‘Pobal ag Tras-scríobh’ – cúnamh á lorg ag Dúchas.ie

Tá Dúchas.ie ag iarraidh ar an bpobal trascríobh a dhéanamh ar bhonn deonach ar ábhar Gaeltachta an tsuímh. Beifear in ann téacs an ábhair trascríofa a chuardach ina iomláine nuair a bheas an obair curtha i gcrích.

typing-296047_640

Dúchas 2

Tá cuireadh tugtha ag Dúchas.ie d’úsáideoirí an tsuímh páirt a ghlacadh i dtogra nua darb ainm Meitheal Dúchas.ieTáthar ag iarraidh ar an bpobal tras-scríobh a dhéanamh ar na scéalta a bailíodh sna ceantair Ghaeltachta mar chuid de Bhailiúchán na Scol sna 1930idí.

Tá leagan digitithe den ábhar ar fáil saor in aisce ar Dúchas.ie ach ní féidir téacs an ábhair a chuardach ar an suíomh mar ní fheictear leathanaigh an bhailiúcháin ach mar íomhánna i láthair na huaire.

Nuair a bheas an obair seo curtha i gcrích, áfach, beifear in ann téacs na scéalta tras-scríofa a chuardach ina iomláine. Go dtí seo, bhí áis chuardaigh an tsuímh teoranta go teideal an scéil, údair an scéil agus an scoil ar bailíodh an scéal inti. Tá sé i gceist anois go mbeifear in ann focail a chuardach sna scéalta.

Táthar ag súil go gcuirfear an togra seo ábhar Gaeltachta an Bhailiúcháin chun tosaigh.

Tá an cur chuige seo in úsáid cheana féin ag an togra Letters 1916.  Tá na céadta litir a bhain le tréimhse chorrach an Éirí Amach tras-scríofa go deonach ag an bpobal. Tugtar ‘trascríobh sluafhoinsithe’ ar an modh oibre seo. Beidh Meitheal Dúchas.ie ag obair as láimh a chéile chun an trascríobh a dhéanamh agus beifear in ann gnéithe de a phlé ar na meáin shóisialta.

Tá 41,926 leathanach le trascríobh ar an suíomh agus feicfear an dul chun chinn atá déanta ar leathanach baile na Meithle.

Fág freagra ar '‘Pobal ag Tras-scríobh’ – cúnamh á lorg ag Dúchas.ie'

  • Tomáisín

    is sinn chomh bocht le bairnigh, scríbhneoireacht na gaeilge ag titim as a chéile gan fhostaíocht…. canathaobh ná gearann siad pá ar a leithéid de shaothair? bheadh go Gaeil óga abhus ríméadach le taithí oibre mar seo agus teacht isteach éigin dá bharr.. meitheal… a oiread lem thún.