POBALBHREITH DÍREACH TAR ÉIS VÓTÁLA: Titim thubaisteach ar thacaíocht pháirtithe an chomhrialtais agus teacht aniar déanta ag FF

33.9% an sciar den vóta atá ag páirtithe an chomhrialtais le chéile de réir phobalbhreith an Irish Times, céatadán níos lú de vótaí céad rogha ná mar a bhí ag Fine Gael féin in 2011

Toghchán Strap

Pictiúr: Leah Farrell/Photocall Ireland
Pictiúr: Leah Farrell/Photocall Ireland

Tá titim mhór tagtha ar thacaíocht pháirtithe an chomhrialtais de réir phobalbhreith a dhein an Irish Times tar éis na vótála in Olltoghchán 2016.

33.9% an sciar den vóta atá ag páirtithe an chomhrialtais le chéile de réir na pobalbhreithe, céatadán níos lú de vótaí céad rogha ná mar a bhí ag Fine Gael féin in 2011.

26.1% den vóta atá ag Fine Gael sa phobalbhreith seo agus gan ag Páirtí an Lucht Oibre ach 7.8%.

De réir na pobalbhreithe, tá teacht aniar déanta ag Fianna Fáil ó deineadh scrios ar an bpáirtí sin in 2011 agus tá an bhearna idir iad féin agus Fine Gael laghdaithe go mór.

22.9% den vóta atá ag Fianna Fáil de réir ‘exit poll’ an Irish Times rud a fhágann nach bhfuil ach trí phointe céatadáin idir an dá pháirtí is mó sa tír.

36.1% an sciar den vóta a bhí ag Fine Gael in Olltoghchán 2011 agus gan ag Fianna Fáil ach 17.5%.

Is cosúil nár éirigh chomh maith le Sinn Féin is a tugadh le fios sna pobalbhreitheanna le roinnt blianta anuas, ach tá dul chun cinn déanta acu ó 2011 agus ba chóir go gcuirfidís go mór le líon na suíochán Dála atá acu agus 14.9% den vóta ag an bpáirtí de réir na pobalbhreithe.

Mar a bhí á thuar le tamall, tá an chuma ar an scéal go raibh drochlá ceart inniu ag Páirtí an Lucht Oibre agus go gcaillfidh siad go leor suíochán sna laethanta amach romhainn. 7.8% den vóta atá ag Páirtí an Lucht Oibre a raibh 19.5% den vóta acu in 2011.

16.1% den vóta a fuair iarrthóirí neamhspleácha, de réir na pobalbhreithe. 3.6% den vóta atá ag an AAA/PBP, 3.5% den vóta atá ag an gComhaontas Glas agus 2.8% atá ag na Daonlathaigh Shóisialacha. 2.3% atá ag Renua de réir na pobalbhreithe.

 

Fág freagra ar 'POBALBHREITH DÍREACH TAR ÉIS VÓTÁLA: Titim thubaisteach ar thacaíocht pháirtithe an chomhrialtais agus teacht aniar déanta ag FF'