Pobalbhreith ó chuntas aontachtach ar Twitter bainte anuas i ndiaidh léiriú tacaíochta láidir d’Acht Gaeilge

Chuir an cuntas @NIinUnion ceist ar a 880 leantóir faoin Acht Gaeilge don Tuaisceart atá á phlé faoi láthair. Scriosadh an phobalbhreith nuair ba léir gur ar son an Achta a bhí na torthaí ag dul

Pobalbhreith ó chuntas aontachtach ar Twitter bainte anuas i ndiaidh léiriú tacaíochta láidir d’Acht Gaeilge

Tá taitneamh á bhaint ag cainteoirí Gaeilge ar an suíomh meán sóisialta Twitter inniu as an scéal gur bheartaigh cuntas a scaipeann tuairimí aontachtacha faoin Tuaisceart pobalbhreith dá chuid féin faoi cheist an Achta Gaeilge ó thuaidh a bhaint anuas ón suíomh nuair nach bhfuarthas an freagra ‘ceart’ ar an gceist a cuireadh.

Is cuntas an-nua é @NIinUnion a cláraíodh le Twitter i mí Mhárta na bliana seo — aimsir thoghchán Stormont, agus ó shin i leith tá tuairimí frithnáisiúnacha agus aontachacha á scaipeadh aige.

Chuir an cuntas pobalbhreith amach dá 884 leantóir ar Twitter Dé Sathairn seo caite ag fiafraí díobh cé acu an dtacaíonn nó nach dtacaíonn siad le hAcht Teanga don Ghaeilge amháin ó thuaidh, agus d’iarr orthu é an phobalbhreith a scaipeadh.

“R/T Should Irish language speakers who fully understand English have a statutory right to access public services in Irish at public expense?” a fiafraíodh.

Socraíodh go mbeadh an phobalbhreith ar siúl ar feadh seachtaine nó mar sin agus bhí an chosúlacht ar an scéal ar feadh tamaill gur freagra diúltach a thabharfadh an móramh ar an gceist.

Chuir @NIinUnion giolc eile amach i lár na seachtaine seo ag maíomh go raibh “an lámh in uachtar againn” agus gur theastaigh uathu an bua sin a dhaingniú le tuilleadh vótaí “no”.

Chas an taoille ansin áfach agus faoin am ar chinn an cuntas an phobalbhreith a scriosadh bhí 56% den 1,400 vóta a caitheadh i bhfabhar Acht Gaeilge don Tuaisceart.

Is mór an méid é 1,400 vóta do phobalbhreith ó chuntas nach bhfuil 1,000 leantóir aige agus dúirt @NIinUnion gur cuireadh an phobalbhreith ó mhaith nuair a thosaigh “eachtrannaigh as Éirinn” ag cur a ladar sa scéal.

Dúradh freisin nach raibh aon “phobalbhreith cheart” ann seachas an Daonáireamh a rinneadh in 2011, a léirigh, dar leis an gcuntas, nach bhfuil aon ghá le hAcht Gaeilge ó thuaidh.

Tagann torthaí na pobalbhreithe a rinneadh nuair a scriosadh an giolc nach mór leis na torthaí a bhíonn ar a leithéid de cheist nuair a chuirtear mar chuid de shuirbhé ceart eolaíoch í — beagán níos mó ná 50% ag tacú le cearta teanga.

Tá ceap magaidh déanta ag cainteoirí Gaeilge agus ag úsáideoirí eile a thacaíonn leis an Acht Gaeilge don Tuaisceart don chuntas ó baineadh an phobalbhreith anuas, Linda Ervine ina measc:

Ó shin, tá cuntas oifigiúil Chonradh an Gaeilge, @cnag, i mbun díospóireachta leis an gcuntas aontachtach faoin ngá atá ann d’Acht Teanga don Ghaeilge amháin ó thuaidh agus faoin nGaeilge trí chéile.

Áiríonn @NIinUnion ceannaire an DUP, Arlene Foster, i measc a leantóirí ar Twitter chomh maith le roinnt mhaith baill tofa de chuid an pháirtí.