Pobal na teanga go mór in amhras faoi chur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain na Gaeilge – tuairisc nua

Tugtar le fios i dtuairisc nua de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge go bhfuil ‘míshástacht’ agus ‘doiléire’ i measc an phobail maidir le Straitéis 20 Bliain na Gaeilge

Pobal na teanga go mór in amhras faoi chur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain na Gaeilge – tuairisc nua

Tá pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta go mór in amhras faoi Straitéis 20 Bliain na Gaeilge agus iad buartha go háirithe nach bhfuil dóthain maoirseachta ná anailíse á déanamh ar a cur i bhfeidhm.

Is téama coitianta easpa muiníne an phobail i struchtúir na Straitéise i dtuairisc a chuir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i dtoll a chéile do Roinn na Gaeltachta. Tá an cháipéis seo, a bhfuil cóip di feicthe ag Tuairisc.ie, bunaithe ar thuairimí a léirigh an pobal faoin Straitéis ag sraith cruinnithe poiblí a d’eagraigh Roinn na Gaeltachta agus ar 89 aighneacht a fuarthas ón bpobal.

Tá moltaí maidir leis na tosaíochtaí don Straitéis sa tréimhse amach romhainn ar fáil i dtuairisc an Acadaimh chomh maith, agus na moltaí sin bunaithe ar thuairimí an phobail.

Mhaígh grúpa oibre amháin a ghlac páirt sa chruinniú a eagraíodh i mBaile Átha Cliath mar chuid den phróiseas comhairliúcháin go raibh “an-obair ar siúl” ach gur “obair í seo a bhí ar siúl cheana féin” agus ní mar thoradh ar an Straitéis.

Mhaígh an grúpa ar leagadh an cúram orthu cur i bhfeidhm na straitéise a phlé ag an mórchruinniú i mBaile Átha Cliath go raibh “géarghá an Straitéis a chur i bhfeidhm ar bhonn gníomhach” agus gur gá córas measúnaithe a thabhairt isteach leis an obair atá á déanamh neamhspleách ar an Straitéis a dhealú ó obair na Straitéise féin.

Tuairiscítear i gcáipéis an Acadaimh gur tugadh le fios i roinnt de na haighneachtaí faoin straitéis a cuireadh faoi bhráid na Roinne gur “constaic shuntasach” ar chur i bhfeidhm na straitéise an “easpa maoirseachta agus tuairiscithe” a bhaineann leis an gcúram.

Tugtar le fios sna haighneachtaí céanna go bhfuil “doiléire” i measc an phobail maidir le feidhmiú na straitéise.

“Go deimhin, áirítear i líon suntasach aighneachtaí go seasann an easpa tuairiscithe seo sa bhealach go hiomlán ar aon phróiseas athbhreithnithe a bhaineann leis an Straitéis féin, an díospóireacht oscailte san áireamh,” a deirtear i dtuairisc an Acadaimh.

Maítear chomh maith nach léir don phobal go bhfuil “ionadaíocht” acu féin i “struchtúir” na Straitéise.

Tugtar le fios sna haighneachtaí go bhfuil baill den phobal “míshásta” le “struchtúir fheidhmithe” na Straitéise agus “an bhearna atá idir na struchtúir a moladh sa Straitéis féin agus an doiléire a bhaineann leis na struchtúir sin i láthair na huaire”.

De réir na n-aighneachtaí, a ndearna an tAcadamh scagadh orthu, tá “easpa ceannaireachta sa phróiseas” ar cheann “de na constaicí is mó a sheasann sa bhealach ar fheidhmiú na Straitéise”. Luadh go sonrach leis an easpa ceannaireachta sin an scéal nach bhfuil Aire sinsearach ann a bhfuil cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta air.

Dar leis an ngrúpa a phléigh le feidhmiú na Straitéise ag an gcruinniú a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath “gur deacair dul chun cinn  Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, 2010 – 2030 a scagadh in éagmais anailíse ar dhul chun cinn na Straitéise”.

“Dúshlán eile a bhaineann leis seo an easpa dátaí atá luaite leis an Straitéis mar aon le heaspa córais tuairiscithe poiblí leis na grúpaí úd a bhfuil spriocanna sonracha luaite leo,” a deirtear.

Bunaithe ar thuairimí sin an phobail, moltar i dtuairisc an Acadaimh go mba “inmhianaithe go mbunófaí córas sásúil agus éifeachtach tuairiscithe ar obair na ngrúpaí agus na gcoistí éagsúla a chuimsítear i struchtúir fheidhmithe na Straitéise”.

Moltar go gcuimseodh an córas tuairiscithe “beartais atá curtha i gcrích, dul chun cinn ar spriocanna eile, an obair reatha agus spriocanna gnímh don ghearrthréimhse, don mheántréimhse agus don fhadtréimhse”.

Moltar chomh maith go mbeadh “amscála soiléir agus sprioc ama luaite le gach gníomh”.

Agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge cúig bliana ar an bhfód ag deireadh na bliana 2015, lorg Roinn na Gaeltachta aighneachtaí scríofa ón bpobal agus reáchtáladh sraith cruinnithe poiblí chun tuairimí an phobail i leith na Straitéise a mheas.

Reáchtáladh trí chruinniú le tuairimí phobal na Gaeltachta faoin Straitéis a fháil, ceann in Indreabhán, ceann i gCill Airne agus ceann i nGaoth Dobhair. Reáchtáladh ‘cruinniú mullaigh’ i mBaile Átha Cliath ag ar phléigh grúpaí éagsúla saincheisteanna éagsúla maidir leis an Straitéis.

Is i Meitheamh na bliana seo caite a cuireadh tuairisc an Acadaimh faoin díospóireacht sin faoi bhráid na Roinne.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur pléadh an tuairisc, An Díospóireacht Oscailte ar Pholasaí faoin Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, 2010 – 2030, Príomhthosaíochtaí Straitéiseacha, ag cruinniú de Choiste Comhairleach Straitéis 20 Bliain na Gaeilge coicís ó shin.

Tuigtear gur thug Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, Aodhán Mac Cormaic le fios ag an gcruinniú sin go bhfuil sé i gceist ag an Roinn plean gnímh nua a chur i dtoll a chéile don Straitéis bunaithe ar na tuairimí a tháinig chun tosaigh le linn na díospóireachta poiblí in 2015 agus ar thuairimí an choiste ar a bhfuil ionadaithe ó mhóreagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta. Thug Stiúrthóir na Gaeilge le fios go mbeadh spriocamanna agus freagrachtaí soiléire luaite leis an bplean gnímh nua.