Pobal ag impí ar an Aire Ní Chuilín ‘beart de réir briathar a dhéanamh’ ar son Acht Teanga

Beidh le feiceáil go luath cé acu an bhfuil comhthuiscint bainte amach ag Carál Ní Chuilín leis na hAontachtaithe nó nach bhfuil, a deir Janet Muller

J Muller

Deir Janet Muller, Stiúrthóir POBAL, an t-eagras abhcóideachta, nach bhfuil ach roinnt seachtainí fágtha ag Aire na Roinne Cultúir, Carál Ní Chuilín le “beart de réir briathar a dhéanamh” ar son Acht Teanga don tuaisceart.

Bhí Muller ag tagairt don scéal go raibh beagnach gach aighneacht a seoladh chuig lucht an phróisis comhairliúcháin faoin Acht – Tograí faoi choinne Bille Gaeilge/Proposals for an Irish Language Bill – i bhfách le reachtaíocht teanga a thabhairt isteach.

“Agus muid ag dúil le toghchán faoi mhí na Bealtaine, beidh le feiceáil go luath cé acu an bhfuil chomhthuiscint bainte amach ag Carál Ní Chuilín leis na hAontachtaithe nó nach bhfuil.

“Mura bhfuil, titfidh na moltaí ag leibhéal an tionóil, agus ní bheidh pobal na Gaeilge mórán níos faide chun tosaigh ná mar a bhí nuair a chuaigh rialtas na Breataine siar ar ghealltanas Chill Rímhinn i 2006,” a dúirt Janet Muller.

Dúirt Stiúrthóir POBAL “gurb iad na Sé Chontae an t-aon áit ar na hoileáin seo nach bhfuil cosaint reachtaíochta i bhfeidhm cheana féin don phríomhtheanga dhúchasach”.

Dúirt sí nár mhór na páirtithe ar fad sa tionól a ghríosadh chun tacú le hAcht láidir cuimsitheach “agus iarraidh ar Westminster é a thabhairt isteach taobh istigh d’achar ama aontaithe”.

An tseachtain seo caite, d’fhoilsigh an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta (RCEF) torthaí an phróisis chomhairliúcháin agus ba léir arís an tacaíocht ollmhór d’Acht Gaeilge sna Sé Chontae.

Fuair RCEF 12,911 freagra mar chuid den phróiseas comhairliúcháin ó eagraíochtaí agus ó dhaoine aonair. Bhí 94.7% (12,233 acu) de na freagraí i bhfách le reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach agus chuir 5.3% (678) ina héadan.

Sa cháipéis chomhairliúcháin, fiafraíodh de dhaoine an dtacóidís le moltaí maidir le Bille Gaeilge a thabharfadh aghaidh ar naoi réimse: go dtabharfaí stádas oifigiúil don Ghaeilge; an Ghaeilge sna Cúirteanna; an Ghaeilge sa Tionól, ceist an Choimisinéara Teanga; an Ghaeilge agus comhlachtaí poiblí; scéimeanna teanga; limistéir Ghaeltachta; logainmneacha; agus an Ghaeilge i gcúrsaí oideachais.

Bhí dearcadh dearfach ag formhór na ndaoine i leith na teanga i ngach ceann de na réimsí sin. Mar shampla, bhí 95.3% díobh siúd a thug freagra i bhfách le stádas oifigiúil don Ghaeilge, bhí 95.4% i bhfabhar Choimisinéir Teanga, agus bhí 96.4% ar son an Ghaeloideachais.

I measc na bpríomhthéamaí a d’eascair as na haighneachtaí ar son na Gaeilge, bhí an tacaíocht a léiríodh cheana sa dá bhabhta comhairliúcháin a bhí ann roimhe seo i 2006/7 agus i 2012; oibleagáidí idirnáisiúnta i leith teangacha mionlacha ach mheas daoine eile nach ndeachthas fada go leor leis na tograí.

Mar shampla, mhol roinnt freagróirí, mura dtig leis an fheidhmeannas agus an tionól teacht ar chomhaontú faoi reachtaíocht Ghaeilge, gur chóir do rialtas na Breataine an tiomantas a thug sé i gComhaontú Chill Rímhinn i 2006 a chomhlíonadh agus Acht na Gaeilge a thabhairt isteach.

I measc na n-argóintí in éadan na reachtaíochta Gaeilge, bhí an dearcadh ann go raibh ‘páirtithe náisiúnacha’, Sinn Féin go háirithe, ‘ag déanamh rud polaitiúil den Ghaeilge’ agus go mbeadh Acht Gaeilge ina ‘ábhar scoilte’ i measc an phobail.

Mheas cuid eile gur ‘teanga mharbh’ í an Ghaeilge.

Dúirt Aire na Roinne Cultúir, Carál Ní Chuilín, nach raibh dáta socraithe le go gcuirfí moltaí na Roinne faoi bhráid an fheidhmeannais.

Is féidir an tuarascáil a léamh ina iomláine anseo.

 

Fág freagra ar 'Pobal ag impí ar an Aire Ní Chuilín ‘beart de réir briathar a dhéanamh’ ar son Acht Teanga'