‘Pluais Dragain’ in Árainn le cur ar ceant ar mhaithe le daoine gan dídean

Tá an fiontraí aitheanta Barry O’Sullivan ag cur a theach sé sheomra in Inis Mór ar ceant an bronnfar gach uile phingin a fhaigheann sé ar eagraíochtaí a bhíonn ag obair leis an bpobal gan dídean i nGaillimh

‘Pluais Dragain’ in Árainn le cur ar ceant ar mhaithe le daoine gan dídean

Tá ‘Dragon’ ón gclár teilifíse Dragon’s Den ar RTÉ lena theach in Árainn a chur ar ceant an mhí seo chugainn i gcathair na Gaillimhe ar mhaithe leis na heagraíochtaí carthanachta Focus Ireland agus Cope.

Is leis an bhfiontraí Barry O’Sullivan, Príomhfheidhmeannach Altocloud, an teach sé sheomra in Inis Mór. Táthar ag súil go mbeifear in ann éarlais a chur síos ar thithe do suas le 20 teaghlach leis an airgead a thuillfear ón gceant a bheidh ar siúl ar an 16 Nollaig.

Beidh gach uile phingin, coimisiún an cheantálaí san áireamh, á thabhairt do na heagraíochtaí carthanachta, a bhíonn ag obair leis an bpobal gan dídean i nGaillimh agus ar fud na hÉireann.

“Cheannaigh mé an teach nuair a bhí sé ag barr an mhargaidh. Tá mé ag ceapadh gur íoc mé tuairim is €500,000 air agus caithfidh go ndeachaigh €250,000 eile isteach san athchóiriú.

“Is breá an teach é agus thaitin fiántas agus cultúr na n-oileán go mór liom riamh, ach táimid ag caitheamh níos mó ama anois mar theaghlach taobh amuigh de Ghaillimh, sna Stáit Aontaithe,” a dúirt O’Sullivan leis an Irish Times.

Tá na ceantálaithe ag súil le €300,000 ar a laghad ar an teach ach dúirt O’Sullivan gur “an-mhargadh” a bheadh ann don cheannaitheoir dá bhfaighfí ar an bpraghas sin é.

Dúirt an tSiúr Stanislaus Kennedy, bunaitheoir Focus Ireland, go bhféadfaí teach amháin a réiteach amach le €20,000 agus go gcabhróidh an t-airgead a gheofar ar theach an tSúilleabhánaigh in Árainn le Focus Ireland suas le 20 teaghlach a chur i dtithe.

Clúdóidh na heagraíochtaí carthanachta an chuid eile den chostas le deontais ón Stát agus le morgáistí. Fanfaidh na tithe i seilbh na n-eagraíochtaí agus beidh siad ar fáil ar cíos dóibh siúd a dteastaíonn siad uathu.

“Tá sé iontach ar fad agus thar a bheith flaithiúil. Is iontach an eiseamláir é do dhaoine eile a d’fhéadfadh an rud céanna a dhéanamh,” a dúirt tSiúr Stanislaus Kennedy.

Bhí O’Sullivan ag iarraidh an t-airgead a thabhairt do na heagraíochtaí go rúnda, ach iarradh air é a dhéanamh go poiblí le súil agus go spreagfaí daoine eile a bhfuil maoin mhór acu a mhacasamhail a dhéanamh.

Táthar ag súil go mbeidh daoine i láthair ag an gceant an mhí seo chugainn atá ar thóir margadh maith chomh maith le daoine eile a bheadh sásta cúpla pingin bhreise a chaitheamh ar mhaithe leis an gcarthanacht.

Dúirt Jacquie Horan, ceannaire Cope Galway gur “iontach an rud é” go bhfuil an teach curtha ar fáil ag O’Sullivan, atá ina chomhalta boird de chuid na heagraíochta.

“I nGaillimh faoi láthair, tá 35 teaghlach ina gcónaí i gcóiríocht éigeandála agus tá thart ar 11 teaghlach eile a dteastóidh an chóiríocht éigeandála uathu go han-luath.

“Fágann sé sin go bhfuil 46 teaghlach agus 133 gasúr atá gan dídean nó ar tí a bheith gan dídean i nGaillimh. Cabhróidh tabhartas den chineál seo go mór leis an eagraíocht s’againne,” a dúirt sí.

Fág freagra ar '‘Pluais Dragain’ in Árainn le cur ar ceant ar mhaithe le daoine gan dídean'