra ar 'POBALBHREITH TG4: 75% de mhuintir Chiarraí den tuairim go bhfuil cúrsaí sábháilteachta imithe in olcas'