Pléitear sa Dáil comhaontuithe trádála an Aontais Eorpaigh

Ba chóir go dtabharfaí deis don Dáil sampla na Vallúnach a leanúint agus CETA agus TTIP a phlé

Pléitear sa Dáil comhaontuithe trádála an Aontais Eorpaigh

Tá rialtas réigiúnach sa Bheilg i ndiaidh stop a chur, is cosúil, leis an gcomhaontú trádála idir Aontas na hEorpa agus Ceanada, CETA. Agus is cosúil nach n-éireoidh ach an oiread leis an gcomhaontú leis na Stáit Aontaithe, TTIP.

De réir bhunreacht na Beilge caithfidh rialtais na Vallúnach (Fraincis), rialtas Fhlóndras (Isiltíris) agus rialtas na Bruiséile (dátheangach) tacú le haon chonradh a shíneodh an Bheilg mar stát.

Ach dhiúltaigh rialtas na Vallúnach glacadh le CETA , agus dúirt príomh-aire an cheantair sin, Paul Margette, nach bhfuil seans dá laghad go n-athródh a rialtas a thuairim. Tá go maith, ach deir Coimisiún na hEorpa go bhféadfaí mionathruithe a dhéanamh a mheallfadh na Vallúnaigh.

Cheana féin tá TTIP (an comhaontú leis na Stáit Aontaithe) i mbaol sa nGearmáin toisc go bhfuil cuid mhór de na feisirí parlaiminte ina choinne, in ainneoin (nó b’fhéidir de bharr) na rúndachta a bhaineann leis na comhaontuithe seo.
Níl leagan oifigiúil de TTIP foilsithe is níl cead ag feisirí a dtugtar cead dóibh é a fheiceáil aon rud a rá faoina bhfuil ann.
Mar sin féin, tá roinnt mhaith eolais faoin gcomhaontú seo sceite anois, agus, ar ndóigh, cuireadh CETA faoi bhráid rialtas na Vallúnach ina iomláine.

’Sé an rud is mó atá ag cur as de lucht a gcáinte faoi na comhaontuithe ná an chumhacht a thugtar do chomhlachtaí stát a thabhairt chun cúirte sa gcás go dtabharfaí isteach dlíthe nó rialacha nua ar baol iad do chumas na gcomhlachtaí brabús a dhéanamh.

Tá sampla amháin againn cheana, ar ndóigh – agus an cás idir Philip Morris, an comhlacht tobac, agus an Uragua. D’fhonn caitheamh tobac a laghdú chuir Uragua dlíthe nua sláinte i bhfeidhm ach thug Philip Morris an stát chun cúirte toisc go raibh an dlí nua ag cur isteach ar a chumas brabús a dhéanamh.

Agus tá cás den chineál céanna ar siúl ag an gcomhlacht céanna tobac san Astráil.
Tá cosaint theoranta ar a leithéid curtha isteach sna dréacht-chomhaontuithe, sa chaoi go liostáiltear na heisceachtaí a bhaineann le ceart seo na gcomhlachtaí.

Mar shampla, má tá caighdeáin áirithe sláinte leagtha síos cheana ag an Eoraip i dtaobh bia, ní féidir le comhlachtaí Meiriceánacha gearán a dhéanamh fúthu.

Ach mar atá mínithe ag an bhfeisire Eorpach Marian Harkin, níl aon chosaint i gcás rialacha nua. Má thagann sé chun solais, de bharr taighde eolaíochta, mar shampla, go bhfuil baol ag baint le próiseas táirgeachta áirithe, ní féidir an riail nua a chur leis an liosta eisceachtaí.

Tá sé seo an-tábhachtach mar tá a lán daoine san Eoraip buartha go bhfuil caighdeáin sláinte bia níos airde san Eoraip ach go bhféadfaí an caighdeán a laghdú trí na CETA agus TTIP.

Faoi láthair tá cosc san Eoraip ar bhia géinmhodhnaithe (GMF), ach má thagann leagan nua den phróiseas sin ar an saol ní bheidh ballstáit na hEorpa in ann stop a chur leis.

Seo coimriú ar na hargóintí i gcoinne na gcomhaontuithe: ní bhaineann TTIP nó CETA go príomha le táillí trádála a laghdú mar níl mórán táillí ann inniu ar aon chuma agus is é an aidhm atá leis ná deireadh a chur le rialacháin a bhaineann le trádáil agus le brabús beag beann ar chaighdeáin atá leagtha síos san Eoraip faoi láthair.

Sea, baineann na bacanna seo le rialacha timpeallachta, sláinte bhia, cearta oibrithe, agus fiú na rialacha nua a bhaineann le baincéireacht.

Mar gheall ar an rúndacht oifigiúil a bhaineann leis na comhaontuithe seo ní raibh aon phlé fúthu i nDáil Éireann – agus, má thiteann an próiseas as a chéile ar fad mar gheall ar chinneadh rialtas na Vallúnach, b’fhéidir nach bpléifí ar chor ar bith abhus iad.

Cá seasann páirtithe na hÉireann mar sin ina dtaobh?

Tá Sinn Féin go láidir ina gcoinne, agus chuige sin bíonn ról an-lárnach ag an bpáirtí, agus go háirithe ag an bhfeisire Matt Carthy, sa scéal seo i bParlaimint na hEorpa. Tá AAA/PBP, na Daonlathaigh Shóisialta, na Glasaigh, an Páirtí Cumannach agus Páirtí na nOibrithe go mór ina gcoinne freisin.

Ach tá Fine Gael ag stocaireacht go láidir ar a son, agus tá na feisirí Brian Hayes agus Deirdre Clune go mór chun tosaigh.

Tá Fianna Fáil “buartha” faoi cuid dá bhfuil sna comhaontuithe ach níl siad ag cur ina gcoinne agus is cosúil go mbeadh siad sásta glacadh leo sa deireadh. Mar a chéile atá port Pháirtí an Lucht Oibre.

Dá mbeadh vóta sa Dáil faoi seo agus dá dtacódh Fianna Fáil leis an rún, nó dá staonfaidís ó vótáil (agus tá sé deacair a shamhlú go rachadh an páirtí sin i gcoinne Choimisiún na hEorpa) bheadh an lá leis na comhaontuithe in ainneoin aon dochar do tháirgeadh bia nó do chearta oibrithe.

B’fhéidir gur cheart díospóireacht iomlán a reáchtáil i nDáil Éireann le go dtabharfadh na páirtithe ar fad soiléiriú i dtaobh cá seasann siad maidir leis an gceist seo. Ba chóir go dtabharfaí deis don Dáil sampla na Vallúnach a leanúint.

Fág freagra ar 'Pléitear sa Dáil comhaontuithe trádála an Aontais Eorpaigh'

  • Eoin Ó Murchú

    Brón orm faoin typo thuas. Magnette is cóir a bheith ann, ní Margette.